Jump to Content

Rochtain ar fhaisnéis a uasmhéadú

Ag Google, creidimid i rochtain oscailte ar fhaisnéis. Creidimid go n-oibríonn an tsochaí sa bhealach is fearr nuair a bhíonn rochtain ag daoine ar fhaisnéis ó mhórán foinsí. Sin an fáth nach mbainimid torthaí gréasáin de Cuardach, ach amháin i gcúinsí an-teoranta. Mar sin féin, nuair a cuirtear liostaí agus faisnéis eile chun tosaigh mar ghnéithe Cuardaigh, féadfaidh úsáideoirí an fhaisnéis a léirmhíniú mar fhaisnéis a bhfuil cáilíocht nó creidiúnacht níos fearr aici. Sna cásanna sin, cuirimid polasaithe níos sriantaí i bhfeidhm.

Léaráid de dhuine atá ag lorg na bplandaí tí is fearr ar Google

Polasaithe tiomanta a shainmhíniú

Léaráid de thorthaí Cuardaigh ag dul timpeall i gciorcal ar leathanach fada a léiríonn polasaithe ábhair Google

Ár bpolasaithe maidir le torthaí Gréasáin

Is éard atá i gceist le torthaí gréasáin ná leathanaigh ghréasáin, íomhánna, físeáin, ábhar nuachta nó ábhar eile a aimsíonn Google ón nGréasán ar fad. Ag teacht lenár dtiomantas rochtain ar fhaisnéis a uasmhéadú, ní bhainimid torthaí gréasáin ach amháin ar chúiseanna sonracha clúdaithe ag ár bpolasaithe ábhair foriomlána do Chuardach Google, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach páistí, faisnéis an-phearsanta, turscar, iarratais ó úinéirí suíomh agus iarratais dlíthiúla bailí.
Léaráid de thorthaí Cuardaigh ag cur bianna agus oidis éagsúla i gcomparáid

Ár bpolasaithe maidir le gnéithe Cuardaigh

Áirítear i ngnéithe Cuardaigh painéil, timpealláin, feabhsuithe ar liostaí gréasáin (amhail trí shonraí struchtúrtha), gnéithe tuartha agus scagtha chomh maith le torthaí agus gnéithe a labhraítear os ard. Cé go ngintear na gnéithe sin go huathoibríoch, tuigimid go bhféadfadh daoine féachaint orthu mar ghnéithe níos inchreidte mar ghearr ar an gcaoi a gcuirtear i láthair iad. Nílimid ag iarraidh go mbainfeadh gnéithe tuartha nó scagtha stangadh as daoine ná go gcuirfear fearg gan choinne orthu. Is é sin an chúis go bhfuil polasaithe gnéithe Cuardaigh againn chun dul i ngleic le fadhbanna, lena n-áirítear cosc a chur ar ábhar ciaptha, gránna agus foréigneach. Chomh maith leis sin, tá polasaithe níos sainiúla ag roinnt gnéithe Cuardaigh.

An chúis go bhféadfadh ábhar achrannach a bheith le feiceáil

Léaráid de thorthaí Cuardaigh ina bhfuil topaic amháin a bhfuil bratach lipéid rabhaidh curtha léi
Ós rud é go gcuimsítear na trilliúin leathanach agus ábhar eile ón nGréasán ar fad i gCuardach, d'fhéadfadh ábhar a mheastar a bheith gránna nó déistineach a bheith ann ó am go ham. D'fhéadfadh sé sin tarlú go háirithe má thagann an teanga a úsáidtear i dtéarma cuardaigh go beacht leis an teanga a thagann aníos laistigh d'ábhar achrannach. D'fhéadfadh sé tarlú chomh maith i gcásanna nach foilsíodh mórán ábhar úsáideach nó iontaofa a ailíníonn leis an topaic áirithe. Ní léiríonn ábhar achrannach den sórt sin tuairimí Google féin. Mar sin féin, ciallaíonn an bhéim a leagaimid ar rochtain oscailte ar fhaisnéis nach mbainimid ábhar den sórt sin ach amháin de réir ár bpolasaithe sonracha nó ár n-oibleagáidí dlíthiúla.

Aghaidh á tabhairt ar ábhar a sháraíonn polasaí

Léaráid d'uirlisí éagsúla agus de mhéadracht ag soláthar aiseolais ar thorthaí Cuardaigh.
Úsáideann Google uathoibriú chun ábhar ón nGréasán ar fad agus ó fhoinsí eile a aimsiú. Déanann córais uathoibrithe amhail ár n-algartaim cuardaigh an t-ábhar is úsáidí nó is iontaofa a chur ar fáil mar fhreagairt ar cheisteanna áirithe. Cabhraíonn uathoibriú le cumhachtú ár ngné SafeSearch, rud a chuireann cosc ar ábhar gáirsiúil a bheith le feiceáil i dtorthaí cuardaigh.

Déanann Google na billiúin cuardach a phróiseáil gach lá. I ndáiríre, níl 15% de na cuardaigh ar a ndéanaimid próiseáil gach lá feicthe againn riamh.

Go ginearálta, bíonn uathoibriú mar chéad líne cosanta Google agus é ag dul i ngleic le hábhar a sháraíonn polasaí. Dearadh ár gcórais chun an t-ábhar is úsáidí agus is cabhraí a chur chun tosaigh ar ábhar ar leith – agus gan ábhar a sháraíonn ár bpolasaithe ábhair a léiriú. Níl aon chóras foirfe ar fad ar fad: má chailleann ár gcórais uathoibrithe aon ábhar a sháraíonn polasaí, bíonn bealaí feabhsaithe á gcuardach againn i gcónaí.

I gcásanna áirithe, féadfaimid gníomh de láimh a dhéanamh. Ní chiallaíonn sé sin go n-úsáideann Google coimeádaíocht dhaonna chun torthaí ar leathanach a atheagrú. Seachas sin, úsáidtear daoine chun athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna ina léirítear ábhar a sháraíonn polasaí agus chun gníomh de láimh a dhéanamh chun bac a chur ar an ábhar sin i gcásanna atá teoranta agus sainmhínithe go soiléir.

Aimsigh tuilleadh