Polasaí Príobháideachais Google

Nuair a úsáideann tú ár seirbhísí, léiríonn sé sin go bhfuil iontaoibh agat asainn le d'fhaisnéis. Tuigimid gur freagracht mhór é sin agus oibrímid go dian chun d'fhaisnéis a chosaint agus smacht a thabhairt duit.

Ba cheart an Polasaí Príobháideachais seo cabhrú leat a thuiscint cén fhaisnéis a bhailímid, cén fáth a mbailímid í agus conas is féidir leat do chuid faisnéise a nuashonrú, a bhainistiú, a easpórtáil agus a scriosadh.

Má tá dlí cosanta sonraí de chuid an Aontais Eorpaigh nó na Ríochta Aontaithe i bhfeidhm ar phróiseáil d'fhaisnéise, is féidir leat féachaint ar an rannán thíos a bhaineann le ceanglais na hEorpa chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le do chearta agus maidir le comhlíonadh na ndlíthe sin ag Google.

Seiceáil Príobháideachais

An bhfuil fonn ort do shocruithe príobháideachais a athrú?

Tóg an tSeiceáil Phríobháideachais

Éifeachtach ar: 16 Meán Fómhair 2024 | Leaganacha a cuireadh i gcartlann | Íoslódáil PDF

Tógaimid réimse seirbhísí a chabhraíonn leis na milliúin daoine gach lá chun iniúchadh a dhéanamh ar an domhan agus idirghníomhú leis ar bhealaí nua. I measc ár seirbhísí tá:

  • Aipeanna, suíomhanna agus gléasanna Google, amhail Cuardach, YouTube agus Google Home
  • Ardáin amhail brabhsálaí Chrome agus córas oibriúcháin Android
  • Táirgí atá comhtháite in aipeanna agus suíomhanna tríú páirtí, amhail fógraí, anailísíocht agus Google Maps leabaithe

Is féidir leat ár seirbhísí a úsáid ar bhealaí éagsúla chun do phríobháideachas a bhainistiú. Mar shampla, is féidir leat clárú do Chuntas Google más mian leat ábhar amhail ríomhphoist agus grianghraif a chruthú agus a bhainistiú, nó torthaí cuardaigh níos ábhartha a fheiceáil. Agus is féidir leat go leor seirbhísí Google a úsáid nuair atá tú sínithe amach nó gan cuntas a chruthú in aon chor, amhail cuardach ar Google nó breathnú ar fhíseáin YouTube. Is féidir leat rogha a dhéanamh an Gréasán a bhrabhsáil i mód príobháideach, amhail Mód bréagreachta Chrome, rud a chabhraíonn le do bhrabhsáil a choinneáil príobháideach ó dhaoine eile a úsáideann do ghléas. Is féidir leat do shocruithe príobháideachais a choigeartú ar fud ár seirbhísí chun na rudaí seo a leanas a rialú: cé acu a dhéanaimid nó nach ndéanaimid roinnt cineálacha sonraí a bhailiú agus an chaoi a n-úsáidimid na sonraí sin.

Chun cabhrú le rudaí a mhíniú chomh soiléir agus is féidir, chuireamar samplaí, físeáin mhíniúcháin agus sainmhínithe do phríomhthéarmaí leis. Agus má tá aon cheist agat faoin bPolasaí Príobháideachais seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn.

Faisnéis a bhailíonn Google

Tá fonn orainn go dtuigfidh tú na cineálacha faisnéise a bhailímid agus tú ag úsáid ár seirbhísí

Bailímid faisnéis chun seirbhísí níos fearr a sholáthar dár n-úsáideoirí uile — ó bhunrudaí a oibriú amach amhail cén teanga atá agat go dtí rudaí níos casta amhail , nó cé na físeáin YouTube a thaitneodh leat. Braitheann an fhaisnéis a bhailíonn Google agus an chaoi a n-úsáidtear an fhaisnéis sin ar an gcaoi a n-úsáideann tú ár seirbhísí agus ar an gcaoi a mbainistíonn tú do rialuithe príobháideachais.

Nuair nach bhfuil tú sínithe isteach i gCuntas Google, déanaimid an fhaisnéis a bhailímid a stóráil le ceangailte leis an mbrabhsálaí leis an bhfeidhmchlár nó leis an atá á úsáid agat. Cuireann sé seo ar ár gcumas rudaí a dhéanamh amhail do shainroghanna a chothabháil thar sheisiúin bhrabhsála, amhail do rogha teanga nó chun torthaí cuardaigh nó fógraí níos ábhartha a thaispeáint duit bunaithe ar do ghníomhaíocht.

Agus tú sínithe isteach, bailímid faisnéis a stórálaimid le do Chuntas Google chomh maith leis sin, a gcaithimid léi mar .

Rudaí a chruthaíonn tú nó a sholáthraíonn tú dúinn

Nuair a chruthaíonn tú Cuntas Google, soláthraíonn tú ina bhfuil d'ainm agus do phasfhocal. Chomh maith leis sin, is féidir leat roghnú a chur le do chuntas. Fiú mura bhfuil tú sínithe isteach ar Chuntas Google, b'fhéidir go roghnódh tú faisnéis a sholáthar dúinn — amhail seoladh ríomhphoist chun cumarsáid a dhéanamh le Google nó chun nuashonruithe a fháil maidir lenár seirbhísí.

Bailímid chomh maith an t-ábhar a chruthaíonn tú, a uaslódálann tú nó a fhaigheann tú ó dhaoine eile agus ár seirbhísí á n-úsáid agat. Áirítear leis sin rudaí amhail ríomhphoist a scríobhann tú agus a fhaigheann tú, grianghraif agus físeáin a shábhálann tú, doiciméid agus scarbhileoga a chruthaíonn tú, agus nótaí tráchta a dhéanann tú ar fhíseáin YouTube.

Faisnéis a bhailímid agus tú ag úsáid ár seirbhísí

D'aipeanna, brabhsálaithe agus gléasanna

Bailímid faisnéis faoi na haipeanna, na brabhsálaithe agus na a úsáideann tú chun rochtain a fháil ar sheirbhísí Google, rud a chabhraíonn linn gnéithe amhail nuashonruithe uathoibríocha táirge a sholáthar agus do scáileán a laghdú má tá do cheallra ag éirí íseal.

San áireamh san fhaisnéis a bhailímid tá , cineál agus socruithe brabhsálaí, cineál agus socruithe gléis, córas oibriúcháin, faisnéis maidir le líonra móibíleach lena n-áirítear ainm iompróra agus uimhir ghutháin agus uimhir leagain feidhmchláir. Bailímid faisnéis a bhaineann le hidirghníomhaíocht d'aipeanna, do bhrabhsálaithe agus do ghléasanna lenár seirbhísí freisin, lena n-áirítear , tuairiscí tuairteála agus gníomhaíocht chórais chomh maith le dáta, am agus d'iarratais.

Bailímid an fhaisnéis sin nuair a dhéanann seirbhís Google ar do ghléas teagmháil lenár bhfreastalaithe – mar shampla, nuair a shuiteálann tú aip ó Play Store nó nuair a sheiceálann seirbhís le haghaidh nuashonruithe uathoibríocha. Má tá in úsáid agat, déanann do ghléas teagmháil le freastalaithe Google go tréimhsiúil chun faisnéis a chur ar fáil maidir le do ghléas agus chun nascadh lenár seirbhísí. San áireamh san fhaisnéis sin, tá rudaí amhail do chineál gléis agus ainm d'iompróra, tuairiscí tuairteála, cé na haipeanna a shuiteáil tú agus, ag brath ar shocruithe do ghléis, faisnéis eile maidir leis an gcaoi a bhfuil do ghléas Android á úsáid agat.

Do Ghníomhaíocht

Bailímid faisnéis faoi do ghníomhaíocht inár seirbhísí, a úsáidimid chun rudaí a dhéanamh cosúil le físeán YouTube a mholadh a thaitneodh leat. B'fhéidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san fhaisnéis ghníomhaíochta a bhailímid:

Má bhaineann tú úsáid as ár , is féidir go mbaileoimid faisnéis loga glaonna agus teachtaireachtaí amhail d'uimhir ghutháin, uimhir an pháirtí a chuireann glao, uimhir an pháirtí a fhaigheann glao, uimhreacha cur ar aghaidh, seoladh ríomhphoist an tseoltóra agus an fhaighteora, am agus dáta glaonna agus teachtaireachtaí, fad glaonna, faisnéis ródúcháin agus cineál agus líon glaonna agus teachtaireachtaí.

Is féidir leat cuairt a thabhairt ar do Chuntas Google chun faisnéis ghníomhaíochta atá sábháilte i do chuntas a bhainistiú.

D'fhaisnéis suímh

Bailímid faisnéis suímh nuair a úsáideann tú ár seirbhísí, rud a chabhraíonn linn gnéithe a thairiscint mar threoracha tiomána, torthaí cuardaigh le haghaidh rudaí in aice leat agus fógraí bunaithe ar do shuíomh.

Ag brath ar na táirgí atá á n-úsáid agat agus ar na socruithe a roghnaíonn tú, d'fhéadfadh Google cineálacha éagsúla faisnéise suímh a úsáid chun cabhrú roinnt seirbhísí a úsáideann tú a dhéanamh níos úsáidí. Ina measc tá:

Braitheann na cineálacha sonraí suímh a bhailímid agus cé chomh fada a stórálaimid iad go páirteach ar do shocruithe gléis agus cuntais. Mar shampla, is féidir leat suíomh do ghléis Android a chuir ar siúl nó a mhúchadh le haip socruithe an ghléis. Is féidir leat Stair Suíomhanna a chuir ar siúl freisin más mian leat léarscáil phríobháideach a chruthú de na háiteanna a dtéann tú le do ghléasanna sínithe isteach. Agus má tá do shocrú Gníomhaíochta Gréasáin agus Aipe cumasaithe, déantar do chuardaigh agus gníomhaíocht eile ó sheirbhísí Google, ina bhféadfadh faisnéis suímh a bheith san áireamh freisin, a shábháil ar do Chuntas Google. Faigh tuilleadh faisnéise faoin gcaoi a n-úsáidimid faisnéis suímh.


I gcúinsí áirithe, bailíonn Google faisnéis fút ó fhoinsí atá . Mar shampla, má tá d'ainm le feiceáil i do nuachtán áitiúil, féadfaidh inneall cuardaigh Google an t-alt sin a innéacsú agus é a thaispeáint do dhaoine eile má chuardaíonn siad d'ainm. Is féidir linn faisnéis fút a bhailiú freisin ó chomhpháirtithe iontaofa amhail seirbhísí eolaire a sholáthraíonn faisnéis ghnó dúinn atá le taispeáint ar sheirbhísí Google, comhpháirtithe margaíochta a sholáthraíonn faisnéis dúinn faoi ábhair chustaiméirí dár seirbhísí gnó agus comhpháirtithe slándála a sholáthraíonn faisnéis dúinn chun . Faighimid faisnéis freisin ó chomhpháirtithe chun .

Úsáidimid teicneolaíochtaí éagsúla chun faisnéis a bhailiú agus a stóráil, lena n-áirítear , agus stóras áitiúil, amhail , bunachair sonraí agus .

Cén fáth a mbailíonn Google sonraí

Úsáidimid sonraí chun seirbhísí níos fearr a fhorbairt

Úsáidimid an fhaisnéis a bhailímid ónár seirbhísí ar fad chun na gcríoch seo a leanas:

Ár seirbhísí a sholáthar

Bainimid úsáid as d'fhaisnéis chun , mar shampla déanaimid na téarmaí a chuardaíonn tú a phróiseáil chun torthaí a thabhairt duit nó chun cabhrú leat ábhar a chomhroinnt trí fhaighteoirí ó do theagmhálaithe a mholadh.

Ár seirbhísí a choinneáil agus a fheabhsú

Úsáidimid d'fhaisnéis freisin chun , mar shampla bristeacha a rianú nó fadhbanna a thuairiscíonn tú dúinn a fhabhtcheartú. Agus bainimid úsáid as d'fhaisnéis chun ar ár seirbhísí – mar shampla, cabhraíonn tuiscint ar na téarmaí cuardaigh is minice a mhílitrítear linn feabhas a chur ar ghnéithe seiceála litrithe a úsáidtear ar fud ár seirbhísí.

Seirbhísí nua a fhorbairt

Bainimid úsáid as an bhfaisnéis a bhailímid sna seirbhísí atá ann cheana féin chun cabhrú linn cinn nua a fhorbairt. Mar shampla, trí thuiscint a fháil ar conas a d'eagraigh daoine a ngrianghraif in Picasa, an chéad aip grianghraf de chuid Google, cabhraíodh linn Google Photos a dhearadh agus a sheoladh.

Seirbhísí oiriúnaithe a sholáthar, lena n-áirítear ábhar agus fógraí

Bainimid úsáid as an bhfaisnéis a bhailímid chun ár seirbhísí a shaincheapadh duit, lena n-áirítear moltaí, ábhar oiriúnaithe agus a sholáthar. Mar shampla, cuireann Seiceáil Slándála noda slándála ar fáil atá in oiriúint don chaoi a n-úsáideann tú táirgí Google. Agus, ag brath ar do shocruithe atá ar fáil, is féidir le Google Play úsáid a bhaint as faisnéis amhail aipeanna atá suiteáilte agat cheana féin agus físeáin ar fhéach tú orthu ar YouTube chun aipeanna nua a mholadh a thaitneodh leat

Ag brath ar do shocruithe, b'fhéidir go dtaispeánfaimid duit atá bunaithe ar do spéiseanna agus ar do ghníomhaíocht ar fud sheirbhísí Google. Mar shampla, má chuardaíonn tú "rothair shléibhe", b'fhéidir go bhfeicfidh tú fógraí do threalamh spóirt ar YouTube. Is féidir leat an fhaisnéis a úsáidimid chun fógraí a thaispeáint duit a rialú trí chuairt a thabhairt ar do shocruithe fógraí i Mo Lárionad Fógraí.

