An chaoi a n-oibríonn Cuardach Google
Gach uair a dhéanann tú cuardach, bíonn na mílte, uaireanta na milliúin, leathanach gréasáin nó ábhar eile ann a d'fhéadfaí a bheith mar mheaits. Úsáideann Google a gcórais láidre chun an fhaisnéis is úsáidí a léiriú mar fhreagra ar d'iarratas.

An chaoi a n-Oibríonn Cuardach Google (i gceann 5 nóiméad)
Príomhghnéithe Cuardaigh
-
Eagrú faisnéise
An leabharlann is mó ar domhan
Tá ár n-innéacs Cuardaigh cosúil le leabharlann ach tá níos mó faisnéise ann ná leabharlanna an domhain go léir le chéile. Táimid ag cur leis agus á nuashonrú an t-am ar fad le sonraí faoi shuíomhanna gréasáin, íomhánna, leabhair, físeáin, fíricí agus neart eile. -
Rangú torthaí
Meaitseáil láithreach do chuardaigh
I mbomaite beag, sórtálann córais uathoibrithe Chuardach Google trí na céadta billiún leathanach gréasáin agus faisnéis eile inár n-innéacs Cuardaigh chun na torthaí is ábhartha, is úsáidí a aimsiú don mhéid atá uait.
-
tástáil mhionchúiseach
I gcónaí ag cur feabhas ar d'eispéireas
Tá a fhios againn gur féidir le Cuardach a bheith níos fearr i gcónaí. Sin an fáth go ndéanaimid na céadta míle triail gach bliain, as a dtagann na mílte feabhsúchán, agus déantar tástáil mhionchúiseach orthu go léir. -
Turscar a bhrath
Tú féin a choinneáil sábháilte ar Chuardach
Díreach cosúil le ríomhphost, uaireanta déanann camscéimeanna fioscaireachta agus drochghníomhaithe eile iarracht ligean orthu féin gur ábhar thar a bheith ábhartha atá iontu. Oibríonn Cuardach chun na bagairtí sin a bhrath go huathoibríoch agus a choinneáil lasmuigh dár dtorthaí is airde.
Faigh na fíricí
Aimsigh tuilleadh
-
IS Google
Garsprioc IS nua don chuardach
-
TORTHAÍ FÍOR-AMA
An chaoi a bhfreagraíonn Cuardach Google i dtráthanna ríthábhachtacha
-
TIONCHAR EACNAMAÍOCH
An chaoi ina dtagann fógraí aníos i gCuardach Google
-
IS Google
An chaoi a bhfuil IS ag cabhrú leat cuardach amhairc a dhéanamh