Ár bPolasaí Torthaí Ionraice
Is prionsabal seanbhunaithe de Chuardach Google nach gcaithimid go speisialta le haon duine de bharr go bhfuil caidreamh ar leith aige/aici le Google.
Is cuma más fógróirí, comhpháirtithe gnó, cliaint dár seirbhísí nach mbaineann le Cuardach, cairde nó baill teaghlaigh leo siúd a oibríonn in Google atá i gceist – caitear leo ar an gcaoi chéanna.
Tugaimid "Torthaí Ionraice" ar an bpolasaí sin. Cinntíonn sé sin gur féidir muinín a bheith agat as Cuardach Google chun an fhaisnéis is ábhartha agus is iontaofa a sholáthar.
Go háirithe,
- Ní ghearraimid táille ar aon duine as bheith le feiceáil inár n-innéacs cuardaigh.
- Ní fhaigheann fógróirí aon mhéadú rangaithe ar a liostuithe gréasáin agus bíonn lipéad soiléir ar a gcuid fógraí i gcónaí. (Faigh tuilleadh faisnéise)
- Caithfidh aon duine a bhfuil tuilleadh tacaíochta Chuardach Google uathu úsáid a bhaint as na huirlisí agus na hacmhainní gan chostas céanna a chuirimid ar fáil go poiblí do gach duine.
- Ní fhaigheann na foirne SEO atá freagrach as suíomhanna gréasáin Google, YouTube agus Alphabet léargas speisialta ar ár gcórais rangaithe agus bíonn orthu cloí leis an treoir sheachtrach chéanna a chuirtear ar fáil do gach duine.