  • Ní thaispeánaimid fógraí oiriúnaithe duit atá bunaithe ar amhail cine, reiligiún, gnéaschlaonadh nó sláinte.
  • Ní thaispeánaimid fógraí oiriúnaithe duit bunaithe ar d'ábhar ó Drive, Gmail nó Photos.
  • Ní chomhroinnimid faisnéis a aithníonn tú go pearsanta le fógróirí, amhail d'ainm nó do sheoladh ríomhphoist, mura n-iarrann tú orainn amhlaidh a dhéanamh. Mar shampla, má fheiceann tú fógra do shiopa bláthanna in aice láimhe agus má roghnaíonn tú an cnaipe "tapáil chun glaoch", nascfaimid do ghlao agus féadfaimid d'uimhir ghutháin a chomhroinnt leis an siopa bláthanna.

Feidhmíocht a thomhas

Úsáidimid sonraí d'anailísíocht agus do thomhas chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidtear ár seirbhísí. Mar shampla, anailísímid sonraí maidir le do chuairteanna ar ár suíomhanna chun rudaí a dhéanamh amhail dearadh táirgí a fheabhsú. Úsáidimid sonraí chomh maith maidir leis na fógraí a n-idirghníomhaíonn tú leo, lena n-áirítear do ghníomhaíocht Chuardaigh Google atá bainteach, chun cabhrú le fógróirí feidhmíocht a bhfeachtas fógraíochta a thuiscint. Úsáidimid réimse uirlisí leis sin a dhéanamh, Google Analytics san áireamh. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna nó nuair a úsáideann tú aipeanna a úsáideann Google Analytics, is féidir le custaiméir Google Analytics roghnú Google a chumasú chun le gníomhaíocht ó shuíomhanna nó ó aipeanna eile a bhíonn ár seirbhísí fógraí á n-úsáid acu.

Cumarsáid a dhéanamh leat

Úsáidimid faisnéis a bhailímid, amhail do sheoladh ríomhphoist, chun idirghníomhú leat go díreach. Mar shampla, d'fhéadfaimis fógra a sheoladh chugat má bhraithimid gníomhaíocht amhrasach, amhail má dhéantar iarracht síniú isteach ar do Chuntas Google ó shuíomh neamhghnách. Nó d'fhéadfaimis tú a chur ar an eolas faoi athruithe nó feabhsuithe ar ár seirbhísí atá le teacht. Agus má dhéanann tú teagmháil le Google, coinneoimid taifead de d'iarratas chun cabhrú le haon fhadhb a d'fhéadfadh a bheith agat a réiteach.

Google, ár n-úsáideoirí agus an pobal a chosaint

Úsáidimid faisnéis chun cabhrú le ár seirbhísí a fheabhsú. Áirítear leis sin gníomhartha braith, coisc agus freagartha a dhéanamh ar chalaois, mí-úsáid, rioscaí slándála agus ceisteanna teicniúla a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do Google, dár n-úsáideoirí, nó .


Úsáidimid teicneolaíochtaí difriúla chun d'fhaisnéis a phróiseáil chun na gcríoch sin. Úsáidimid córais uathoibrithe a anailísíonn d'ábhar chun rudaí a sholáthar duit amhail torthaí saincheaptha cuardaigh, fógraí oiriúnaithe nó gnéithe eile atá curtha in oiriúint don chaoi a n-úsáideann tú ár seirbhísí. Agus déanaimid ár n-ábhar a anailísiú chun cabhrú linn , amhail turscar, bogearraí mailíseacha agus ábhar mídhleathach. Úsáidimid chomh maith chun pátrúin i sonraí a aithint. Mar shampla, cabhraíonn Aistriúchán Google le daoine cumarsáid a dhéanamh ar fud teangacha trí phatrúin choitianta teanga a bhrath sna frásaí a iarrann tú air a aistriú.

ar fud ár seirbhísí agus ar fud do ghléasanna chun na gcríoch arna míniú thuas. Mar shampla, ag brath ar na socruithe atá ar fáil duit, má bhreathnaíonn tú ar fhíseáin de sheinnteoirí giotáir ar YouTube, féadfar fógra do cheachtanna giotáir a fheiceáil ar shuíomh a úsáideann ár dtáirgí fógraí. Ag brath ar do shocruithe cuntais, féadfar a cheangal le d'fhaisnéis phearsanta chun seirbhísí Google agus na fógraí a sheachadann Google a fheabhsú.

Má tá do sheoladh ríomhphoist, nó faisnéis eile a chuireann d'aitheantas in iúl, ag úsáideoirí eile cheana féin, is féidir go dtaispeánfaimid d'fhaisnéis Chuntais Google atá le feiceáil go poiblí dóibh, amhail d'ainm agus do ghrianghraf. Cabhraíonn seo le daoine ríomhphost atá ag teacht uait a aithint, mar shampla.

Iarrfaimid do thoiliú sula n-úsáidfimid d'fhaisnéis chun críche nach bhfuil clúdaithe sa Pholasaí Príobháideachais seo.

Do rialuithe príobháideachais

Tá roghanna agat maidir leis an bhfaisnéis a bhailímid agus conas a úsáidtear í

Déantar cur síos sa rannán seo ar phríomhrialuithe chun do phríobháideachas a bhainistiú ar fud ár seirbhísí. Is féidir leat cuairt a thabhairt freisin ar an tSeiceáil Phríobháideachais, a thugann deis chun socruithe tábhachtacha príobháideachais a athbhreithniú agus a choigeartú. Mar aon leis na huirlisí seo, déanaimid socruithe príobháideachais ar leith a thairiscint inár dtáirgí chomh maith; is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil inár dTreoirleabhar Príobháideachais Tháirgí.

Do chuid faisnéise a bhainistiú, a athbhreithniú agus a nuashonrú

Nuair a bhíonn tú sínithe isteach, is féidir leat faisnéis a athbhreithniú agus a nuashonrú i gcónaí trí chuairt a thabhairt ar na seirbhísí a úsáideann tú. Mar shampla, tá Photos agus Drive deartha chun cabhrú leat cineálacha sonracha ábhair atá sábháilte agat le Google a bhainistiú.

Thógamar áit duit freisin chun faisnéis atá sábháilte i do Chuntas Google a athbhreithniú agus a rialú. Áirítear le do Chuntas Google:

Rialuithe príobháideachais

Rialuithe gníomhaíochta

Cinntear ann na cineálacha gníomhaíochta ba mhaith leat a shábháil ar do chuntas. Mar shampla, má tá Stair YouTube curtha ar siúl agat, déantar na físeáin a fhéachann tú orthu agus na rudaí a chuardaíonn tú a shábháil i do chuntas ionas gur féidir leat moltaí níos fearr a fháil agus cuimhneamh ar an áit ar chríochnaigh tú. Má tá Gníomhaíocht Ghréasáin agus Aipe curtha ar siúl agat, déantar do chuardaigh agus do ghníomhaíocht ó sheirbhísí Google eile a shábháil i do chuntas ionas gur féidir leat eispéiris níos oiriúnaithe a fháil cosúil le cuardaigh níos tapa agus moltaí aipe agus ábhair níos úsáidí. Tá fo-thacar ag Gníomhaíocht Gréasáin agus Aipe freisin a ligeann duit rialú a dhéanamh ar cibé an ndéantar faisnéis faoi do ghníomhaíocht ar shuíomhanna, aipeanna agus gléasanna eile a úsáideann seirbhísí Google, amhail aipeanna a shuiteálann agus a úsáideann tú ar Android, a shábháil i do Chuntas Google agus a úsáid chun seirbhísí Google a fheabhsú.

Téigh chuig Rialtáin Gníomhaíochta

Socruithe fógraí

Bainistigh do shainroghanna maidir leis na fógraí a thaispeántar duit ar Google agus ar shuíomhanna agus aipeanna atá i gcomhpháirtíocht le Google chun fógraí a thaispeáint. Is féidir leat d'ábhair spéise a mhionathrú, cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil d'fhaisnéis phearsanta in úsáid chun fógraí a dhéanamh níos ábhartha duit, agus chun seirbhísí fógraíochta áirithe a chur ar siúl agus a mhúchadh.

Téigh chuig Mo Lárionad Fógraí

Fút

Bainistigh faisnéis phearsanta i do Chuntas Google agus rialaigh cé na daoine atá in ann í a fheiceáil thar sheirbhísí Google.

Téigh go dtí Fút

Moltaí comhroinnte

Déan cinneadh cé acu a thaispeánfar nó nach dtaispeánfar d'ainm agus do ghrianghraf in aice le do ghníomhaíocht, amhail léirmheasanna agus moltaí, a thagann aníos i bhfógraí.

Téigh chuig Moltaí Comhroinnte

Suíomhanna agus aipeanna a úsáideann seirbhísí Google

Bainistigh faisnéis a fhéadfaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna a úsáideann seirbhísí Google, amhail Google Analytics, a chomhroinnt le Google nuair a thugann tú cuairt orthu nó nuair a idirghníomhaíonn tú lena gcuid seirbhísí.

Téigh chuig An chaoi a n-úsáideann Google faisnéis ó shuíomhanna nó aipeanna a úsáideann ár seirbhísí

Bealaí chun d'fhaisnéise a athbhreithniú agus a nuashonrú

Mo Ghníomhaíocht

Ligeann Mo Ghníomhaíocht duit sonraí atá sábháilte ar do Chuntas Google a athbhreithniú agus a rialú nuair atá tú sínithe isteach agus seirbhísí Google in úsáid agat, amhail cuardaigh a rinne tú nó do chuairteanna ar Google Play. Is féidir leat brabhsáil de réir dáta agus topaice agus do ghníomhaíocht a scriosadh i bpáirt nó ina hiomláine.

Téigh chuig Mo Ghníomhaíocht

Painéal Google

Ceadaíonn Google Dashboard duit faisnéis a bhaineann le táirgí sonracha a bhainistiú.

Téigh chuig Dashboard

D'fhaisnéis phearsanta

Bainistigh d'fhaisnéis teagmhála, amhail d'ainm, do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir ghutháin.

Téigh chuig Faisnéis Phearsanta

Agus tú sínithe amach, is féidir leat faisnéis a bhainistiú atá ceangailte le do bhrabhsálaí nó do ghléas, lena n-áirítear:

  • Oiriúnú cuardaigh sínithe amach: Roghnaigh cé acu a úsáidtear do ghníomhaíocht chuardaigh chun torthaí agus moltaí níos ábhartha a thairiscint duit nó nach n-úsáidtear.
  • Socruithe YouTube: Cuir Stair na gCuardach YouTube agus do Stair Féachana YouTube ar sos nó scrios iad.
  • Socruithe fógraí: Bainistigh do shainroghanna maidir leis na fógraí a thaispeántar duit ar Google agus ar shuíomhanna agus aipeanna a oibríonn i gcomhpháirtíocht le Google chun fógraí a thaispeáint.

D'fhaisnéis a easpórtáil, a bhaint agus a scriosadh

Is féidir leat cóip d'ábhar ó do Chuntas Google a easpórtáil más mian leat cóip cúltaca a dhéanamh de nó é a úsáid le seirbhís lasmuigh de Google.

Chun d'fhaisnéis a scriosadh, is féidir leat:

Ligeann an Bainisteoir Cuntas Neamhghníomhach duit rochtain a thabhairt do dhuine eile ar chodanna de do Chuntas Google sa chás nach féidir leat do chuntas a úsáid gan choinne.

Ar deireadh, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar ábhar a bhaint de sheirbhísí Google ar leith de réir an dlí is infheidhme agus ár bpolasaithe.


Tá bealaí eile ann chun an fhaisnéis a bhailíonn Google a rialú is cuma cé acu atá tú a sínithe isteach ar Chuntas Google nó nach bhfuil, lena n-áirítear:

  • Socruithe brabhsálaí: Mar shampla, is féidir leat do bhrabhsálaí a chumrú chun a chur in iúl nuair a shocraíonn Google i do bhrabhsálaí. Is féidir leat do bhrabhsálaí a chumrú freisin chun bac a chur ar gach fianán ó fhearann ar leith nó ó gach fearann. Ach cuimhnigh mar shampla chun cuimhneamh ar do roghanna teanga.
  • Socruithe ar leibhéal an ghléis: Is féidir go bhfuil rialuithe ag do ghléas a shocraíonn an fhaisnéis a bhailímid. Mar shampla, is féidir leat socruithe suímh a mhionathrú ar do ghléas Android.

D'fhaisnéis a chomhroinnt

Nuair a chomhroinneann tú do chuid faisnéise

Ligeann go leor dár seirbhísí duit faisnéis a chomhroinnt le daoine eile agus tá smacht agat ar an gcaoi a gcomhroinneann tú í. Mar shampla, is féidir leat físeáin a chomhroinnt ar YouTube go poiblí nó cinneadh a dhéanamh do chuid físeáin a choinneáil príobháideach. Nuair a chomhroinneann tú faisnéis go poiblí, cuimhnigh go bhféadfadh d'ábhar éirí inrochtana ar innill chuardaigh, lena n-áirítear Cuardach Google.

Nuair atá tú sínithe isteach agus nuair a idirghníomhaíonn tú le roinnt seirbhísí Google, amhail nótaí tráchta a fhágáil ar fhíseán YouTube nó léirmheas a dhéanamh ar aip in Play, feictear d'ainm agus do ghrianghraf in aice le do ghníomhaíocht. Féadfaimid an fhaisnéis sin a thaispeáint i bhfógraí chomh maith ag brath ar do shocrú maidir le Moltaí comhroinnte.

Cathain a chomhroinneann Google d'fhaisnéis

Ní chomhroinnimid d'fhaisnéis phearsanta le cuideachtaí, eagraíochtaí nó daoine aonair lasmuigh de Google ach amháin sna cásanna seo a leanas:

Le do thoiliú

Comhroinnfimid faisnéis phearsanta lasmuigh de Google ach do thoiliú a bheith againn. Mar shampla, má úsáideann tú Google Home chun áirithint a dhéanamh trí sheirbhís áirithinte, gheobhaimid do chead sula gcomhroinnfimid d'ainm nó d'uimhir ghutháin leis an mbialann. Soláthraímid rialuithe duit chomh maith leis sin chun athbhreithniú agus bainistiú a dhéanamh ar aipeanna agus suíomhanna tríú páirtí ar thug tú rochtain dóibh ar shonraí i do Chuntas Google. Iarrfaimid toiliú sainráite ort chun aon .

