Jump to Content

An chaoi a n-oibríonn Cuardach Google

Gach uair a dhéanann tú cuardach, bíonn na mílte, uaireanta na milliúin, leathanach gréasáin nó ábhar eile ann a d'fhéadfaí a bheith mar mheaits. Úsáideann Google a gcórais láidre chun an fhaisnéis is úsáidí a léiriú mar fhreagra ar d'iarratas.

Radharc ar an Domhan le deilbhíní cuardaigh ar snámh ag dul timpeall i gciorcal air sa spás.

An chaoi a n-Oibríonn Cuardach Google (i gceann 5 nóiméad)

Faigh na fíricí

Cuireann teicneolaíocht feabhas ar thorthaí Cuardaigh

Téann Google i bhfeabhas gach lá. Toisc go mbíonn an gréasán de shíor ag forbairt, bímid de shíor ag feabhsú agus i mbun nuálaíochta chun Cuardach a dhéanamh níos fearr fós. Cuardaíonn daoine ar Google na billiúin uair gach lá. Agus gach lá bíonn na cineálacha ábhair atá á gcuardach acu ag athrú - is fiú 15% de na cuardaigh a fheicimid gach lá iad na cuardaigh nua.

Tá infheistíocht á déanamh ag Google in IS le blianta anuas agus na buntáistí a ghabhann leis á dtabhairt do dhaoine aonair, gnólachtaí agus pobail aige. Cibé acu taighde úrscothaigh a fhoilsiú, táirgí cabhracha a thógáil nó uirlisí agus acmhainní a chumasaíonn daoine eile a fhorbairt, táimid tiomanta do IS a dhéanamh inrochtana do gach duine.

Táimid ag tráth ríthábhachtach inár dturas IS faoi láthair. Tá fionnachtana in IS giniúnach ag athrú ó bhonn an chaoi a ndéanann daoine idirghníomhaíocht le teicneolaíocht — agus anseo ag Google, bhíomar ag forbairt samhlacha teanga móra go freagrach ionas gur féidir linn iad a thabhairt dár dtáirgí ar bhealach sábháilte. Táimid muiníneach go bhfuil na nuálaíochtaí IS-chumasaithe, a bhfuilimid dírithe orthu a fhorbairt agus a sheachadadh go ceannasach agus go freagrach, úsáideach, an-láidir, agus go bhfuil an cumas acu chun cabhair agus feabhas a chur ar fáil do shaolta daoine ar fud na cruinne — is é sin an rud a chuireann iallach orainn.

Cuardach a dhéanamh chun oibriú is fearr duit

Dearadh gnéithe Google chun é a dhéanamh níos éasca daoine a cheangail leis an bhfaisnéis atá uathu chomh tapa agus is féidir, seachas úsáideoirí a choinneáil ar ár n-ardáin. Nuair nach n-éiríonn leat an méid atá uait a aimsiú láithreach, is crá croí ceart é go mbíonn ort cuardaigh bhreise a dhéanamh. Thar na blianta, mar sin, d'fhorbraíomar bealaí nua chun na torthaí a eagrú agus a thaispeáint chun cabhrú leat an méid atá uait a aimsiú níos tapa.

Má chuardaíonn tú siopa caife áitiúil, d'fhéadfaimis a mbiachlár, cé chomh fada uait is atá an siopa, cé acu an bhfuil sé gnóthach faoi láthair nó nach bhfuil, nó má chuireann siad seachadadh ar fáil a thaispeáint duit. Nó má chuardaíonn tú an aimsir, taispeánfaimid an réamhaisnéis theochta áitiúil duit. Tá na torthaí sin ina gcabhair d'úsáideoirí agus mar chuid dár n-obair leanúnach chun Cuardach Google a fheabhsú gach lá.

Ar deireadh, tá fonn orainn go mbainfidh daoine úsáid as ár dtáirgí agus seirbhísí toisc gur fearr leo iad, seachas de bharr go mothaíonn siad go bhfuil ceanglas orthu. Tá an prionsabal sin i gcroílár Takeout, ár n-uirlis iniomparthachta sonraí a chabhraíonn le daoine cóipeanna dá gcuid sonraí a easpórtáil ó bhreis is 70 táirge Google, lena n-áirítear Gmail, Drive agus Photos. Tá na prionsabail atá mar bhonn faoi Takeout i bhfeidhm ar an Data Transfer Project (DTP) chomh maith, iarracht a chuireamar í ar bun a bhaineann leis an tionscal ar fad agus atá á threorú againn le Microsoft, Twitter, Facebook agus Apple fós.

Aimsigh tuilleadh