Do shonraí i gCuardach
Torthaí á nginiúint agus á rangú go huathoibríoch
Tá córais rangaithe Google deartha chun dul trí na céadta billiún leathanach gréasáin agus ábhar digiteach eile chun na torthaí is ábhartha agus is úsáidí a chur i láthair ar an gcéad leathanach i mbomaite beag.

An chaoi a gcuireann Cuardach Google feabhas leanúnach ar thorthaí
An chaoi a n-oibríonn córais Chuardaigh
Chun an fhaisnéis is úsáidí a thabhairt duit, féachann algartaim Chuardaigh ar go leor gnéithe agus comharthaí, lena n-áirítear focail d'iarratais, ábharthacht agus inúsáidteacht na leathanach, saineolas na bhfoinsí mar aon le do shuíomh agus do shocruithe.
Athraíonn an meáchan a chuirtear i bhfeidhm ar gach gné ag brath ar nádúr d'iarratais. Mar shampla, agus topaicí nuachta reatha á gcuardach agat, tá ról níos mó ag úire ábhair ná mar atá ag sainmhínithe foclóra.
Áirítear i bpríomhchomharthaí Cuardaigh:
Ciall d'iarratais

Thóg sé níos mó ná cúig bliana chun an córas sin a fhorbairt agus cuireann sé feabhas suntasach ar thorthaí i níos mó ná 30% de chuardaigh ar fud teangacha.
Áirítear leis sin céimeanna a bhfuil cuma shimplí orthu amhail botúin litrithe a aithint agus a cheartú agus leathnaíonn sé amach chuig ár gcóras sofaisticiúil comhchiallach a ligeann dúinn doiciméid ábhartha a aimsiú fiú mura bhfuil na focail chruinne a d'úsáid tú iontu. Mar shampla, seans gur chuardaigh tú "athraigh gile an ríomhaire glúine" ach scríobh an déantóir “coigeartaigh gile an ríomhaire glúine.” Tuigeann ár gcórais go bhfuil na focail agus an rún bainteach le chéile agus ar an ábhar sin ceanglaítear thú leis an ábhar ceart.
An chaoi a gcinneann Cuardach an comhthéacs
-
Eochairfhocail
Má bhain tú úsáid as focail amhail "cócaireacht" nó "pictiúir" i d'iarratas, oibríonn ár gcórais amach gur féidir gur fearr oidis nó íomhánna a thaispeáint le bheith ag teacht lena raibh ar intinn agat.
-
Teanga
Braitheann an chaoi a dtaispeánfar formhór na dtorthaí ar theanga d'iarratais – mar shampla, ais-seolann cuardach sa Fhraincis torthaí Fraincise.
-
Logánú
Is féidir lenár gcórais a aithint go bhfuil rún áitiúil ag go leor iarratas chomh maith. Mar sin, nuair a chuardaíonn tú "píotsa", gheobhaidh tú torthaí maidir le gnólachtaí in aice láimhe a sheachadann píotsa.
-
Imeachtaí reatha
Nuair a chuardaíonn tú scóir spóirt, tuilleamh cuideachta, nó na scéalta is déanaí, feicfidh tú an fhaisnéis is déanaí.
Ábharthacht ábhair
Ina dhiaidh sin, déanann ár gcórais anailís ar an ábhar chun a mheas má tá faisnéis ann a d'fhéadfadh a bheith ábhartha don mhéid atá á chuardach agat.
Is é an comhartha is bunúsaí a léiríonn go bhfuil an fhaisnéis ábhartha ná nuair atá na heochairfhocail chéanna san ábhar is atá i do théarma cuardaigh. Mar shampla, má tá na heochairfhocail sin le feiceáil sna teidil nó i gcorpthéacs leathanaigh ghréasáin, seans go mbeidh an fhaisnéis níos ábhartha.
Cuardaíonn ár gcórais comharthaí atá inchainníochtúil chun ábharthacht a mheas, ach níl siad deartha chun anailís a dhéanamh ar choincheapa suibiachtúla amhail an dearcadh ná an claonadh polaitiúil atá ag ábhar ar leathanach.
Bainimid úsáid as sonraí idirghníomhaíochta a comhiomlánaíodh agus a anaithnidíodh chomh maith chun a mheas má tá torthaí cuardaigh ábhartha d'iarratais. Athraímid na sonraí sin go comharthaí a chabhraíonn lenár gcórais mheaisín-foghlama ábharthacht a mheas ar bhealach níos fearr. Smaoinigh: nuair a chuardaíonn tú "madraí", is dócha nach bhfuil leathanach a bhfuil an focal "madraí" air na céadta uair ag teastáil uait. Agus é sin i gcuimhne, measann algartaim má tá ábhar ábhartha eile ar leathanach sa bhreis ar an eochairfhocal "madraí" – amhail pictiúir de mhadraí, físeáin nó liosta pórtha fiú.

