Polasaí maidir le hÚsáid Choiscthe IS Ghiniúnaigh
Mionathrú deiridh: 17 Nollaig 2024
Is féidir le samhlacha IS ghiniúnaigh cabhrú leat féachaint thart, foghlaim agus cruthú. Táimid ag súil go rachaidh tú i ngleic leo ar bhealach atá freagrach, dlíthiúil agus sábháilte. Baineann na srianta seo a leanas le d'idirghníomhaíochtaí le IS giniúnach i dtáirgí agus seirbhísí Google a thagraíonn don pholasaí sin.
- Ná glac páirt i ngníomhaíochtaí contúirteacha nó mídhleathacha ná sáraigh an dlí nó na rialacháin is infheidhme ar bhealach ar bith eile. Áirítear leis sin ábhar a ghiniúint nó a dháileadh a:
- Bhaineann le mí-úsáid ghnéasach páistí nó dúshaothrú.
- n-Éascaíonn antoisceachas nó sceimhlitheoireacht fhoréigneach.
- n-Éascaíonn íomhánna gnéis neamh-chomhthoiliúla.
- n-Éascaíonn féindochar.
- n-Éascaíonn gníomhaíochtaí mídhleathacha nó sáruithe dlí -- mar shampla, treoracha a chur ar fáil chun substaintí, earraí nó seirbhísí mídhleathacha a shintéisiú nó rochtain a fháil orthu.
- Sháraíonn cearta daoine eile, lena n-áirítear príobháideachas agus cearta maoine intleachtúla – mar shampla, sonraí pearsanta nó bithmhéadracht a úsáid gan toiliú ar a bhfuil ceangal dlí.
- Dhéanann rianú nó monatóireacht ar dhaoine gan a dtoiliú.
- Ghlacann cinntí go huathoibríoch a bhfuil tionchar díobhálach ábhartha ar chearta aonair gan maoirseacht dhaonna i réimsí ardriosca -- mar shampla, i bhfostaíocht, cúram sláinte, airgeadas, dlí, tithíocht, árachas nó leas sóisialta.
- Ná cuir as do shlándáil daoine eile ná seirbhísí Google. Aírítear leis sin ábhar a ghiniúint nó a dháileadh a n-éascaíonn:
- Turscar, fioscaireacht nó bogearraí mailíseacha.
- Mí-úsáid bonneagair nó seirbhísí Google nó eagraíochtaí eile, dochar dóibh, cur isteach orthu nó briseadh a chur leo.
- Dul timpeall ar chosaintí mí-úsáide nó ar scagairí sábháilteachta – mar shampla, an tsamhail a ionramháil lenár bpolasaithe a shárú.
- Ná glac páirt i ngníomhaíochtaí a bhfuil gáirsiúil, foréigneach, gránna nó díobhálach. Aírítear leis sin ábhar a ghiniúint nó a dháileadh a n-éascaíonn:
- Fuath nó fuathchaint.
- Ciapadh, bulaíocht, imeaglú, mí-úsáid nó daoine eile a mhaslú.
- Foréigean nó gríosú an fhoréigin.
- Ábhar gáirsiúil -- mar shampla, ábhar a cruthaíodh chun críche pornagrafaíochta nó sásaimh ghnéasaigh.
- Ná glac páirt i mífhaisnéis, míléiriú ná gníomhaíochtaí míthreoracha. Áirítear leis na sonraí sin
- Calaoisí, camscéimeanna nó aon ghníomh mealltach eile.
- Duine aonair a phearsanú (beo nó marbh), gan faisnéisiú sainráite, chun dallamullóg a chur ar dhaoine.
- Maíomh míthreorach maidir le saineolas nó cumas i réimsí íogaire a éascú – mar shampla sna seirbhísí sláinte, airgeadais nó rialtais, nó sa dlí, chun críocha mealltachta.
- Maíomh míthreorach a bhaineann le próisis rialtais nó dhaonlathacha nó cleachtais dhochracha sláinte a éascú, chun críocha mealltóireachta.
- Foinse ábhair ghinte a mhíléiriú trína mhaíomh gur duine daonna amháin a chruthaigh an t-ábhar, chun críocha mealltachta.
D'fhéadfaimis eisceachtaí a dhéanamh ar na polasaithe sin de réir ceisteanna oideachasúla, eolaíocha nó ealaíonta nó sa chás gur mó na díobhálacha ná na tairbhí substaintiúla don phobal.