Le riarthóirí fearainn

Más mac léinn thú nó má oibríonn tú d'eagraíocht a úsáideann seirbhísí Google, beidh rochtain ag do riarthóir fearainn agus ag athdhíoltóirí a bhainistíonn do Chuntas Google ar do Chuntas Google. B'fhéidir go mbeidh siad in ann:

  • Rochtain a fháil ar fhaisnéis atá stóráilte i do chuntas, amhail do sheoladh ríomhphoist, agus í a choinneáil
  • Féach ar staitisticí maidir le do chuntas, cosúil le cé mhéad aipeanna a shuiteálann tú
  • Pasfhocal do chuntais a athrú
  • An rochtain chuntais agat a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh
  • Faigh do chuid faisnéise cuntais chun an dlí, rialachán, próiseas dlíthiúil nó iarratas infheidhmithe rialtais atá bainteach a shásamh
  • Srian a chur le do chumas i dtaca le d'fhaisnéis nó do shocruithe príobháideachais a scriosadh nó a chur in eagar

Le haghaidh próiseáil sheachtrach

Soláthraímid faisnéis phearsanta dár agus gnólachtaí nó daoine iontaofa eile lena próiseáil dúinn de réir ár dtreoracha agus i gcomhréir lenár bPolasaí Príobháideachais agus aon bheart cuí eile rúndachta agus slándála. Mar shampla, bainimid úsáid as soláthraithe seirbhíse chun cabhrú lenár lárionaid sonraí a oibriú, ár dtáirgí agus ár seirbhísí a fhorbairt, ár bpróisis ghnólachta inmheánacha a fheabhsú agus chun tacaíocht bhreise a thairiscint do chustaiméirí agus d'úsáideoirí. Úsáidimid soláthraithe seirbhíse freisin chun cabhrú ábhar físe YouTube a athbhreithniú ar mhaithe le sábháilteacht an phobail agus déanaimid anailís ar shamplaí d'fhuaim úsáideora a sábháladh agus éistimid leo chun cabhrú teicneolaíochtaí aitheanta fuaime Google a fheabhsú.

Chun críocha dlí

Comhroinnfimid faisnéis phearsanta lasmuigh de Google má chreidimid le meon macánta go bhfuil nochtadh na faisnéise réasúnta riachtanach chun:

  • Freagra a thabhairt ar aon dlí, rialachán, Roinnimid faisnéis faoi líon agus cineál na n-iarratas a fhaighimid ó rialtais inár dTuarascáil Trédhearcachta.
  • Téarmaí Seirbhíse infheidhme a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear sáruithe féideartha a fhiosrú.
  • Fadhbanna calaoise, teicniúla nó slándála a bhrath, a chosc nó, seachas sin, dul i ngleic leo.
  • Cosaint ar dhochar do chearta, maoin nó sábháilteacht Google, ár nó an phobail.

Is féidir go gcomhroinnfimid go poiblí agus lenár bpáirtithe – amhail foilsitheoirí, fógróirí, forbróirí nó sealbhóirí cearta. Mar shampla, comhroinnfimid faisnéis go poiblí chun . Chomh maith leis sin, ceadaímid do faisnéis a bhailiú ó do bhrabhsálaí nó do ghléas chun críocha fógraíochta agus tomhais ag baint úsáid as a bhfianáin féin nó teicneolaíochtaí cosúla.

Má ghlacann Google páirt i gcumasc, ceannach nó díol sócmhainní, leanfaimid ar aghaidh ag cinntiú rúndacht d'fhaisnéise pearsanta agus tabharfaimid fógra do na húsáideoirí atá i gceist sular aistrítear faisnéis phearsanta nó sula mbeidh sí faoi réir ag polasaí príobháideachais éagsúil.

D'fhaisnéis a choinneáil slán

Cuirimid slándáil san áireamh inár seirbhísí chun d'fhaisnéis a chosaint

Tógtar gach táirge Google le gnéithe slándála láidre a chosnaíonn d'fhaisnéis go leanúnach. Cabhraíonn an léargas a fhaighimid ó riaradh ár seirbhísí le bagairtí slándála a bhrath agus le bac a chur orthu go huathoibríoch sula dtagann siad chomh fada leatsa. Agus má bhraithimid rud éigin contúirteach a cheapaimid gur cheart go mbeadh sé ar eolas agat, tabharfaimid fógra duit agus cabhróimid leat na céimeanna a chur i gcrích chun fanacht níos sábháilte.

Oibrímid go crua chun tusa agus Google a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, athrú, faisnéisiú nó scrios faisnéise a choinnímid, lena n-áirítear:

  • Bainimid úsáid as criptiúchán chun do shonraí a choinneáil príobháideach agus iad á mbogadh
  • Cuirimid réimse gnéithe slándála ar fáil, cosúil le Brabhsáil Shábháilte, Seiceáil Slándála, agus Fíorú 2 Chéim chun cabhrú leat do chuntas a chosaint
  • Déanaimid athbhreithniú ar ár gcleachtais bailithe, stórála agus próiseála faisnéise, lena n-áirítear na bearta slándála fisiciúla, chun rochtain neamhúdaraithe ar ár gcórais a chosc
  • Cuirimid srian ar rochtain ar fhaisnéis phearsanta d'fhostaithe, do chonraitheoirí agus do ghníomhairí Google a dteastaíonn an fhaisnéis sin uathu chun í a phróiseáil. Tá duine ar bith a bhfuil an rochtain sin acu faoi réir dianoibleagáidí rúndachta conarthacha agus is féidir iad a smachtú nó scaoileadh leo má theipeann orthu na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

D'fhaisnéis a easpórtáil agus a scriosadh

Is féidir leat cóip de d'fhaisnéis a easpórtáil nó í a scriosadh ó do Chuntas Google ag aon am

Is féidir leat cóip d'ábhar ó do Chuntas Google a easpórtáil más mian leat cóip cúltaca a dhéanamh de nó é a úsáid le seirbhís lasmuigh de Google.

Chun d'fhaisnéis a scriosadh, is féidir leat:

D'fhaisnéis a choinneáil

Coinnímid na sonraí a bhailímid ar feadh tréimhsí ama difriúla ag brath ar céard atá iontu, an chaoi a n-úsáidimid iad agus an chaoi a gcumraíonn tú do shocruithe:

  • Is féidir leat roinnt sonraí a scriosadh aon uair is mian leat, amhail d'fhaisnéis phearsanta nó an t-ábhar a chruthaíonn tú nó a uaslódálann tú, amhail grianghraif agus doiciméid. Is féidir leat faisnéis ghníomhaíochta atá sábháilte ar do chuntas a scriosadh, nó is féidir leat an rogha a dhéanamh í a scriosadh go huathoibríoch tar éis tréimhse socraithe ama. Coinneoimid na sonraí sin i do Chuntas Google go dtí go mbainfidh tú iad nó go roghnóidh tú iad a bhaint.
  • Baintear nó anaithnidítear sonraí eile, amhail sonraí fógraíochta i logaí freastalaí, go huathoibríoch tar éis achar ama áirithe.
  • Coinnímid roinnt sonraí go dtí go scriosann tú do Chuntas Google, mar shampla faisnéis faoi cé chomh minic a úsáideann tú ár seirbhísí.
  • Lena chois sin, coinnímid roinnt sonraí ar feadh tréimhsí níos faide nuair is gá chun críocha dlisteanacha gnó nó dlí, amhail slándáil, calaois agus mí-úsáid a chosc nó taifid airgeadais a choinneáil.

Nuair a scriosann tú sonraí, leanaimid próiseas scriosta chun a chinntiú go mbaintear do shonraí go slán agus go hiomlán dár bhfreastalaithe nó go gcoinnítear iad i bhfoirm anaithnidithe. Déanaimid iarracht a chinntiú go gcosnaíonn ár seirbhísí faisnéis ó scriosadh de thaisme nó mailíseach. Mar gheall air sin, is féidir moill a bheith ann idir an t-am a scriosann tú rud éigin agus an t-am a scriostar cóipeanna ónár gcórais ghníomhacha agus chúltaca.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi thréimhsí coinneála sonraí Google, lena n-áirítear cé chomh fada agus a thógann sé orainn d'fhaisnéis a scriosadh.

Comhlíonadh agus comhoibriú le rialtóirí

Déanaimid athbhreithniú rialta ar an bPolasaí Príobháideachais seo agus déanaimid cinnte go bpróiseálaimid do chuid faisnéise ar bhealaí a chomhlíonann é.

Aistrithe sonraí

agus d'fhéadfaí d'fhaisnéis a phróiseáil ar fhreastalaithe atá lonnaithe taobh amuigh den tír ina bhfuil cónaí ort. Athraíonn dlíthe cosanta sonraí ó thír go tír, agus níos mó cosanta á tabhairt ag cuid acu ná tíortha eile. Beag beann ar an áit a bpróiseáiltear d'fhaisnéis, cuirimid na cosaintí céanna atá mínithe sa pholasaí seo i bhfeidhm. Comhlíonaimid creataí dlí áirithe a bhaineann le haistriú sonraí chomh maith.

Nuair a fhaighimid gearáin fhoirmiúla i scríbhinn, tugaimid freagra trí theagmháil a dhéanamh leis an duine a rinne an gearán. Oibrímid leis na húdaráis rialála chuí, lena n-áirítear údaráis áitiúla cosanta sonraí, chun aon ghearáin maidir le haistriú do shonraí nach féidir linn a réiteach leat go díreach.

Ceanglais Eorpacha

An chaoi le do chearta a fheidhmiú agus le dul i dteagmháil le Google

Má bhaineann dlí um chosaint sonraí an Aontais Eorpaigh (AE) nó na Ríochta Aontaithe (RA) le próiseáil d'fhaisnéise, cuirfimid na rialuithe a shonraítear sa pholasaí seo ar fáil ionas gur féidir leat do chearta a fheidhmiú chun rochtain a iarraidh ar d'fhaisnéis, í a nuashonrú, agus srian a chur lena próiseáil. Tá an ceart agat cur i gcoinne phróiseáil d'fhaisnéise nó d'fhaisnéis a easpórtáil chuig seirbhís eile chomh maith.

Má tá tuilleadh ceisteanna nó iarratais agat maidir le do chearta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Google agus lenár n-oifig cosanta sonraí. Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d'údarás áitiúil cosanta sonraí chomh maith má bhíonn imní ort maidir le do chearta faoin dlí áitiúil.

Rialaitheoir sonraí

Mura gcuirtear in iúl a mhalairt i bhfógra príobháideachais a bhaineann go sonrach le seirbhís, braitheann an ar an áit a bhfuil tú lonnaithe:

  • Google Ireland Limited le haghaidh úsáideoirí seirbhísí Google atá bunaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis, atá lonnaithe ag Gordon House, Sráid na Bearú, Baile Átha Cliath 4, Éire.
  • Google LLC le haghaidh úsáideoirí seirbhísí Google atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe, atá lonnaithe ag 1600 Amphitheatre Parkway, Mountain View, California 94043, SAM.

Is é Google LLC an rialtóir sonraí atá freagrach as próiseáil faisnéise a innéacsaítear agus a thaispeántar i seirbhísí amhail Cuardach Google agus Google Maps beag beann ar do shuíomh. Is é Google Ireland Limited an rialtóir sonraí atá freagrach as faisnéis a phróiseáil chun oiliúint a chur ar shamhlacha Google AI ionas gur féidir na samhlacha sin a úsáid i seirbhísí a sholáthraíonn Google Ireland Limited sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis.

Bunanna dlíthiúla próiseála

Próiseálaimid d'fhaisnéis chun na gcríoch a mhínítear sa pholasaí seo, bunaithe ar na cúiseanna dlí seo a leanas:

  • Próiseálaimid do shonraí chun seirbhís ar iarr tú í a chur ar fáil faoi chonradh.
  • Próiseálaimid do shonraí dár sainleasanna dlisteanacha agus sainleasanna agus á gcur i bhfeidhm againn a chosnaíonn do phríobháideachas.
  • Próiseálaimid do shonraí nuair is gá chun do leasanna ríthábhachtacha nó leasanna ríthábhachtacha duine eile a chosaint.
  • Próiseálaimid do shonraí nuair a bhíonn oibleagáid dhlíthiúil orainn amhlaidh a dhéanamh.
  • Iarraimid do thoiliú chun do shonraí a phróiseáil chun críocha sonracha agus tá sé de cheart agat do thoiliú a tharraingt siar ag am ar bith.

Socróidh an chaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus do shocruithe príobháideachais cé na sonraí a phróiseáilfear, na críocha dá bpróiseáilfear na sonraí sin agus an bunús dlí a bheidh leis an bpróiseáil sonraí. Déantar míniú níos mionsonraithe sa tábla thíos ar na críocha próiseála sin, na cineálacha sonraí a phróiseáiltear agus na cúiseanna dlí a bhaineann le próiseáil na sonraí sin.

