Liosta de sheirbhísí agus téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís

Seirbhísí a úsáideann Téarmaí Seirbhíse Google agus a dtéarmaí agus a bpolasaithe breise a bhaineann go sonrach le seirbhís

Baineann Téarmaí Seirbhíse Google leis na seirbhísí atá liostaithe thíos. In aice le gach seirbhís, liostaímid téarmaí agus polasaithe breise chomh maith a bhaineann leis an tseirbhís áirithe sin. Sainmhíníonn na Téarmaí Seirbhíse, téarmaí breise agus polasaithe ár gcaidreamh agus na rudaí ar cheart go mbeifeá agus go mbeimis ag súil leo agus tú ag úsáid na seirbhísí sin.

Ní áirítear sa liosta seo ach seirbhísí faoi rialú ag Téarmaí Ginearálta Seirbhíse Google. Tá a dtéarmaí féin ag líon teoranta seirbhísí móréilimh, ar nós YouTube, mar gheall ar a ngnéithe uathúla. Tá a dtéarmaí féin ag an gcuid is mó dár dtáirgí fiontraíochta táille-bhunaithe agus dár dtáirgí API forbróra chomh maith.

Is minic a sheolaimid seirbhísí nua agus uaireanta déanaimid ár dtéarmaí agus ár bpolasaithe a nuashonrú. Déanaimid ár ndícheall an leathanach seo a choinneáil cothrom le dáta agus tá sé mar aidhm againn é a athnuachan go rialta.

Seirbhísí
 
Osclaítear i gcluaisín nua é(osclaítear fonóta)
Aipeanna Google
Príomh-roghchlár