Cáilíocht ábhair

I ndiaidh dóibh ábhar ábhartha a aithint, bíonn sé mar aidhm ag ár gcórais tús áite a thabhairt dóibh siúd a bhfuil an chuma is cabhraí orthu. Chun é sin a dhéanamh, aithníonn siad comharthaí ar féidir leo cabhrú lena chinneadh cén t-ábhar a léiríonn saineolas, údarás agus iontaofacht.
Mar shampla, is é tuiscint a fháil ar an nasc féideartha idir suíomhanna gréasáin suntasacha eile nó má dhéanann siad tagairt don ábhar ceann de na gnéithe a úsáidtear chun cáilíocht a chinneadh. Is dea-chomhartha é sin de ghnáth go bhfuil an fhaisnéis iontaofa. Cabhraíonn aiseolas a chomhiomlánaítear ónár bpróiseas meastóireachta maidir le cáilíocht Chuardaigh linn chun an chaoi a n-aithníonn ár gcórais cáilíocht faisnéise a bheachtú.
Bíonn ábhar ar an nGréasán agus ar an éiceachóras faisnéise níos leithne i gcónaí ag athrú. Déanaimid cáilíocht ár gcórais a thomhas agus a mheas i gcónaí lena chinntiú go mbainimid an chothromaíocht cheart amach idir ábharthacht agus údarás faisnéise chun d'iontaofacht sna torthaí a fheiceann tú a chaomhnú.

Comhthéacs agus socruithe

Tá sé mar aidhm ag Cuardach fiosracht dhaonna a cheangail le heolas chomh cruinn agus is féidir. Chun é sin a dhéanamh, úsáidimid faisnéis amhail do shuíomh, stair na gCuardach ón am atá thart agus socruithe Cuardaigh chun cinneadh a dhéanamh faoin méid is ábhartha duit san am i láthair. Mar shampla, is dócha go bhfeicfidh duine éigin a chuardaíonn "peil" in Chicago torthaí maidir leis an bpeil Mheiriceánach agus na Chicago Bears; i Londain, b'fhéidir go mbeadh torthaí maidir le sacar agus an Premier League mar thoradh ar an gcuardach sin.
Is féidir lenár gcórais a aithint má thug tú cuairt ar an leathanach céanna arís agus arís eile roimhe seo agus an leathanach sin a thabhairt chuig barr do thorthaí Cuardaigh. Nó, má tá an t-iarratas céanna in úsáid agat, is féidir go dtaispeánfaimid dearcthaí nua agus barrscéalta ón nGréasán ar fad. Mar aon leis an bhfaisnéis ar fad ar Chuardach, glacfaidh ár gcórais an cur chuige céanna maidir le tús áite a thabhairt d'ábhar ardchaighdeáin bunaithe ar ghnéithe amhail saineolas, taithí, údarás agus iontaofacht.
Tá na córais sin deartha chun do shuimeanna a mheaitseáil, ach níl siad deartha chun gnéithe íogaire a chur in iúl amhail do chine, do chreideamh ná do pháirtí polaitíochta.
D'éascaíomar an próiseas chun do shocruithe a choigeartú
agus fanacht i gceannas, is cuma má tá topaicí ar leith á
leanúint agat chun an fhaisnéis is praise a fháil nó má
theastaíonn buneolas ó chruthaitheoirí agus ó thomhaltóirí
uait. Is féidir leat na torthaí a oiriúnaíodh a fheiceáil i
gcónaí agus is féidir do shocruithe a athrú ag am ar
bith.
Do ghníomhaíocht Chuardaigh á rialú
Is féidir leat an ghníomhaíocht Chuardaigh a úsáidtear chun d'eispéireas Cuardaigh a fheabhsú a rialú, lena n-áirítear na sonraí a shábháiltear chuig do chuntas Google a choigeartú. Is féidir leat na socruithe oiriúnaithe nó na sainroghanna a nuashonrú nó a athrú i do chuntas ag am ar bith.
Is féidir leat teacht ar shainroghanna ábhair amhail SafeSearch i socruithe. Cabhraíonn siad sin leat cinneadh a dhéanamh maidir le hábhar glinn a d'fhéadfadh go gcuirfidh sé uafás ar roinnt úsáideoirí a bheith san áireamh leis na torthaí cuardaigh nó gan bheith san áireamh.
Aimsigh tuilleadh
-
FAISNÉIS A EAGRÚ
An chaoi a n-eagraíonn Cuardach faisnéis
-
TASTÁIL MHIONCHÚISEACH
D'eispéireas á fheabhsú i gcónaí
-
TURSCAR A BHRATH
Thú a choinneáil slán ar Chuardach
-
TEICNEOLAÍOCHT
Faigh amach faoin méid a tharlaíonn nuair a dhéanann tú Cuardach