An fáth agus an chaoi a bpróiseálaimid sonraíNa sonraí a phróiseáiltearCúiseanna dlí

Seirbhísí, táirgí agus gnéithe Google a sholáthar

Samplaí de ghníomhaíochtaí próiseála:

  • Próiseálaimid na téarmaí a gcuardaíonn tú chun torthaí a thabhairt duit.
  • Bainimid úsáid as an seoladh IP a shanntar do do ghléas chun na sonraí a d'iarr tú a sheoladh chugat, mar shampla físeán YouTube a lódáil.
  • Úsáidimid aitheantóirí uathúla a stóráiltear i bhfianáin ar do ghléas chun cabhrú linn thú a fhíordheimhniú mar an duine ar cheart rochtain a bheith aige/aici ar do Chuntas Google.
  • Úsáidtear grianghraif agus físeáin a uaslódálann tú chuig Google Photos chun cabhrú leat albaim, colláisí agus saothair eile a chruthú, ar féidir leat iad a chomhroinnt.
  • Nuair a cheannaíonn tú seirbhísí nó earraí fisiceacha uainn, úsáidimid do sheoladh poist nó do threoracha seachadta do rudaí amhail d'ordú a phróiseáil, a chomhlíonadh agus a sheachadadh agus chun tacaíocht a sholáthar maidir leis an táirge nó seirbhís a cheannaíonn tú.
  • Próiseálaimid d'fhaisnéis íocaíochta nuair a cheannaíonn tú stóras breise do Google Drive.
  • Is féidir linn faisnéis teagmhála (amhail ainmneacha agus seoltaí ríomhphoist) na ndaoine a n-idirghníomhaíonn tú leo i dtáirgí Google a úsáid chun é a dhéanamh níos éasca teacht ar na daoine atá á lorg agat agus tú ag iarraidh rudaí a chomhroinnt leis na daoine sin agus cumarsáid a dhéanamh leo i seirbhísí eile Google amhail Gmail, Photos agus Assistant.
  • D'fhéadfaí ríomhphost deimhniúcháin eitilte a fuair tú a úsáid chun cnaipe "seiceáil isteach" a chruthú a thaispeánfar i do Gmail.
  • Chomh maith leis sin, bailíonn Google faisnéis fút ó fhoinsí atá inrochtana go poiblí. Mar shampla, má tá d'ainm le feiceáil i do nuachtán áitiúil, féadfaidh inneall cuardaigh Google an t-alt sin a innéacsú agus é a thaispeáint do dhaoine eile má chuardaíonn siad d'ainm. Nó, má tá faisnéis do ghnólachta le feiceáil ar shuíomh gréasáin, féadfaimid í a innéacsú agus a thaispeáint ar sheirbhísí Google.
  • Is féidir linn Comhroinnt Suíomhanna Google a úsáid chun cabhrú leat do shuíomh a chomhroinnt ionas gur féidir le daoine eile thú a aimsiú ar léarscáil nó d'am teachta measta a bheith ar eolas acu.
  • Mar a thuairiscítear sa rannán D'fhaisnéis a chomhroinnt, comhroinnfimid faisnéis phearsanta lasmuigh de Google nuair a bheidh do thoiliú againn agus cuirfimid rialuithe ar fáil duit chun aipeanna agus suíomhanna tríú páirtí ar thug tú rochtain dóibh ar shonraí i do Chuntas Google a athbhreithniú agus a bhainistiú.

Braithfidh an fhaisnéis a phróiseálfar ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus ar do shocruithe ach d'fhéadfadh sé seo a leanas a bheith san áireamh:

Braithfidh na cúiseanna dlí chun an fhaisnéis seo a phróiseáil ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus do shocruithe ach is féidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu:

  • Chun conradh a dhéanamh leat, mar shampla físeán YouTube a lódáil nó d'ordú a phróiseáil, a chomhlíonadh agus a sheachadadh nuair a cheannaíonn tú seirbhísí nó earraí fisiciúla uainn.
  • Nuair is gá sin dár leasanna dlisteanacha agus do leasanna tríú páirtithe, lena n-áirítear:
    • Seirbhísí a chur ar fáil, a chothabháil agus a fheabhsú chun riachtanais ár n-úsáideoirí a chomhlíonadh. Mar shampla, úsáidimid faisnéis teagmhála (amhail ainmneacha agus seoltaí ríomhphoist) na ndaoine a n-idirghníomhaíonn tú leo i dtáirgí Google chun é a dhéanamh níos éasca an duine atá á lorg agat a aimsiú nuair is mian leat faisnéis a chomhroinnt agus cumarsáid a dhéanamh leis na daoine sin i seirbhísí Google eile amhail Gmail, Photos agus Assistant.
  • Le do thoiliú, mar shampla nuair a roghnaíonn tú do shuíomh a chomhroinnt le Comhroinnt Suíomhanna Google.

Chun seirbhísí, táirgí agus gnéithe Google a chothabháil agus a fheabhsú

Chun an tseirbhís a chothabháil ionas go n-oibríonn sí mar atá beartaithe, amhail tríd an tseirbhís a dhífhabhtú nó trí fhadhbanna a rianú nó a fabhtcheartú.

Samplaí de ghníomhaíochtaí próiseála:

  • Déanaimid monatóireacht leanúnach ar ár gcórais chun fadhbanna a lorg. Agus má fhaighimid rud éigin atá cearr le gné ar leith, is féidir linn rudaí a shocrú níos tapúla trí athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis ghníomhaíochta a bailíodh sular thosaigh an fhadhb.
  • Logálaimid idirghníomhaíochtaí úsáideoirí le cnaipí ar aipeanna amhail Google Maps agus Cuardach chun cabhrú linn a oibriú amach an bhfuil siad ag obair mar a bhíothas ag súil leis.

Chun feabhsuithe a dhéanamh ar sheirbhísí Google agus chun cabhrú le sábháilteacht agus iontaofacht na seirbhísí sin a fheabhsú, amhail calaois, mí-úsáid, rioscaí slándála agus fadhbanna teicniúla a d'fhéadfadh dochair a dhéanamh don tseirbhís nó d'úsáideoirí a bhrath, a chosc agus freagairt dóibh.

Samplaí de ghníomhaíochtaí próiseála:

  • Déanaimid anailís ar do shonraí maidir le d'idirghníomhaíochtaí lenár seirbhísí chun cabhrú linn seirbhísí níos fearr a fhorbairt. Mar shampla, d'fhéadfaidís cabhrú linn a fháil amach go nglacann sé an iomad ama ar dhaoine tasc áirithe a chur i gcrích nó go mbíonn deacrachtaí acu na céimeanna a chur i gcrích in aon chor. Ansin is féidir linn an ghné sin a athdhearadh chun an táirge a fheabhsú do gach duine.
  • Mar shampla, déanaimid anailísíocht ar na téarmaí cuardaigh is minice a mhílitrítear chun cabhrú linn gnéithe seiceála litrithe arna n-úsáid ar fud ár seirbhísí a fheabhsú.
  • Déanaimid anailís ar úsáid Aistriúcháin Google chun cáilíocht an aistriúcháin a fheabhsú agus infhaighteacht Aistriúcháin a mhéadú i níos mó teangacha.
  • Déanaimid anailís ar iarratais ar Google Shopping chun cinneadh a dhéanamh faoi na táirgí, ceannaithe agus brandaí atá ábhartha do chineálacha éagsúla iarratas.
  • Is féidir le gné Brabhsála Sláine Google Chrome faisnéis faoi shuíomhanna gréasáin amhrasacha a sheoladh idir brabhsálaí úsáideora agus freastalaithe Google chun cabhrú le cosaint ar fhioscaireacht, bogearraí mailíseacha, fógraí mailíseacha agus tuilleadh.

Braithfidh an fhaisnéis a phróiseálfar ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus ar do shocruithe ach d'fhéadfadh sé seo a leanas a bheith san áireamh:

Braithfidh na cúiseanna dlí chun an fhaisnéis seo a phróiseáil ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus do shocruithe ach is féidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu:

  • Chun conradh a dhéanamh leat, mar shampla logaí idirghníomhaíochtaí le haipeanna Google a úsáid chun a chinntiú go bhfuil siad ag obair mar atá beartaithe.
  • Nuair is gá sin dár leasanna dlisteanacha agus do leasanna tríú páirtithe, lena n-áirítear:
    • Seirbhísí a chur ar fáil, cothabháil a dhéanamh orthu agus iad a fheabhsú chun riachtanais ár n-úsáideoirí a chomhlíonadh. Mar shampla, anailísíocht a dhéanamh ar na téarmaí cuardaigh is minice a mhílitrítear chun cabhrú linn gnéithe seiceála litrithe arna n-úsáid ar fud ár seirbhísí a fheabhsú.
    • Tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáideann daoine ár seirbhísí chun feidhmíocht ár seirbhísí a chinntiú agus a fheabhsú. Mar shampla, anailís a dhéanamh ar úsáid Aistriúcháin Google chun cáilíocht an aistriúcháin a fheabhsú agus chun infhaighteacht Aistriúcháin Google i níos mó teangacha a mhéadú.
    • Taighde a dhéanamh chun ár seirbhísí a fheabhsú dár n-úsáideoirí agus chun leas an phobail, mar shampla, an caighdeán aistriúcháin a fheabhsú ar Aistriúchán Google agus infhaighteacht Aistriúcháin i níos mó teangacha a mhéadú.

Chun seirbhísí, táirgí agus gnéithe nua Google a fhorbairt

Samplaí de ghníomhaíochtaí próiseála:

  • Trí thuiscint a fháil ar conas a d'eagraigh daoine a ngrianghraif in Picasa, an chéad aip grianghraf de chuid Google, chabhraigh sé sin linn Google Photos a dhearadh agus a sheoladh.
  • Cabhraíodh le Google seirbhísí nua YouTube a fhorbairt trí thuiscint a fháil ar an gcaoi a bhféachann úsáideoirí ar ábhar gearrfhoirme agus a ngineann cruthaitheoirí ábhar den chineál sin.
  • Ag brath ar do shocruithe, is féidir linn taifeadtaí fuaime de chuid idirghníomhaíochtaí gutha le seirbhísí amhail Cuardach Google, Assistant, Maps agus Gboard a shábháil chun teicneolaíochtaí fuaime Google a fhorbairt agus a fheabhsú.
  • Bainimid úsáid as faisnéis atá ar fáil go poiblí ar líne nó ó fhoinsí poiblí eile chun cabhrú le samhlacha nua meaisínfhoghlama a oiliúint agus teicneolaíochtaí bunúsacha a fhorbairt a chumhachtaíonn táirgí éagsúla Google mar Aistriúchán Google, Aipeanna Gemini agus cumais Cloud AI.
  • Bainimid úsáid as d'idirghníomhaíocht le samhlacha IS agus teicneolaíochtaí amhail Aipeanna Gemini chun na samhlacha sin a fhorbairt, a oiliúint, a mhionchoigeartú agus a fheabhsú chun d'iarratais a láimhseáil ar bhealach níos fearr, agus chun a gcuid aicmitheoirí agus scagairí a nuashonrú, lena n-áirítear do shábháilteacht, tuiscint teanga agus fírinne.

Braithfidh an fhaisnéis a phróiseálfar ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus ar do shocruithe ach d'fhéadfadh sé seo a leanas a bheith san áireamh:

Braithfidh na cúiseanna dlí chun an fhaisnéis seo a phróiseáil ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus do shocruithe ach is féidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu:

  • Nuair is gá sin dár leasanna dlisteanacha agus do leasanna tríú páirtithe, lena n-áirítear:
    • Táirgí agus gnéithe nua atá úsáideach dár n-úsáideoirí a fhorbairt. Mar shampla, trí thuiscint a fháil ar conas a d'úsáid daoine grianghraif in Picasa, an chéad aip grianghraf de chuid Google, cabhraíodh linn Google Photos a dhearadh agus a sheoladh. Nó faisnéis a úsáid atá ar fáil go poiblí ar líne nó ó fhoinsí poiblí eile chun cabhrú le hoiliúint a chur ar shamhlacha Google AI agus chun táirgí agus gnéithe amhail Aistriúchán Google, Aipeanna Gemini agus cumais Cloud AI a fhorbairt leis na teicneolaíochtaí bunúsacha sin.
    • Seirbhísí a chur ar fáil, a chothabháil agus a fheabhsú chun riachtanais ár n-úsáideoirí a chomhlíonadh. Mar shampla, úsáidimid faisnéis faoi do ghníomhaíocht inár seirbhísí, amhail d'idirghníomhaíochtaí le hAipeanna Gemini, chun samhlacha meaisínfhoghlama a oiliúint agus a fheabhsú agus a gcumas tuisceana teanga, aicmitheoirí sábháilteachta agus scagairí a nuashonrú.
  • Le do thoiliú, mar shampla taifeadtaí fuaime a shábháil ar idirghníomhaíochtaí gutha le Cuardach Google, Assistant, Maps agus Gboard chun teicneolaíochtaí fuaime Google a fhorbairt agus a fheabhsú.

Chun seirbhísí oiriúnaithe a sholáthar, lena n-áirítear ábhar agus fógraí

Chun ár seirbhísí a shaincheapadh duit, lena n-áirítear moltaí, ábhar oiriúnaithe agus torthaí cuardaigh saincheaptha a chur ar fáil.

Samplaí de ghníomhaíochtaí próiseála:

  • Cuireann gné Sheiceáil Slándála Google noda slándála ar fáil atá in oiriúint don chaoi a n-úsáideann tú táirgí Google.
  • Is féidir le Google News torthaí nuachta áitiúla atá bunaithe ar do neas-shuíomh a sholáthar duit.
  • D'fhéadfadh Cuardach Google torthaí a sholáthar duit atá bunaithe ar do neas-suíomh.
  • Is féidir le Google Assistant do theagmhálaithe a úsáid chun teachtaireacht a sheoladh nuair a iarrann tú é sin, amhail "Seol téacs chuig Seán Mac Gabhann."
  • Úsáideann Google Play faisnéis amhail aipeanna a shuiteáil tú cheana féin agus físeáin ar fhéach tú orthu ar YouTube chun aipeanna nua a mholadh arbh fhéidir gur mhaith leat iad.
  • Is féidir linn Google Doodle a thaispeáint ar an leathanach baile Cuardaigh chun ócáid a bhaineann go sonrach le do thír féin a cheiliúradh.
  • Is féidir le Google fógraí a thaispeáint duit atá bunaithe ar chomhthéacs an tsuímh a bhfuil tú ag tabhairt cuairte air, cosúil le fógraí le haghaidh trealamh garraíodóireachta ar leathanach a bhaineann le leideanna garraíodóireachta.
  • Nuair atá tú sínithe isteach ar do Chuntas Google agus an rialú i dtaca le Gníomhaíocht Ghréasáin agus Aipe cumasaithe agat, is féidir leat torthaí cuardaigh níos ábhartha a fháil atá bunaithe ar na cuardaigh a rinne tú roimhe seo agus ar do ghníomhaíocht ó sheirbhísí Google eile.

Ag brath ar do shocruithe, chun fógraí oiriúnaithe a thaispeáint duit atá bunaithe ar na rudaí a bhfuil spéis agat iontu.

