Gnéithe úsáideacha
Gach bliain, feicimid na trilliúin cuardach. Cinntíonn gnéithe cuardaigh Google go bhfaigheann tú an fhaisnéis cheart ag an am ceart san fhormáid is úsáidí do do cheist. Uaireanta is leathanach gréasáin í, agus uaireanta is faisnéis ón bhfíorshaol í cosúil le léarscáil nó fardal ag siopa áitiúil.
Tugann an Knowledge Graph faisnéis láithreach ar dhaoine, ar áiteanna agus ar rudaí.
Is é Knowledge Graph ár mbunachar sonraí de níos mó ná cúig bhilliún duine, áit agus rud sa saol dáiríre a bhfuil breis agus 500 billiún fíric le fáil ann. Is féidir leat faisnéis thapa a fháil ar cheisteanna amhail "Cad é an Túr Eiffel?", "Cé chomh hard agus atá sé?", "Cathain a osclaíodh é ar dtús?" agus ansin cliceáil chun féachaint thart ar fud an Ghréasáin.
Taispeánann treoracha agus trácht an bealach is fearr duit — díreach i gCuardach.
Bhí sé soiléir go leor i gcónaí nuair a chuardaigh daoine seoladh ar Google – mar shampla "Bóthar Lorcáin" – nár theastaigh uathu nasc le suíomhanna gréasáin ar a luaitear an tsráid sin a fháil. Is dóichí go raibh siad ag iarraidh a fháil amach an áit ina raibh sé agus an chaoi le dul ann. Mar sin, áirítear léarscáileanna le Cuardach nuair is cuí, a d'fhéadfadh cabhrú leat an áit ar mian leat dul ann a bhaint amach, nó gnólachtaí agus faisnéis áitiúil a aimsiú ar bhealach níos éasca.
Ón aimsir reatha go dtí na scóir spóirt is déanaí, coinníonn freagraí úsáideacha ar an eolas thú.
An bhfuil tú ag lorg scóir spóirt, luachana stoc, réamhaisnéisí aimsire nó amanna seó scannán? Soláthraíonn Google na rudaí sin duit gan dua trí dhul i gcomhpháirtíocht le soláthraithe faisnéise speisialaithe. Tugaimid ceadúnas dá n-ábhar chun freagraí úsáideacha a chur ar fáil díreach ar an leathanach torthaí Cuardaigh.
Cabhraímid leat faisnéis ardchaighdeáin a aimsiú agus a mheas.
Cibé an bhfuil tú ag cuardach faisnéis faoi shláinte nó faoi shaoránacht nó fiú ag fíorú miondíoltóir ar líne roimh cheannachán a dhéanamh – táimid tiomanta do chabhrú leat faisnéis ardchaighdeáin ar líne a aimsiú agus chruthaíomar uirlisí chun cabhrú leat iontaofacht faisnéise nó foinsí a mheas.
Faigh tuilleadh faisnéise faoi uirlisí a chabhraíonn leat faisnéis a mheas go criticiúil ar líne
Aibhsíonn Blúirí faoi thrácht ábhar úsáideach.
Is iad Featured Snippets an áit a dtaispeánaimid cur síos ar leathanach go feiceálach – rud a thugaimid "blúire" air. Bainimid úsáid as an bhformáid seo nuair a chinneann ár gcórais go bhféadfadh sé cabhrú le daoine an méid atá á lorg acu a fháil amach ar bhealach níos éasca, ón gcur síos agus nuair a chliceálann siad ar an nasc chun an leathanach féin a léamh. Tá sé an-chabhrach dóibh siúd atá ar ghuthán póca nó ag cuardach de réir gutha.
Cabhraíonn ár n-uirlisí do pháistí agus do theaghlaigh Cuardach a dhéanamh níos sábháilte do gach duine.
Is é ceisteanna a chur ceann de na rudaí is tábhachtaí de bheith i do pháiste. Is é sin an fáth a gcuirimid uirlisí ar fáil, amhail scagairí ábhair agus rialuithe maoirseachta, chun cabhrú le Cuardach Google a bheith ina áit ar féidir leis an teaghlach ar fad faisnéis nua a chuardach go muiníneach.
Faigh tuilleadh faisnéise maidir le sábháilteacht teaghlaigh
Cabhraíonn Discover leat féachaint thart níos mó ar d'ábhair spéise.
Fiú nuair nach bhfuil iarratas ar leith ar intinn agat, b'fhéidir gur mhaith leat a bheith spreagtha fós ag na rudaí is tábhachtaí duit. Is é sin an fáth ar thógamar Discover. Le fáil san aip Google, ar scáileáin bhaile Android agus ar leathanach baile guthán póca Google, is fotha oiriúnaithe é Discover a chabhraíonn leat féachaint thart ar ábhar a shaincheaptar do d'ábhair spéise. Is féidir leat an t-eispéireas a shaincheapadh freisin trí thopaicí a leanúint agus a chur in iúl cén uair is mian leat níos mó nó níos lú de thopaic ar leith a fheiceáil.