Tá seirbhís fógraíochta Google ag baint triail as bealaí nua chun tacú le fógraíocht dhigiteach a sheachadadh agus a thomhas i mbealaí lena dtugtar cosaint níos fearr do phríobháideachas ar líne na ndaoine trí thionscnamh an Bhosca Gainimh Príobháideachais ar Chrome agus Android. Is féidir le húsáideoirí a bhfuil na socruithe Bosca Gainimh Príobháideachais ábhartha cumasaithe acu in Chrome nó Android fógraí ábhartha a fheiceáil ó sheirbhísí fógraíochta Google de réir shonraí TopaicíSpriocphobail faoi Chosaint atá stóráilte ar a mbrabhsálaí nó ar a ngléas móibíleach. Is féidir le seirbhísí fógraíochta Google feidhmíocht fógra a thomhas freisin trí shonraí a bhaineann le Tuairisciú Aitreabúideachta a stóráiltear ar a mbrabhsálaí. Faigh tuilleadh faisnéise maidir leis an mBosca Gainimh Príobháideachais.

An chaoi a n-úsáideann Google faisnéis ó shuíomhanna nó aipeanna a úsáideann ár seirbhísí

Baineann go leor suíomhanna gréasáin agus aipeanna úsáid as seirbhísí Google chun a gcuid ábhair a fheabhsú agus a choinneáil gan chostas. Nuair a chomhtháthaíonn siad ár seirbhísí, comhroinneann na suíomhanna agus na haipeanna sin faisnéis le Google.

Mar shampla, nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin a úsáideann seirbhísí fógraíochta amhail AdSense, lena n-áirítear uirlisí anailísíochta amhail Google Analytics, nó a leabaíonn ábhar físe ó YouTube, seolann do bhrabhsálaí gréasáin faisnéis áirithe go huathoibríoch chuig Google. Áirítear leis an bhfaisnéis sin URL an leathanaigh a bhfuil tú ag tabhairt cuairt air agus do sheoladh IP. Féadfaimid an seoladh IP a úsáid, mar shampla, chun do shuíomh ginearálta a aithint, chun éifeachtacht fógraí a thomhas, agus, ag brath ar do shocruithe, chun ábharthacht na bhfógraí a fheiceann tú a fheabhsú. Féadfaimid fianáin a shocrú ar do bhrabhsálaí freisin nó fianáin atá ann cheana féin a léamh. Comhroinneann aipeanna a úsáideann seirbhísí fógraíochta Google faisnéis le Google freisin, amhail ainm na haipe agus aitheantóir uathúil le haghaidh fógraíochta.

Úsáideann Google an fhaisnéis a chomhroinneann suíomhanna agus aipeanna chun ár seirbhísí a sheachadadh, iad a chothabháil agus a fheabhsú, seirbhísí nua a fhorbairt, éifeachtacht na fógraíochta a thomhas, cosaint i gcoinne calaoise agus mí-úsáide agus ábhar agus fógraí a fheiceann tú ar Google agus ar shuíomhanna agus aipeanna ár gcomhpháirtithe a oiriúnú. Féach ar ár bPolasaí Príobháideachais chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcaoi a bpróiseálaimid sonraí le haghaidh gach ceann de na críocha sin agus ar ár leathanach Fógraíochta le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi fhógraí Google, conas a úsáidtear d'fhaisnéis i gcomhthéacs fógraíochta, agus cá fhad a stórálann Google an fhaisnéis sin.

Míníonn ár bPolasaí Príobháideachais na cúiseanna dlí ar a mbraitheann Google chun d'fhaisnéis a phróiseáil – mar shampla, féadfaimid d'fhaisnéis a phróiseáil le toiliú uait nó chun tabhairt faoi spéiseanna dlisteanacha amhail ár seirbhísí a chur ar fáil, a chothabháil agus a fheabhsú chun riachtanais ár n-úsáideoirí a chomhlíonadh.

Uaireanta, le linn próiseáil ar fhaisnéis a comhroinneadh linn ag suíomhanna agus aipeanna, iarrfaidh na suíomhanna agus na haipeanna sin do thoiliú sula ligfidh siad do Google d'fhaisnéis a phróiseáil. Mar shampla, is féidir meirge a fheiceáil ar shuíomh ag iarraidh go mbeidh toiliú ag Google chun próiseáil a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhailítear ag an suíomh sin. Nuair a tharlaíonn sé sin, beidh meas againn ar na críocha a thuairiscítear sa toiliú a thugann tú don suíomh nó don aip, seachas na cúiseanna dlí a thuairiscítear i bPolasaí Príobháideachais Google. Más mian leat do thoiliú a athrú nó a tharraingt siar, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar an suíomh nó ar an aip atá i gceist chun é sin a dhéanamh.

Oiriúnú fógraí

Má tá oiriúnú fógraí curtha ar siúl, úsáidfidh Google d'fhaisnéis chun d'fhógraí a dhéanamh níos úsáidí duit. Mar shampla, is féidir go mbainfidh suíomh gréasáin a dhíolann rothair shléibhe úsáid as seirbhísí fógraí Google. Tar éis duit cuairt a thabhairt ar an suíomh sin, b'fhéidir go bhfeicfeá fógra do rothair shléibhe ar shuíomh eile a thaispeánann fógraí a dháileann Google.