Samplaí de ghníomhaíochtaí próiseála:

  • Má dhéanann tú cuardach ar "rothair shléibhe" nó má fhéachann tú ar fhíseáin rothaíochta sléibhe, b'fhéidir go bhfeicfidh tú fógra le haghaidh trealamh spóirt i do thorthaí cuardaigh nó ar YouTube.
  • Má fhéachann tú ar fhíseáin faoi bhácáil ar YouTube, féadfaidh tú níos mó fógraí a bhaineann le bácáil a fheiceáil agus tú ag brabhsáil ar an nGréasán.
  • Is féidir leat fógraí oiriúnaithe a fheiceáil freisin bunaithe ar fhaisnéis ón bhfógróir. Má rinne tú siopadóireacht ar shuíomh gréasáin fógróra, mar shampla, is féidir leis an bhfógróir an fhaisnéis chuairte sin a úsáid chun fógraí a thaispeáint duit.

Braithfidh an fhaisnéis a phróiseálfar ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus ar do shocruithe ach d'fhéadfadh sé seo a leanas a bheith san áireamh:

Braithfidh na cúiseanna dlí chun an fhaisnéis seo a phróiseáil ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus do shocruithe ach is féidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu:

  • Chun conradh a dhéanamh leat, mar shampla nuair a úsáideann Google Assistant do theagmhálaithe chun teachtaireacht a sheoladh ar d'iarratas, cosúil le "Send a text to John Smith".
  • Nuair is gá sin dár leasanna dlisteanacha agus do leasanna tríú páirtithe, lena n-áirítear:
    • Ár seirbhísí a shaincheapadh chun eispéireas úsáideora níos fearr a sholáthar duit. Mar shampla, d'fhéadfaimis Google Doodle a thaispeáint ar an leathanach baile Cuardaigh chun eachtra a bhaineann go sonrach le do thír a cheiliúradh, noda slándála a sholáthar atá curtha in oiriúint don chaoi a n-úsáideann tú táirgí Google, nó an t-eispéireas a shaincheapadh le bheith oiriúnach ó thaobh aoise de, más ábhartha.
    • Fógraíocht a sholáthar, rud a ligeann dúinn cuid mhór dár seirbhísí a thairiscint gan táille. Mar shampla, fógraí a thaispeáint duit atá bunaithe ar chomhthéacs an tsuímh a bhfuil tú ag tabhairt cuairte air, cosúil le fógraí le haghaidh trealamh garraíodóireachta ar leathanach a bhaineann le leideanna garraíodóireachta. (Agus i gcás go bhfuil na fógraí oiriúnaithe, iarraimid toiliú ort.)
  • Le do thoiliú, amhail aipeanna a mholadh ar Google Play bunaithe ar fhíseáin ar fhéach tú orthu ar YouTube, nó fógraí oiriúnaithe bunaithe ar do spéiseanna a thaispeáint duit, amhail fógraí a bhaineann le bácáil agus tú ag brabhsáil ar an nGréasán tar éis féachaint ar fhíseáin a bhaineann le bácáil ar YouTube.

Chun feidhmíocht a thomhas – Úsáidimid sonraí d'anailísíocht agus do thomhas chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidtear ár seirbhísí.

Samplaí de ghníomhaíochtaí próiseála:

  • Déanaimid anailís ar shonraí faoi do chuairteanna ar ár suíomhanna chun rudaí a dhéanamh cosúil le dearadh táirgí a bharrfheabhsú.
  • Bainimid úsáid as sonraí faoi na fógraí a n-idirghníomhaíonn tú leo chun cabhrú le fógróirí feidhmíocht a bhfeachtas fógraíochta a thuiscint.
  • Úsáidimid sonraí faoi na háiteanna is minice a gcliceálann úsáideoirí orthu ar Google Earth chun tuiscint a fháil ar na gnéithe a bhfuil tóir orthu agus chun fabhtanna a aithint.
  • Tomhaiseann Cuardach Google an líon uaireanta a rinneadh iarratas ar leith, agus an chaoi a mbreathnaíonn úsáideoirí ar cháilíocht a dtorthaí cuardaigh, chun Cuardach a dhéanamh níos úsáidí.
  • Déanann Aistriúchán Google anailís ar shonraí maidir le líon na n-aistriúchán a dhéantar agus líon na n-uaireanta a mharcáiltear go bhfuil droch-chaighdeán ag aistriúchán, is é sin chun gnéithe nua féideartha a aithint agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhíonn ag úsáideoirí ar an tseirbhís.
  • Is féidir go gcomhroinnfimid lenár gcomhpháirtithe faisnéis nach faisnéis inaitheanta phearsanta í amhail ceadúnóirí ábhair a ghabhfaidh le híocaíochtaí dleachta.

Braithfidh an fhaisnéis a phróiseálfar ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus ar do shocruithe ach d'fhéadfadh sé seo a leanas a bheith san áireamh:

Braithfidh na cúiseanna dlí chun an fhaisnéis seo a phróiseáil ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus do shocruithe ach is féidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu:

  • Nuair is gá sin dár leasanna dlisteanacha agus do leasanna tríú páirtithe, lena n-áirítear:
    • Tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáideann daoine ár seirbhísí chun feidhmíocht ár seirbhísí a chinntiú agus a fheabhsú. Mar shampla, anailís a dhéanamh ar úsáid Aistriúcháin Google chun cáilíocht an aistriúcháin a fheabhsú agus chun infhaighteacht Aistriúcháin Google i níos mó teangacha a mhéadú.
    • Fadhbanna calaoise, mí-úsáide, slándála nó teicniúla a bhrath, a chosc nó, seachas sin, dul i ngleic leo. Mar shampla, déanaimid monatóireacht ar phatrúin úsáide ar Google Earth chun fabhtanna a aithint.
    • Seirbhísí a chur ar fáil, a chothabháil agus a fheabhsú chun riachtanais ár n-úsáideoirí a chomhlíonadh. Mar shampla, déanaimid anailís ar líon na n-uaireanta a mharcáiltear go bhfuil droch-chaighdeán ag aistriúchán ar Aistriúchán Google chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhíonn ag úsáideoirí ar an tseirbhís.
    • Táirgí agus gnéithe nua a fhorbairt atá úsáideach dár n-úsáideoirí. Mar shampla, anailísíocht a dhéanamh ar shonraí maidir le líon na n-aistriúchán a rinneadh ar Aistriúchán Google chun gnéithe féideartha nua a aithint.
    • Oibleagáidí a chomhlíonadh dár gcomhpháirtithe amhail forbróirí agus sealbhóirí ceart. Mar shampla, tuairisciú a chur ar fáil do cheadúnóirí ábhair in éineacht le híocaíochtaí dleachta.

Chun cumarsáid a dhéanamh leat — Úsáidimid faisnéis a bhailímid, amhail do sheoladh ríomhphoist, chun idirghníomhú leat go díreach.

Samplaí de ghníomhaíochtaí próiseála:

  • D'fhéadfaimis fógra a chur chugat má bhraithimid gníomhaíocht amhrasach, amhail iarracht chun síniú isteach i do Chuntas Google ó áit neamhghnách.
  • Is féidir linn thú a chur ar an eolas faoi athruithe nó feabhsuithe ar ár seirbhísí atá le teacht.
  • Má théann tú i dteagmháil le Google, coimeádfaimid taifead de d'iarratas chun cabhrú le haon fhadhbanna atá agat a réiteach.
  • D'fhéadfadh seirbhísí Google amhail Photos cumarsáid mhargaíochta a chur chugat maidir lena dtairiscintí táirge amhail promóisin phriontála, ag brath ar do shocruithe.
  • D'fhéadfadh seirbhísí Google amhail YouTube Premium agus YouTube Music Premium fógra a thabhairt duit faoi athruithe atá le teacht ar do shíntiús.

Braithfidh an fhaisnéis a phróiseálfar ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus ar do shocruithe ach d'fhéadfadh sé seo a leanas a bheith san áireamh:

Braithfidh na cúiseanna dlí chun an fhaisnéis seo a phróiseáil ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus do shocruithe ach is féidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu:

  • Chun conradh a chomhlíonadh leat, amhail nuair a théann tú i dteagmháil le Google chun tacaíocht a fháil nó nuair a chláraíonn tú do chumarsáid maidir le nuashonraithe táirge.
  • Nuair is gá sin dár leasanna dlisteanacha agus do leasanna tríú páirtithe, lena n-áirítear:
    • Seirbhísí a chur ar fáil, a chothabháil agus a fheabhsú chun riachtanais ár n-úsáideoirí a chomhlíonadh. Mar shampla, thú a chur ar an eolas faoinár seirbhísí, amhail chun athruithe nó feabhsuithe atá le déanamh ar na seirbhísí sin a chur in iúl duit.
    • Margaíocht chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoinár seirbhísí. Mar shampla, ríomhphost a sheoladh chuig úsáideoirí Photos faoi promóisean priontála.

Chun Google, ár n-úsáideoirí agus an pobal a chosaint

Chun cabhrú le sábháilteacht agus iontaofacht ár seirbhísí a fheabhsú, lena n-áirítear brath, cosc agus freagairt a dhéanamh ar chalaois, mí-úsáid, riosca slándála agus ceisteanna teicniúla a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do Google, dár n-úsáideoirí nó don phobal.

Samplaí de ghníomhaíochtaí próiseála:

  • Bailímid agus déanaimid anailís ar sheoltaí IP agus sonraí fianán le cosaint i gcoinne mí-úsáid uathoibrithe. Is iomaí cineál na mí-úsáide sin ann, amhail turscar a sheoladh chuig úsáideoirí Gmail, airgead a ghoideadh ó fhógróirí trí chliceáil ar fhógraí go calaoiseach, nó cinsireacht a dhéanamh ar ábhar trí ionsaí maidir le Diúltú Dáilte Seirbhíse (DDoS) a sheoladh.
  • Is féidir leis an ngné "Gníomhaíocht is déanaí ón gcuntas seo" in Gmail cabhrú leat a fháil amach an bhfuair duine rochtain ar do ríomhphost gan fhios duit agus cén uair a fuarthas í sin. Taispeánann an ghné seo faisnéis duit faoi ghníomhaíocht a rinneadh in Gmail le déanaí, mar shampla na seoltaí IP a fuair rochtain ar do ríomhphost, an suíomh gaolmhar agus dáta agus am na rochtana.
  • Déanaimid ár n-ábhar a anailísiú chun cabhrú linn , amhail turscar, bogearraí mailíseacha agus ábhar mídhleathach.
  • Faoi pholasaithe bainte ábhair Google nó faoin dlí infheidhme, próiseálaimid faisnéis maidir le hiarratais ar ábhar a bhaint dár seirbhísí chun an t-iarratas i gceist a mheas agus chun trédhearcacht a chinntiú, chun freagracht a fheabhsú agus chun mí-úsáid agus calaois a chosc sna cleachtaí sin.

Chun aon dlí, rialachán, próiseas dlí nó iarratas in-forfheidhmithe rialtais atá infheidhme a chomhlíonadh.

Samplaí de ghníomhaíochtaí próiseála:

  • Mar is ionann agus cuideachtaí teicneolaíochta agus cumarsáide eile, faigheann Google iarratais go minic ó rialtais agus cúirteanna ar fud an domhain maidir le sonraí úsáideora a nochtadh. Is bonn taca é meas do phríobháideachas agus slándáil na sonraí a stórálann tú le Google maidir lenár gcur chuige chun na hiarratais dhlíthiúla sin a chomhlíonadh. Déanann ár bhfoireann dhlíthiúil athbhreithniú ar gach uile iarratas, beag beann ar a chineál, agus is minic a chuirimid i gcoinne na n-iarratas má tá siad ró-leathan nó mura leanann siad an próiseas ceart.
  • In amanna, éilíonn oibleagáidí dlíthiúla orainn faisnéis ar leith a choinneáil chun críocha amhail taifid airgeadais a choinneáil. Sampla de sin is ea faisnéis faoi íocaíocht a rinne tú le Google chun críocha cánach nó cuntasaíochta.
  • Éilíonn dlíthe agus rialacháin éagsúla orainn bearta a chur i bhfeidhm chun a dhearbhú go bhfuil ár n-úsáideoirí sean go leor chun ár seirbhísí a úsáid. Chun cabhrú le d'aois a chinneadh, próiseálaimid an dáta breithe a sholáthraíonn tú. Próiseálaimid faisnéis freisin faoi do ghníomhaíocht inár seirbhísí, nuair a bhíonn tú sínithe isteach i gCuntas Google nó sínithe amach agus bainimid úsáid as teicneolaíocht meaisínfhoghlama chun a fháil amach an dócha go bhfuil tú os cionn 18 mbliana d'aois. I gcásanna áirithe, mura féidir linn a dhearbhú go bhfuil tú sean go leor chun ár seirbhísí a úsáid ar bhealaí eile, is féidir linn faisnéis eile a iarraidh chun d'aois a fhíorú, cosúil le d'aitheantas rialtais, cárta creidmheasa, grianghraf díot, nó d'uimhir ghutháin.

Braithfidh an fhaisnéis a phróiseálfar ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus ar do shocruithe ach d'fhéadfadh sé seo a leanas a bheith san áireamh:

Braithfidh na cúiseanna dlí chun an fhaisnéis seo a phróiseáil ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google agus do shocruithe ach is féidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu:

  • Nuair is gá sin dár leasanna dlisteanacha agus do leasanna tríú páirtithe, lena n-áirítear:
    • Éilimh dhlí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear sáruithe féideartha ar Théarmaí Seirbhíse infheidhme a fhiosrú. Mar shampla, déanaimid anailís ar ábhar chun cabhrú linn mí-úsáid amhail turscar, bogearraí mailíseacha agus ábhar mídhleathach a bhrath.
    • Fadhbanna calaoise, mí-úsáide, slándála nó teicniúla a bhrath, a chosc nó, seachas sin, dul i ngleic leo. Mar shampla, seoltaí IP agus sonraí fianán a bhailiú agus a anailísiú chun cosaint i gcoinne mí-úsáid uathoibrithe.
    • Cosaint ar dhochar do chearta, maoin nó slándáil Google, ár n-úsáideoirí nó an phobail, lena n-áirítear faisnéis a nochtadh d'údaráis rialtais. Mar shampla, freagairt do phróiseas dlí nó d'iarratais in-fhorfheidhmithe ó rialtais agus ó chúirteanna chun sonraí a nochtadh, tar éis athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar gach iarratas chun a chinntiú go gcomhlíonann sé na dlíthe is infheidhme.
    • Taighde a dhéanamh chun ár seirbhísí a fheabhsú dár n-úsáideoirí agus chun leas an phobail. Áirítear leis sin, mar shampla, próiseáil faisnéise maidir le hiarratais ar ábhar a bhaint ónár seirbhísí chun oideachas a chur ar an bpobal, taighde a éascú agus trédhearcacht a chur ar fáil maidir leis na hiarratais sin.
  • Nuair is gá na leasanna ríthábhachtacha atá agat nó atá ag duine eile a chosaint. Mar shampla, déanaimid sonraí a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach páistí ar líne a bhrath agus chun dul i ngleic léi.
  • Nuair a bhíonn oibleagáid dhlíthiúil orainn amhlaidh a dhéanamh, amhail faisnéis áirithe a choinneáil chun críocha amhail taifid airgeadais a choinneáil nó faisnéis a phróiseáil agus a choinneáil chun cabhrú lena chinntiú go bhfuil úsáideoirí sean go leor chun ár seirbhísí a úsáid.

