Turscar a bhrath chun torthaí ábhartha agus iontaofa a thabhairt duit
Déanann Google infheistíocht i gcórais chun a chinntiú nach ndéanann suíomhanna dul chun cinn i dtorthaí Cuardaigh trí iompar mealltach nó ionramhálach. Tá sé sin fíorthábhachtach mar gur féidir le suíomhanna turscair dochar a dhéanamh do dhaoine nó iad a chur amú.

An chaoi a gcoinníonn Google thú slán ar Chuardach
Aimsíonn ár gcórais 40 billiún leathanach turscair gach lá.
An fáth a dtugaimid aghaidh ar thurscar
Déanann suíomhanna turscair iarracht dul sa seans chun a bheith ag barr na dtorthaí Cuardaigh trí theicnící éagsúla amhail eochairfhocail a úsáid arís is arís eile nó ábhar Google atá éagsúil ón méid a fheiceann úsáideoirí a thaispeáint (rud ar a dtugtar "folú"). Uaireanta, téann haiceálaithe isteach i suíomhanna dlisteanacha agus déanann siad iad a athrú ina suíomhanna turscair a d'fhéadfadh daoine a atreorú chuig camscéimeanna nó níos measa.
An chaoi a spriocdhírímid ar thurscar
-
Brath uathoibrithe
Is féidir lenár gcórais uathoibrithe formhór an turscair a bhrath agus é a choinneáil amach ó na torthaí Cuardaigh is fearr leat, amhail an chaoi a gcoinníonn dea-chóras ríomhphoist turscar amach ó do bhosca isteach.
-
Athbhreithniú de láimh
Ar bhfoireann bainte turscair a dhéanann leathnaigh a athbhreithniú agus bratach a chur leo má sháraíonn siad na polasaithe turscair, tugann sí aghaidh de láimh ar an gcuid eile den turscar. Nuair a dhéanaimid gníomh de láimh ar ábhar, déanaimid iarracht an cruthaitheoir a chur ar an eolas chun cabhrú leis/léi dul i ngleic le fadhbanna.
-
Iarratais athmhachnaimh
Nuair a leigheasfar an fhadhb, is féidir le cruthaitheoir a (h)ábhar a chur isteach le haghaidh athmhachnaimh. Déanaimid próiseáil ar gach iarratas athmhachnaimh a fhaighimid.
-
For-rochtain úinéara
Teastaíonn uainn go mbeadh an fhaisnéis ag úinéirí suímh atá ag teastáil uathu chun a suíomhanna a chur in oiriúint. Sin an fáth gur infheistíomar acmhainní suntasacha le himeacht ama i gcumarsáid agus i bhfor-rochtain le haghaidh cruthaitheoirí.
Torthaí Cuardaigh a chosaint