Má tá oiriúnú fógraí múchta, ní dhéanfaidh Google d'fhaisnéis a bhailiú ná a úsáid chun próifíl fógra a chruthú nó na fógraí a thaispeánann Google duit a oiriúnú. Feicfidh tú fógraí fós, ach b'fhéidir nach mbeidh siad chomh húsáideach chéanna. D'fhéadfadh fógraí a bheith bunaithe fós ar thopaic an suíomh gréasáin nó an aip a bhfuil tú ag féachaint air nó uirthi, ar do théarmaí cuardaigh reatha nó ar do shuíomh ginearálta, ach ní ar do chuid spéiseanna, do stair chuardaigh nó do stair bhrabhsála. Is féidir d'fhaisnéis a úsáid fós chun na gcríoch eile a luaitear thuas, amhail chun éifeachtacht na fógraíochta a thomhas agus cosaint i gcoinne calaoise agus mí-úsáide.

Nuair a idirghníomhaíonn tú le suíomh gréasáin nó le haip a úsáideann seirbhísí Google, d'fhéadfadh sé go n-iarrfar ort roghnú an mian leat fógraí oiriúnaithe a fheiceáil ó sholáthraithe fógraí, lena n-áirítear Google. Beag beann ar do rogha, ní oiriúnóidh Google na fógraí a fheiceann tú má tá do shocrú oiriúnaithe fógra múchta nó má tá do chuntas neamh-incháilithe d'fhógraí oiriúnaithe.

Is féidir leat an fhaisnéis a úsáidimid chun fógraí a thaispeáint duit a fheiceáil agus a rialú trí chuairt a thabhairt ar do shocruithe fógraíochta.

An chaoi ar féidir leat an fhaisnéis a bhailíonn Google ar na suíomhanna agus na haipeanna seo a rialú

Seo roinnt de na bealaí ar féidir leat an fhaisnéis a rialú, a chomhroinneann do ghléas nuair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna agus aipeanna a úsáideann seirbhísí Google nó nuair a idirghníomhaíonn tú leo.

  • Cabhraíonn Socruithe Fógraí leat na fógraí a fheiceann tú ar sheirbhísí Google (amhail Cuardach Google nó YouTube), nó ar shuíomhanna gréasáin agus aipeanna nach mbaineann le Google ach a úsáideann seirbhísí fógra Google, a rialú. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcaoi a n-oiriúnaítear fógraí, díliostáil ó oiriúnú fógraí agus bac a chur ar fhógróirí ar leith.
  • Má tá tú sínithe isteach ar do Chuntas Google, ag brath ar shocruithe do Chuntais, ligeann Mo Ghníomhaíocht duit athbhreithniú agus rialú a dhéanamh ar shonraí a cruthaítear nuair a úsáideann tú seirbhísí Google, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhailímid ó na suíomhanna agus na haipeanna ar thug tú cuairt orthu. Is féidir leat brabhsáil de réir dáta agus topaice agus do ghníomhaíocht a scriosadh i bpáirt nó ina hiomláine.
  • Baineann go leor suíomhanna gréasáin agus aipeanna úsáid as Google Analytics chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a dtéann cuairteoirí i ngleic lena suíomhanna nó lena n-aipeanna. Mura dteastaíonn uait go n-úsáidfí Analytics i do bhrabhsálaí, is féidir leat breiseán brabhsálaí Google Analytics a shuiteáil. Tuilleadh faisnéise faoi Google Analytics agus príobháideachas.
  • Ceadaíonn Mód bréagreachta in Chrome duit an gréasán a bhrabhsáil gan leathanaigh ghréasáin ná comhaid a thaifeadadh i stair do bhrabhsálaí nó do Chuntais (mura roghnaíonn tú síniú isteach). Scriostar fianáin tar éis duit do chuid fuinneoga agus cluaisíní bréagreachta go léir a dhúnadh agus stóráiltear do chuid leabharmharcanna agus socruithe go dtí go scriosann tú iad. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le fianáin. Má úsáidtear Mód bréagreachta in Chrome nó móid bhrabhsála phríobháideacha eile, ní chuirfear cosc le bailiú sonraí nuair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna gréasáin a úsáideann seirbhísí Google, agus féadfaidh Google sonraí a bhailiú fós nuair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna gréasáin agus na brabhsálaithe sin in úsáid agat.
  • Ligeann go leor brabhsálaithe duit, lena n-áirítear Chrome, bac a chur ar fhianáin tríú páirtí. Chomh maith leis sin, is féidir leat aon fhianáin atá ann cheana a ghlanadh agus do bhrabhsálaí in úsáid agat. Tuilleadh faisnéise maidir le fianáin a bhainistiú in Chrome.
Osclaítear i gcluaisín nua é(osclaítear fonóta)
Aipeanna Google
Príomh-roghchlár