Do sheirbhísí Google a nascadh

Más úsáideoir san AE thú, tugaimid an rogha duit seirbhísí Google áirithe a choinneáil nasctha. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoinár seirbhísí nasctha agus faoin gcaoi le do roghanna a bhainistiú ag Faoi DMA agus Do Sheirbhísí Nasctha.

Maidir leis an bpolasaí seo

Nuair a bhíonn feidhm ag an bpolasaí seo

Tá an Polasaí Príobháideachais seo infheidhme maidir leis na seirbhísí uile a thairgeann Google LLC agus a , lena n-áirítear YouTube, Android agus seirbhísí a thairgtear ar shuíomhanna tríú páirtí, amhail seirbhís fógraíochta. Níl an Polasaí Príobháideachais seo infheidhme maidir le seirbhísí lena mbaineann polasaithe príobháideachais ar leith nach gcuimsítear an Polasaí Príobháideachais seo iontu.

Ní bhaineann an Polasaí Príobháideachais seo le:

  • Cleachtais faisnéise cuideachtaí agus eagraíochtaí eile a fhógraíonn ár seirbhísí
  • Seirbhísí a thairgeann cuideachtaí nó daoine aonair eile, lena n-áirítear táirgí nó suíomhanna a thairgeann siad a bhféadfadh a bheith san áireamh leo seirbhísí Google ar a bhfuil an polasaí i bhfeidhm, nó táirgí nó suíomhanna a thaispeántar duit i dtorthaí cuardaigh nó a nasctar leo ónár gcuid seirbhísí

Athruithe ar an bpolasaí seo

Athraímid an Polasaí Príobháideachais seo ó am go ham. Ní laghdaímid do chearta faoin bPolasaí Príobháideachais gan do thoiliú sainráite. Cuirimid in iúl i gcónaí an dáta ar foilsíodh na hathruithe deireanacha agus tairgimid rochtain ar leaganacha a cuireadh i gcartlann ar mhaithe le d'athbhreithniú. Más athruithe suntasacha atá i gceist, soláthróimid fógra níos suntasaí (lena n-áirítear, le haghaidh seirbhísí áirithe, fógra ríomhphoist i dtaca le hathruithe ar an bPolasaí Príobháideachais).

Cleachtais phríobháideachais lena mbaineann

Seirbhísí sonracha Google

Soláthraíonn na fógraí príobháideachais seo a leanas faisnéis bhreise faoi roinnt seirbhísí Google:

Má tá tú i do bhall d'eagraíocht a úsáideann Google Workspace nó Google Cloud Platform, foghlaim conas a bhailíonn agus a úsáideann na seirbhísí sin d'fhaisnéis phearsanta i bhFógra Príobháideachais Google Cloud.

Acmhainní úsáideacha eile

Leagann na naisc seo a leanas béim ar acmhainní úsáideacha chun tuilleadh faisnéise a fháil faoinár gcleachtais agus ár socruithe príobháideachais.

Eochairthéarmaí

Aitheantóirí uathúla

Is éard is aitheantóir uathúil ann ná teaghrán carachtar is féidir a úsáid chun brabhsálaí, aip nó gléas a aithint go huathúil. Bíonn difríochtaí idir aitheantóirí éagsúla a bhaineann lena mbuaine, le húsáideoirí a bheith in ann iad a athshocrú agus leis an gcaoi ar féidir rochtain a fháil orthu.

Is féidir aitheantóirí uathúla a úsáid chun críoch éagsúil, lena n-áirítear slándáil agus calaois a bhrath, seirbhísí amhail do bhosca isteach ríomhphoist a shioncronú, cuimhneamh ar do shainroghanna agus fógraíocht atá oiriúnaithe duitse a sholáthar. Mar shampla, cabhraíonn aitheantóirí uathúla a stóráiltear i bhfianáin le suíomhanna ábhair a thaispeáint i do bhrabhsálaí i do theanga roghnaithe. Is féidir leat do bhrabhsálaí a chumrú chun diúltú do gach fianán nó chun tabhairt le fios nuair atá fianán á sheoladh. Faigh tuilleadh faisnéise maidir leis an gcaoi a n-úsáideann Google fianáin.

Ar ardáin eile seachas brabhsálaithe, úsáidtear aitheantóirí uathúla le gléas nó feidhmchlár sonrach a aithint ar an ngléas sin. Mar shampla, úsáidtear aitheantóir uathúil amhail an tAitheantas Fógraíochta chun fógraíocht ábhartha a sholáthar ar ghléasanna Android, agus is féidir é a bhainistiú i socruithe do ghléis. D'fhéadfaí aitheantóirí uathúla a chuimsiú i ngléas ag a dhéantóir (ar a dtugtar aitheantóir uathúil nó UUID ó am go chéile), amhail an uimhir IMEI ag guthán póca. Mar shampla, is féidir úsáid a bhaint as an t-aitheantóir uathúil gléis lenár seirbhísí a shaincheapadh do do ghléas nó chun anailísíocht a dhéanamh ar fhadhbanna gléis a bhaineann lenár seirbhísí.

Algartam

Próiseas nó sraith rialacha a leanann ríomhaire chun oibríochtaí réitigh fadhbanna a dhéanamh.

Cleamhnaithe

Is páirtí é cleamhnaí a bhaineann le grúpa cuideachtaí Google, lena n-áirítear na cuideachtaí seo a leanas a sholáthraíonn seirbhísí do thomhaltóirí san AE: Google Ireland Limited, Google Commerce Ltd, Google Payment Corp agus Google Dialer Inc. Faigh tuilleadh faisnéise faoi na cuideachtaí a sholáthraíonn seirbhísí gnó in AE.

Clib phicteilín

Is éard is clib phicteilín ann ná cineál teicneolaíochta a chuirtear ar shuíomh gréasáin nó laistigh de chorp ríomhphoist chun gníomhaíocht áirithe a rianú, amhail amhairc ar shuíomh gréasáin nó an uair a osclaítear ríomhphost. Is minic a úsáidtear clibeanna picteilíní in éineacht le fianáin.

Cuntas Google

Is féidir leat rochtain a fháil ar roinnt dár seirbhísí trí chlárú do Chuntas Google agus trí roinnt faisnéise pearsanta (mar atá d'ainm, do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal de ghnáth) a chur ar fáil dúinn. Úsáidtear an fhaisnéis chuntais sin chun thú a fhíordheimhniú nuair a fhaigheann tú rochtain ar sheirbhísí Google agus chun do chuntas a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe ag daoine eile. Is féidir leat do chuntas a chur in eagar nó a scriosadh ag am ar bith trí shocruithe do Chuntais Google.

Eolas pearsanta

Is faisnéis í seo a chuireann tú ar fáil dúinn agus ina n-aithnítear go pearsanta thú, amhail d'ainm, do sheoladh ríomhphoist, d'fhaisnéis bhilleála nó sonraí eile is féidir le Google a nascadh go réasúnta le faisnéis den sórt sin, amhail faisnéis a cheanglaímid le do Chuntas Google.

Faisnéis nach féidir duine a aithint go pearsanta

Is faisnéis í seo a thaifeadtar faoi úsáideoirí ionas nach léiríonn sí úsáideoir inaitheanta aonair a thuilleadh nó nach ndéanann sí tagairt don úsáideoir sin.

Faisnéis phearsanta íogair

Is catagóir ar leith d'fhaisnéis phearsanta é seo a bhaineann le hábhair amhail fíricí rúnda leighis, bunús ciníoch nó eitneach, creidimh pholaitiúla nó reiligiúnacha nó gnéasacht.

Fianáin

Is comhad beag é fianán, ina bhfuil teaghrán carachtar a sheoltar chuig do ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin. Nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh arís, ligeann an fianán don suíomh sin do bhrabhsálaí a aithint. Is féidir le fianáin sainroghanna úsáideora agus faisnéis eile a stóráil. Is féidir leat do bhrabhsálaí a chumrú chun diúltú do gach fianán nó chun tabhairt le fios nuair atá fianán á sheoladh. D'fhéadfadh sé nach bhfeidhmeoidh roinnt gnéithe nó seirbhísí ar shuíomh gréasáin mar is ceart gan fianáin, áfach. Faigh tuilleadh faisnéise maidir leis an gcaoi a n-úsáideann Google fianáin agus an gcaoi a n-úsáideann Google sonraí, lena n-áirítear fianáin, nuair a úsáideann tú suíomhanna nó aipeanna ár gcomhpháirtithe.

Gléas

Is ríomhaire é gléas, is féidir a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhísí Google. Mar shampla, meastar gur gléasanna iad ríomhairí deisce, táibléad, callairí cliste agus gutháin chliste.

Logaí freastalaí

Cosúil le formhór na suíomhanna gréasáin, déanann freastalaithe na hiarratais leathanaigh arna ndéanamh nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomhanna a thaifeadadh go huathoibríoch. De ghnáth áirítear sna "logaí freastalaí" sin d'iarratas gréasáin, do sheoladh Prótacail Idirlín, do chineál brabhsálaí, do theanga brabhsálaí, dáta agus am d'iarratais agus fianán amháin nó níos mó a d'fhéadfadh do bhrabhsálaí a aithint go huathúil.

Is é seo a leanas an chuma atá ar ghnáthiontráil loga le haghaidh cuardaigh ar "Carranna":

123.45.67.89 - 25/Mar/2003 10:15:32 -
http://www.google.com/search?q=cars -
Chrome 112; OS X 10.15.7 -
740674ce2123e969
  • 123.45.67.89 is é an seoladh Prótacal Idirlín a shanntar don úsáideoir ag soláthraí seirbhísí Idirlín an úsáideora. Ag brath ar sheirbhís an úsáideora, féadfaidh soláthraí seirbhíse an úsáideora seoladh difriúil a shannadh don úsáideoir gach uair a cheanglaíonn sé nó sí leis an Idirlíon.
  • 25/Mar/2003 10:15:32 dáta agus am an iarratais.
  • http://www.google.com/search?q=cars an URL a iarradh, lena n-áirítear an téarma cuardaigh.
  • Chrome 112; OS X 10.15.7 is ea an brabhsálaí agus an córas oibriúcháin atá in úsáid.
  • 740674ce2123a969 is é sin an t-aitheantas fianáin uathúil a sannadh don ríomhaire áirithe seo an chéad uair a thug sé cuairt ar Google. (Is féidir le húsáideoirí fianáin a scriosadh. Má scrios an t-úsáideoir an fianán den ríomhaire ón uair dheireanach a thug sé/sí cuairt ar Google, is é a bheidh ann ná an t-aitheantas fianáin uathúil a shannfar dá g(h)léas an chéad uair eile a thabharfaidh sé/sí cuairt ar Google ón ngléas áirithe sin).

Seoladh IP

Sanntar uimhir ar a dtugtar seoladh Prótacail Idirlín (IP) do gach gléas atá ceangailte leis an Idirlíon. De ghnáth sanntar na huimhreacha seo i mbloic gheografacha. Is féidir seoladh IP a úsáid go minic chun an suíomh óna bhfuil gléas ag nascadh leis an Idirlíon a aithint. Faigh tuilleadh faisnéise faoin gcaoi a n-úsáidimid faisnéis suímh.

Stóras gréasáin an bhrabhsálaí

Cuireann stóráil ghréasáin bhrabhsálaí ar chumas suíomhanna gréasáin sonraí a stóráil i mbrabhsálaí ar ghléas. Nuair a úsáidtear i mód "stóras áitiúil" í, is féidir sonraí a stóráil ar fud seisiún. Fágann sé sin go bhfuil sonraí in-aisghabhála fiú tar éis brabhsálaí a dhúnadh agus a athoscailt. Is é HTML 5 teicneolaíocht amháin a éascaíonn stóráil ghréasáin.

Taisce sonraí aipe

Is stór sonraí ar ghléas é taisce sonraí feidhmchláir. Is féidir leis, mar shampla, feidhmchlár gréasáin a chumasú le rith gan nasc Idirlín agus feidhmíocht an fheidhmchláir a fheabhsú trí lódáil níos tapa ábhair a chumasú.

URL an atreoraí

Is éard is URL Tagróra (arb ea "URL" ná "Uniform Resource Locator" nó "Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne") ann ná faisnéis a tharchuirtear ag brabhsálaí gréasáin chuig suíomh gréasáin ceann scríbe, de ghnáth nuair a chliceálann tú nasc chuig an leathanach sin. Cuimsítear san URL Tagróra URL an tsuímh ghréasáin dheireanaigh ar thug an brabhsálaí cuairt air.

