Jump to Content

Ár gcur chuige maidir le Cuardach

Téann daoine ar fud an domhain i muinín 'Cuardach' chun teacht ar fhaisnéis, chun fáil amach faoi thopaicí a bhfuil suim acu iontu agus chun cinntí tábhachtacha a dhéanamh. Tá a fhios againn go mbíonn daoine ag brath orainn agus ar an ábhar sin ní theipfidh ar ár ndúthracht choíche. De réir mar a thagann forbairt ar theicneolaíocht, leanfaimid de bheith ag cabhrú le gach duine teacht ar an bhfaisnéis atá uathu.

Creidimid gur cheart do Chuardach:

An fhaisnéis is ábhartha agus is iontaofa a sholáthar

Gach lá, is cuardaigh nach bhfacamar roimhe iad cúig déag faoin gcéad de chuardaigh, mar sin de úsáidimid córais uathoibrithe chun an fhaisnéis is ábhartha agus is iontaofa is féidir linn a aimsiú a fháil duit. Chun cabhrú leat teacht ar an rud atá ag teastáil uait, cuireann na córais sin cuid mhór fachtóirí san áireamh, lena n-áirítear na focail i d'iarratas, ábhar leathanach, saineolas foinsí agus do theanga agus do shuíomh. Chun tomhas a dhéanamh ar cé acu an bhfuil ár dtorthaí cuardaigh úsáideach agus iontaofa do dhaoine go fóill nó nach bhfuil, tá córas mionchúiseach againn a úsáideann an-chuid tástála agus rátálaithe cáilíochta, i measc nithe eile, córas a chinntíonn go dtáirgeann ár gcórais uathoibrithe torthaí iontacha a mbeadh duine ag súil leo.

Tuilleadh faisnéise
Play silent looping video Pause silent looping video

Rochtain ar fhaisnéis a uasmhéadú

Is é misean Google faisnéis an domhain a eagrú agus í a dhéanamh inrochtana agus úsáideach ar fud an domhain. Sin an fáth go ndéanann Cuardach é éasca teacht ar réimse leathan faisnéise ó réimse leathan foinsí. Tá cuid faisnéise simplí, amhail airde an Túir Eiffel. Maidir le topaicí níos casta, is uirlis é Cuardach chun cuid mhór taobhanna a fhiosrú ionas gur féidir leat do thuiscint féin a fháil ar an domhan.

Chun faisnéis a choinneáil inrochtana, ní bhainimid faisnéis d'ár dtorthaí cuardaigh ach i gcúinsí teoranta, amhail dlíthe áitiúla a chomhlíonadh nó iarratais ó úinéirí suímh.

Tuilleadh faisnéise
Play silent looping video Pause silent looping video

Faisnéis a chur in iúl ar an gcaoi is úsáidí

Sa lá atá inniu ann, is ann d'fhaisnéis ní hamháin ar shuíomhanna gréasáin ach in íomhánna, i bhfíseáin, sa nuacht, i scóir spóirt agus i gcuid mhór saghsanna eile ábhair. Ar an ábhar sin, má tá treoracha á gcuardach agat, taispeánaimid léarscáil. Nó nuair atá an aimsir nó praghsanna stoic ag teastáil uait, taispeánaimid an fhaisnéis is déanaí. Úsáidimid teanga agus dearadh atá fáilteach chun thú a threorú trí d'eispéireas ar Chuardach, agus tástálaimid ár gcur chuige ar an iomlán chun a chinntiú go bhfuil faisnéis á cur in iúl againn ar an gcaoi is úsáidí.

Tuilleadh faisnéise
Play silent looping video Pause silent looping video

Do phríobháideachas a chosaint

Faoi threoir ag ár bprionsabail phríobháideachais, cruthaímid uirlisí agus míniúcháin chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidimid sonraí chun Cuardach a dhéanamh níos úsáidí duit. Mar shampla, is féidir le Google stair na gcuardach agat a úsáid chun do chuardaigh a uathchríochnú. Mar sin de má thosaíonn tú ar "barcelona" a chuardach, is féidir go dtuarfaidh uathchríochnú áiteanna nó radhairc eile a ndearna tú cuardach orthu sula gcríochnaíonn tú de bheith á gclóscríobh fiú. Nuair a úsáideann tú ár dtáirgí, bíonn muinín agat asainn le do shonraí agus bíonn sé de fhreagracht orainn do shonraí a choinneáil príobháideach, slán agus sábháilte. Sin an fáth go dtógaimid rialuithe ionas gur féidir leat socruithe príobháideachais a roghnú atá ceart duit nó do shonraí a scriosadh go buan fiú. Chun do shonraí a choinneáil sábháilte, thógamar cuid den bhonneagar slándála is forbartha ar domhan. Agus ní dhíolfaimid d'fhaisnéis phearsanta le duine ar bith choíche. Déanaimid airgead ar fhógraíocht, chan ar fhaisnéis phearsanta a dhíol.

Tuilleadh faisnéise
Play silent looping video Pause silent looping video

Fógraí a dhíol, chan aon rud eile

Is mar gheall ar fhógraí a fhanann Cuardach inrochtana do gach duine. Ach is iad fógraí an t-aon rud a dhíolaimid.

Ní ghearraimid táille as bheith le feiceáil inár n-innéacs cuardaigh. Is cuma má cheannaíonn gnólacht, duine aonair nó eagraíocht fógraí nó nach gceannaíonn, ní bhaineann sin lenár n-algartaim chuardaigh. Ní chaithimid go speisialta le fógróirí maidir leis an gcaoi a rangaíonn ár n-algartaim a suíomhanna gréasáin agus ní féidir le haon duine muid a íoc chun amhlaidh a dhéanamh.

Ní thaispeántar fógraí ach amháin má chreidimid go bhfuil siad ábhartha do na téarmaí cuardaigh a chuir tú isteach. Don chuid is mó cuardach, ní thaispeánaimid fógraí in aon chor. Nuair a thaispeánaimid fógraí, lipéadaítear iad i gcónaí ionas gur féidir leat iad a aithint ó thorthaí cuardaigh.

Tuilleadh faisnéise
Play silent looping video Pause silent looping video

Cabhrú le cruthaitheoirí a bheith rathúil ar líne

Chun tacú le héiceachóras d'ábhar atá úr agus úsáideach i ngach teanga an domhain, cabhraímid le daoine, le foilsitheoirí agus le gnólachtaí de gach méid le go n-éireoidh leo agus le go n-aimseoidh daoine eile iad. Déanaimid sin trí chuairteoirí a sheoladh chuig suíomhanna gréasáin idir bheag agus mhór trínár dtorthaí cuardaigh nó trí cheangail amhail seoltaí agus uimhreacha gutháin gnólachtaí a liostú. Ní ghearraimid táille as bheith inár liostú cuardaigh agus cuirimid uirlisí agus acmhainní ar fáil gan chostas chun cabhrú le húinéirí a bheith rathúil.

Tuilleadh faisnéise
Play silent looping video Pause silent looping video