Comhthéacs Breise

a bhaint

Mar shampla, mar a mhínítear thuas, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun ábhar a bhaint, lena n-áirítear ábhar a bhféadfadh d'fhaisnéis a bheith ann, ó sheirbhísí Google ar leith, bunaithe ar an dlí infheidhme (lena n-áirítear an dlí cosanta sonraí) agus ár bpolasaithe.

a bheith ag brath ar fhianáin chun feidhmiú i gceart

Mar shampla, úsáidimid fianán ar a dtugtar "lbcs" a ligeann duit go leor Google Docs a oscailt i mbrabhsálaí amháin. Dá gcuirfeadh bac ar an bhfianán sin, ní oibreodh Google Docs mar a bheifí ag súil leis. Tuilleadh faisnéise

a chinntiú agus a fheabhsú

Mar shampla, déanaimid anailís ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn daoine le fógraíocht chun feidhmíocht ár bhfógraí a fheabhsú.

a chinntiú go bhfuil ár seirbhísí ag obair mar a beartaíodh

Mar shampla, déanaimid monatóireacht leanúnach ar ár gcórais chun fadhbanna a lorg. Agus má fhaighimid rud éigin atá cearr le gné ar leith, is féidir linn rudaí a shocrú níos tapúla trí athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis ghníomhaíochta a bailíodh sular thosaigh an fhadhb.

a oibríonn i gcomhpháirtíocht le Google

Tá níos mó ná 2 mhilliún suíomh gréasáin agus aip nach suíomh gréasáin ná aip Google iad, a oibríonn i gcomhpháirtíocht le Google chun fógraí a thaispeáint. Tuilleadh faisnéise

a théann chun tairbhe don phobal

Mar shampla, próiseálaimid faisnéis maidir le hiarratais ar ábhar a bhaint dár seirbhísí chun oideachas a chur ar an bpobal, taighde a éascú agus trédhearcacht a chur ar fáil maidir leis na hiarratais sin.

Áiteanna a lipéadaíonn tú amhail baile agus obair

B'fhéidir go roghnóidh tú áiteanna atá tábhachtach duit, amhail do bhaile nó d'áit oibre, a shábháil ar do Chuntas Google. Má shocraíonn tú do sheoltaí baile nó oibre, is féidir iad a úsáid chun cabhrú leat rudaí a dhéanamh ar bhealach níos éasca, amhail treoracha a fháil nó torthaí a aimsiú atá níos gaire do do bhaile nó d'áit oibre, agus chun fógraí níos úsáidí a fháil.

Is féidir leat do sheoladh baile nó oibre a chur in eagar nó a scriosadh ag am ar bith i do Chuntas Google.

Amhairc agus idirghníomhaíochtaí le hábhar agus fógraí

Mar shampla, bailímid faisnéis maidir le hamhairc agus idirghníomhaíochtaí le fógraí ionas gur féidir linn tuairiscí comhiomlánaithe a sholáthair d'fhógróirí, amhail insint dó/di má dháileamar a f(h)ógra ar leathanach agus más rud é gur dhóchúil go bhfaca breathnóir a f(h)ógra. D'fhéadfaimis idirghníomhaíochtaí eile a thomhas chomh maith, amhail an chaoi a mbogann tú do luch thar fhógra nó má idirghníomhaíonn tú le leathanach ar a bhfuil an fógra le feiceáil.

an pobal

Mar shampla, próiseálaimid faisnéis maidir le hiarratais ar bhaint ábhair ónár seirbhísí faoi pholasaithe bainte ábhair Google nó dlí infheidhme chun an t-iarratas a mheas agus chun trédhearcacht a chinntiú, cuntasacht a fheabhsú agus mí-úsáid agus calaois sna cleachtais sin a chosc.

an rialaitheoir sonraí atá freagrach as d'fhaisnéis a phróiseáil

Is ionann é sin agus an cleamhnaithe Google atá freagrach as d'fhaisnéis a phróiseáil agus as na dlíthe príobháideachais is infheidhme a chomhlíonadh.

ár n-úsáideoirí

Mar shampla, chun mí-úsáid a chosc agus chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú thar ár gcleachtais modhnóireachta ábhair ar líne, comhroinneann Google sonraí faoi iarratais bainte maidir le hábhar ónár seirbhísí le Lumen, a bhailíonn agus a dhéanann anailís ar na hiarratais sin chun taighde a éascú chun cabhrú le húsáideoirí Idirlín a gcearta a thuiscint. Tuilleadh faisnéise.

Ár seirbhísí a shaincheapadh

Mar shampla, is féidir linn Google Doodle a thaispeáint ar an leathanach baile Cuardaigh chun ócáid a bhaineann go sonrach le do thír féin a cheiliúradh.

ár seirbhísí a sholáthar

I measc samplaí den chaoi a n-úsáidimid do chuid faisnéise chun ár seirbhísí a chur ar fáil tá:

  • Bainimid úsáid as an seoladh IP a shanntar do do ghléas chun na sonraí a d'iarr tú a sheoladh chugat, mar shampla físeán YouTube a lódáil
  • Úsáidimid aitheantóirí uathúla a stóráiltear i bhfianáin ar do ghléas chun cabhrú linn thú a fhíordheimhniú mar an duine ar cheart rochtain a bheith aige/aici ar do Chuntas Google
  • Úsáidtear grianghraif agus físeáin a uaslódálann tú chuig Google Photos chun cabhrú leat albaim, colláisí agus saothair eile a chruthú, ar féidir leat iad a chomhroinnt. Tuilleadh faisnéise
  • D'fhéadfaí ríomhphost deimhniúcháin eitilte a fuair tú a úsáid chun cnaipe "seiceáil isteach" a chruthú a thaispeánfar i do Gmail.
  • Nuair a cheannaíonn tú seirbhísí nó earraí fisiciúla uainn, is féidir leat faisnéis a chur ar fáil dúinn amhail do sheoladh poist nó do threoracha seachadta. Úsáidimid an fhaisnéis sin le haghaidh rudaí amhail próiseáil, d'ordú a chomhlíonadh agus a sheachadadh agus tacaíocht a chur ar fáil i gcomhréir leis an táirge nó leis an tseirbhís a cheannaíonn tú.

catagóirí íogaire

Nuair a thaispeánaimid fógraí oiriúnaithe duit, úsáidimid topaicí a shílimid a mbeidh suim agat iontu de réir do ghníomhaíochta. Mar shampla, is féidir go bhfeicfidh tú fógraí do rudaí amhail "Cócaireacht agus Oidis" nó "Aerthaisteal". Ní úsáidimid topaicí ná ní thaispeánaimid fógraí oiriúnaithe atá bunaithe ar chatagóirí íogaire amhail cine, reiligiún, gnéaschlaonadh nó sláinte. Agus iarraimid an rud céanna ar fhógróirí a úsáideann ár seirbhísí.

comhpháirtithe sonracha

Mar shampla, ligimid do chruthaitheoirí agus d'fhógróirí YouTube oibriú le cuideachtaí tomhais chun foghlaim faoi spriocphobal a gcuid físeán nó fógraí YouTube, ag baint úsáid as fianáin nó teicneolaíochtaí comhchosúla. Sampla eile is ea ceannaithe ar ár leathanaigh siopadóireachta, a úsáideann fianáin chun tuiscint a fháil ar líon na ndaoine éagsúla a fheiceann a liostaí táirgí. Faigh tuilleadh faisnéise faoi na comhpháirtithe sin agus faoin gcaoi a n-úsáideann siad d'fhaisnéis.

cosaint ar mhí-úsáid

Mar shampla, is féidir le faisnéis maidir le bagairtí slándála cabhrú linn fógra a thabhairt duit má cheapaimid gur cuireadh do chuntas i mbaol (tráth ar féidir linn cabhrú leat gníomhartha a dhéanamh chun do chuntas a chosaint).

cosaintí cuí

Mar shampla, féadfaimid sonraí a anaithnidiú, nó sonraí a chriptiú chun a chinntiú nach féidir iad a nascadh le faisnéis eile fút. Tuilleadh faisnéise

do ghníomhaíocht ar shuíomhanna agus aipeanna eile

D'fhéadfadh go dtiocfadh an ghníomhaíocht sin teacht ón úsáid a bhaineann tú as seirbhísí Google, amhail do chuntas a shioncronú le Chrome nó do chuairteanna ar shuíomhanna agus ar aipeanna a oibríonn i gcomhpháirtíocht le Google. Oibríonn go leor suíomhanna gréasáin agus aipeanna i gcomhpháirtíocht le Google chun a gcuid ábhair agus seirbhísí a fheabhsú. Mar shampla, seans go mbainfeadh suíomh gréasáin úsáid as ár seirbhísí fógraíochta (amhail AdSense) nó ár n-uirlisí anailísíochta (amhail Google Analytics), nó seans go leabódh sé ábhar eile (amhail físeáin ó YouTube). D'fhéadfadh na seirbhísí sin faisnéis maidir le do ghníomhaíocht a chomhroinnt le Google agus d'fhéadfaí na sonraí sin a cheangal le d'fhaisnéis phearsanta, ag brath ar shocruithe do chuntais agus na táirgí a bheadh in úsáid (mar shampla, nuair a bhaineann comhpháirtí úsáid as Google Analytics i gcomhar lenár seirbhísí fógraíochta).

Tuilleadh faisnéise faoin gcaoi a n-úsáideann Google sonraí nuair a úsáideann tú suíomhanna nó aipeanna ár gcomhpháirtithe.

faisnéis chomhchosúil a bhaineann le do shláinte fhisiciúil nó do mheabhairshláinte

Má úsáideann tú táirgí agus aipeanna corpacmhainne a chuirimid ar fáil, amhail Fitbit, Pixel Watch, Nest nó Google Fit, bailímid sonraí a sholáthraíonn tú, amhail d'airde agus do mheáchan. Bailímid faisnéis chomh maith ó na haipeanna agus gléasanna sin, amhail do phatrúin chodlata, do ráta croí, teocht do chraicinn, na calraí a dhónn tú agus na céimeanna a ghlacann tú.

Faisnéis faoi rudaí atá in aice le do ghléas

Má úsáideann tú Seirbhísí de réir Suímh Google ar Android, is féidir linn feidhmíocht aipeanna a bhraitheann ar do shuíomh a fheabhsú, amhail Google Maps. Má úsáideann tú Seirbhísí de réir Suímh Google, seolann do ghléas faisnéis chuig Google maidir lena shuíomh, braiteoirí (amhail méadar luasghéaraithe), agus túir ghutháin agus pointí rochtana Wi-Fi in aice láimhe (amhail seoladh MAC agus láidreacht an chomhartha). Cabhraíonn na rudaí sin go léir le do shuíomh a chinneadh. Is féidir leat socruithe do ghléis a úsáid chun Seirbhísí de réir Suímh Google a chumasú. Tuilleadh faisnéise

Faisnéis ghutha agus fuaime

Mar shampla, is féidir leat roghnú an mian leat go sábhálfaidh Google taifeadadh fuaime chuig do Chuntas Google nuair a idirghníomhaíonn tú le Cuardach Google, Assistant agus Maps. Nuair bhraitheann do ghléas ordú gníomhachtaithe fuaime, amhail "OK Google", taifeadann Google do ghuth agus d'fhuaim mar aon le cúpla soicind roimh an ngníomhachtú. Tuilleadh faisnéise

faisnéis íocaíochta

Mar shampla, má chuireann tú cárta creidmheasa nó modh íocaíochta eile le do Chuntas Google, is féidir leat é a úsáid chun rudaí a cheannach ar fud ár seirbhísí, cosúil le haipeanna in Play Store. B'fhéidir go n-iarrfaimid faisnéis eile ort freisin, amhail aitheantas cánach gnólachta, chun cabhrú le d'íocaíocht a phróiseáil. I gcásanna áirithe, b'fhéidir go mbeidh orainn d'aitheantas a fhíorú agus b'fhéidir go n-iarrfaimid faisnéis ort chun é sin a dhéanamh.

B'fhéidir go mbeidh faisnéis íocaíochta a úsáid freisin chun a fhíorú go gcomhlíonann tú riachtanais aoise más rud é, mar shampla, go gcuireann tú breithlá mícheart isteach a léiríonn nach bhfuil tú sean go leor chun Cuntas Google a bheith agat. Tuilleadh faisnéise

feabhsúcháin a dhéanamh

Mar shampla, úsáidimid fianáin chun anailís a dhéanamh ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn daoine lenár seirbhísí. Is féidir leis an anailís sin cabhrú linn táirgí níos fearr a fhorbairt. Mar shampla, d'fhéadfaidís cabhrú linn a fháil amach go nglacann sé an iomad ama ar dhaoine tasc áirithe a chur i gcrích nó go mbíonn deacrachtaí acu na céimeanna a chur i gcrích in aon chor. Ansin is féidir linn an ghné sin a athdhearadh chun an táirge a fheabhsú do gach duine.

Braitheann Google Analytics ar fhianáin chéad pháirtí, rud a chiallaíonn go socraíonn custaiméir Google Analytics na fianáin. Ag baint úsáid as ár gcórais, is féidir le custaiméirí Google Analytics agus le Google sonraí a ghintear trí Google Analytics a nascadh le fianáin tríú páirtí a bhaineann le cuairteanna ar shuíomhanna gréasáin eile. Mar shampla, b'fhéidir gur mhaith le fógróir a chuid sonraí Google Analytics a úsáid chun fógraí níos ábhartha a chruthú nó chun anailís bhreise a dhéanamh ar a thrácht. Tuilleadh faisnéise

fógraí oiriúnaithe

Is féidir leat fógraí oiriúnaithe a fheiceáil freisin bunaithe ar fhaisnéis ón bhfógróir. Má rinne tú siopadóireacht ar shuíomh gréasáin fógróra, mar shampla, is féidir leis an bhfógróir an fhaisnéis chuairte sin a úsáid chun fógraí a thaispeáint duit. Tuilleadh faisnéise

foinsí inrochtana go poiblí

Mar shampla, is féidir linn faisnéis a bhailiú atá ar fáil go poiblí ar líne nó ó fhoinsí poiblí eile chun cabhrú le hoiliúint a chur ar shamhlacha Google AI agus chun táirgí agus gnéithe amhail Aistriúchán Google, Aipeanna Gemini agus cumais Cloud AI a fhorbairt. Nó, má tá faisnéis do ghnólachta le feiceáil ar shuíomh gréasáin, féadfaimid í a innéacsú agus a thaispeáint ar sheirbhísí Google.

freastalaithe timpeall an domhain

Mar shampla, oibrímid lárionaid sonraí atá lonnaithe ar fud an domhain chun ár dtáirgí a choinneáil ar fáil go leanúnach d'úsáideoirí.

Gléas Android a bhfuil aipeanna Google air

Áirítear le gléasanna Android a bhfuil aipeanna Google orthu gléasanna a dhíoltar ag Google nó ag ceann dár gcomhpháirtithe, agus gutháin, ceamaraí, feithiclí, earraí inchaite agus teilifíseáin ina measc. Úsáideann na gléasanna sin Seirbhísí Google Play agus aipeanna réamhshuiteáilte a bhfuil seirbhísí iontu amhail Gmail, Maps, ceamara agus diaileoir do ghutháin, tiontú téacs go teanga, ionchur méarchláir agus gnéithe slándála. Faigh tuilleadh faisnéise faoi sheirbhísí Google Play.

gléasanna

Mar shampla, is féidir linn faisnéis ó do ghléas a úsáid chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh i dtaca le cén gléas ba mhaith leat a úsáid chun aip a shuiteáil nó chun féachaint ar fhíseán a cheannaigh tú ar Google Play. Úsáidimid an fhaisnéis sin chomh maith chun cabhrú le do chuntas a chosaint.

Gníomhaíocht ar sheirbhísí Google

Má tá tú sínithe isteach i do Chuntas Google agus má tá Gníomhaíocht Ghréasáin agus Aipe curtha ar siúl, is féidir do shonraí gníomhaíochta ar shuíomhanna, aipeanna agus seirbhísí Google a shábháil i nGníomhaíocht Ghréasáin agus Aipe do chuntais. Is féidir le faisnéis faoin gceantar ginearálta ina raibh tú agus an tseirbhís Google á húsáid agat a bheith san áireamh i roinnt gníomhaíochta. Nuair a chuardaíonn tú rud éigin trí úsáid a bhaint as ceantar ginearálta, úsáidfidh do chuardach achar 3 chiliméadar chearnacha ar a laghad, nó leathnóidh sé go dtí go léireoidh an ceantar suíomhanna ina bhfuil 1,000 duine ar a laghad. Cabhraíonn sé sin le do phríobháideachas a chosaint.

I gcásanna áirithe, is féidir ceantair a ndearna tú cuardach orthu roimhe seo a úsáid chun suíomh ábhartha a mheas le haghaidh do chuardaigh. Mar shampla, má chuardaíonn tú siopaí caife agus tú in Chelsea, is féidir le Google torthaí a thaispeáint do Chelsea i gcuardaigh amach anseo.

Is féidir leat féachaint ar do Ghníomhaíocht Ghréasáin agus Aipe agus í a rialú ag Mo Ghníomhaíocht.

gníomhaíocht ar shuíomhanna agus aipeanna tríú páirtí a úsáideann ár seirbhísí

Comhroinneann suíomhanna gréasáin agus aipeanna a chomhtháthaíonn seirbhísí Google, cosúil le fógraí agus anailísíocht, faisnéis linn.

Bailítear an fhaisnéis sin beag beann ar an mbrabhsálaí nó mód an bhrabhsálaí atá in úsáid agat. Mar shampla, cé gur féidir le Mód bréagreachta in Chrome cabhrú le do chuid brabhsála a choinneáil príobháideach ó dhaoine eile a úsáideann do ghléas, féadfaidh suíomhanna agus aipeanna tríú páirtí a chomhtháthaíonn ár seirbhísí faisnéis a chomhroinnt le Google fós nuair a thugann tú cuairt orthu.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil maidir le roinnt de na bealaí ar féidir leat an fhaisnéis a chomhroinntear a rialú nuair a thugann tú cuairt nó nuair a idirghníomhaíonn tú le suíomhanna agus le haipeanna a úsáideann seirbhísí Google.

mí-úsáid a bhrath

Nuair a bhraithimid turscar, bogearraí mailíseacha, ábhar mídhleathach (lena n-áirítear ábhar mí-úsáide gnéasaí agus dúshaothraithe páistí) agus foirmeacha eile mí-úsáide a sháraíonn ár bpolasaithe ar ár gcórais, féadfaimid do chuntas a dhíchumasú nó gníomh cuí eile a dhéanamh. In imthosca áirithe, seans go ndéanfaimid an sárú a thuairisciú do na húdaráis chuí chomh maith.

na daoine is tábhachtaí duit ar líne

Mar shampla, nuair a chlóscríobhann tú seoladh sa réimse Go, Cc nó Bcc de theachtaireacht atá á scríobh agat, molfaidh Gmail seoltaí de réir na ndaoine is minice a ndéanann tú teagmháil leo.

na fógraí is úsáidí duitse

Mar shampla, má fhéachann tú ar fhíseáin faoi bhácáil ar YouTube, féadfaidh tú níos mó fógraí a bhaineann le bácáil a fheiceáil agus tú ag brabhsáil ar an nGréasán. Chomh maith leis sin, féadfaimid do sheoladh IP a úsáid chun do neas-suíomh a oibriú amach ionas gur féidir linn fógraí a dháileadh ort le haghaidh seirbhís seachadta píotsa in aice láimhe má chuardaíonn tú "píotsa". Faigh tuilleadh faisnéise faoi fhógraí Google agus faoin bhfáth a bhféadfá fógraí ar leith a fheiceáil.

Mar is ionann agus cuideachtaí teicneolaíochta agus cumarsáide eile, faigheann Google iarratais go minic ó rialtais agus cúirteanna ar fud an domhain maidir le sonraí úsáideora a nochtadh. Is bonn taca é meas do phríobháideachas agus slándáil na sonraí a stórálann tú le Google maidir lenár gcur chuige chun na hiarratais dhlíthiúla sin a chomhlíonadh. Déanann ár bhfoireann dhlíthiúil athbhreithniú ar gach uile iarratas, beag beann ar a chineál, agus is minic a chuirimid i gcoinne na n-iarratas má tá siad ró-leathan nó mura leanann siad an próiseas ceart. Faigh tuilleadh faisnéise sa Tuairisc Thrédhearcachta.

sábháilteacht agus iontaofacht

I measc roinnt de na samplaí maidir leis an gcaoi a n-úsáidimid do chuid faisnéise chun ár seirbhísí a choinneáil slán agus iontaofa tá:

  • Seoltaí IP agus sonraí fianán a bhailiú agus a anailísiú chun cosaint i gcoinne mí-úsáid uathoibrithe. Is iomaí cineál na mí-úsáide sin ann, amhail turscar a sheoladh chuig úsáideoirí Gmail, airgead a ghoideadh ó fhógróirí trí chliceáil ar fhógraí go calaoiseach, nó cinsireacht a dhéanamh ar ábhar trí ionsaí maidir le Diúltú Dáilte Seirbhíse (DDoS) a sheoladh.
  • Is féidir leis an ngné "Gníomhaíocht is déanaí ón gcuntas seo" in Gmail cabhrú leat a fháil amach an bhfuair duine rochtain ar do ríomhphost gan fhios duit agus cén uair a fuarthas í sin. Taispeánann an ghné seo faisnéis duit faoi ghníomhaíocht a rinneadh in Gmail le déanaí, mar shampla na seoltaí IP a fuair rochtain ar do ríomhphost, an suíomh gaolmhar agus dáta agus am na rochtana. Tuilleadh faisnéise

seirbhísí chun glaonna a chur nó a fháil agus teachtaireachtaí a sheoladh nó a fháil

I measc samplaí de na seirbhísí seo tá:

  • Google Voice, chun glaonna a dhéanamh agus a fháil, teachtaireachtaí téacs a sheoladh agus glórphost a bhainistiú
  • Google Meet, chun glaonna físe a dhéanamh agus a fháil
  • Gmail, chun ríomhphoist a sheoladh agus a fháil
  • Google Chat, chun teachtaireachtaí a sheoladh agus a fháil
  • Google Duo, le haghaidh físghlaonna a chur agus a fháil agus teachtaireachtaí a sheoladh agus a fháil
  • Google Fi, le haghaidh plean gutháin

seirbhísí fógraíochta agus taighde a sholáthar ar a son

Mar shampla, féadfaidh díoltóirí sonraí a uaslódáil óna gcláir cártaí dílseachta ionas gur féidir leo faisnéis dílseachta a chur san áireamh i dtorthaí cuardaigh nó siopadóireachta, nó tuiscint níos fearr a fháil ar fheidhmíocht a bhfeachtas fógraíochta. Ní chuirimid ar fáil ach tuairiscí comhiomlánaithe d'fhógróirí agus ní nochtann siad faisnéis faoi dhaoine aonair.

seirbhísí Google áirithe

Mar shampla, is féidir leat do bhlag a scriosadh ó Blogger nó ó Shuíomh Google atá agat ó Google Sites. Is féidir leat léirmheasanna a d'fhág tú ar aipeanna, cluichí agus ábhar eile in Play Store a scriosadh freisin.

sioncronaithe le do Chuntas Google

Ní shábháiltear do stair bhrabhsála Chrome i do chuntas ach amháin má tá sioncronú Chrome cumasaithe agat le do Chuntas Google. Tuilleadh faisnéise

Sonraí braiteora ó do ghléas

D'fhéadfadh go bhfuil braiteoirí ag do ghléas ar féidir iad a úsáid chun tuiscint níos fearr a fháil maidir le do shuíomh agus do ghluaiseacht. Mar shampla, is féidir méadar luasghéaraithe a úsáid chun do luas a dhéanamh amach agus gíreascóp chun do threo taistil a oibriú amach. Tuilleadh faisnéise faoin gcaoi a n-úsáidimid faisnéis suímh.

Mar shampla, nuair atá tú sínithe isteach ar do Chuntas Google agus an rialú i dtaca le Gníomhaíocht Ghréasáin agus Aipe cumasaithe agat, is féidir leat torthaí cuardaigh níos ábhartha a fháil atá bunaithe ar na cuardaigh a rinne tú roimhe seo agus ar do ghníomhaíocht ó sheirbhísí Google eile. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil anseo. Seans go bhfaighidh tú torthaí cuardaigh saincheaptha fiú nuair a bheidh tú sínithe amach. Mura dteastaíonn uait an leibhéal sin saincheaptha cuardaigh, is féidir leat cuardach agus brabhsáil a dhéanamh go príobháideachoiriúnú cuardaigh sínithe amach a mhúchadh.

Nuair a thosaíonn a lán daoine ag cuardach rud éigin, is féidir leis sin faisnéis úsáideach a chur ar fáil faoi threochtaí áirithe ag an am sin. Samplálann Google Trends cuardaigh ghréasáin Google chun éileamh cuardach a mheas thar thréimhse áirithe ama agus comhroinntear na torthaí sin go poiblí i dtéarmaí comhbhailithe. Tuilleadh faisnéise

tríú páirtithe

Mar shampla, déanaimid próiseáil ar do chuid faisnéise chun staitisticí úsáide a thuairisciú do shealbhóirí ceart faoin gcaoi ar úsáideadh a n-ábhar inár seirbhísí. Féadfaimid do chuid faisnéise a phróiseáil chomh maith má chuardaíonn daoine d'ainm agus má thaispeánaimid torthaí cuardaigh do shuímh ina bhfuil faisnéis atá ar fáil go poiblí fút.

uimhir ghutháin

Má chuireann tú d'uimhir ghutháin le do chuntas, is féidir í a úsáid chun críocha éagsúla ar fud sheirbhísí Google, ag brath ar do shocruithe. Mar shampla, is féidir d'uimhir ghutháin a úsáid chun cabhrú leat rochtain a fháil ar do chuntas má dhéanann tú dearmad ar do phasfhocal, cabhrú le daoine teacht ort agus teagmháil a dhéanamh leat agus na fógraí a fheiceann tú a dhéanamh níos ábhartha duit. Tuilleadh faisnéise

úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a bhailímid ar fud ár seirbhísí

Ag brath ar na socruithe atá ar fáil duit, i measc roinnt samplaí den chaoi a n-úsáidimid an fhaisnéis a bhailímid ar fud ár seirbhísí tá:

  • Nuair atá tú sínithe isteach ar do Chuntas Google agus nuair a dhéanann tú cuardach ar Google, is féidir leat torthaí cuardaigh a fheiceáil ón nGréasán poiblí mar aon le faisnéis ábhartha ón ábhar atá agat i dtáirgí eile Google, amhail Gmail nó Google Calendar. Is féidir go n-áirítear leis sin rudaí amhail an stádas atá ag d'eitiltí atá ar na bacáin, d'áirithintí bialann agus óstán nó do ghrianghraif. Tuilleadh faisnéise
  • Má rinne tú cumarsáid le duine trí Gmail agus ba mhaith leat an duine sin a chur le Google Doc nó le himeacht in Google Calendar, éascaíonn Google amhlaidh a dhéanamh trína s(h)eoladh ríomhphoist a uathchríochnú nuair a thosaíonn tú ag clóscríobh a (h)ainm. Déanann an ghné sin é níos éasca rudaí a chomhroinnt le daoine a bhfuil aithne agat orthu. Tuilleadh faisnéise
  • Is féidir leis an aip Google sonraí atá stóráilte agat i dtáirgí eile Google a úsáid chun ábhar oiriúnaithe a thaispeáint duit, ag brath ar do shocruithe. Mar shampla, má tá cuardaigh stóráilte agat i do Ghníomhaíocht Ghréasáin agus Aipe, is féidir leis an aip Google ailt nuachta agus faisnéis eile faoi do spéiseanna a thaispeáint duit, amhail scóir spóirt, bunaithe ar do ghníomhaíocht.
  • Má cheanglaíonn tú do Chuntas Google le do Google Home, is féidir leat do chuid faisnéise a bhainistiú agus rudaí a dhéanamh trí Google Assistant. Mar shampla, is féidir leat imeachtaí a chur le do Google Calendar nó do sceideal a fháil don lá, nuashonruithe stádais a iarraidh ar d'eitilt atá le teacht, nó faisnéis amhail treoracha tiomána a sheoladh chuig do ghuthán. Tuilleadh faisnéise
  • Más úsáideoir san AE thú, beidh tionchar ag na cinntí a dhéanann tú maidir le seirbhísí a nascadh ar an gcaoi ar féidir le seirbhísí áirithe Google na sonraí a úsáid ar fud ár seirbhísí.
Osclaítear i gcluaisín nua é(osclaítear fonóta)
Aipeanna Google
Príomh-roghchlár