An chaoi a ndéanann Google sonraí a anaithnidiú

Teicníc próiseála sonraí is ea anaithnidiú, a dhéanann faisnéis inaitheanta phearsanta a bhaint nó a mhodhnú. Bíonn sonraí anaithnidithe mar thoradh air nach féidir a cheangal le haon duine aonair. Is cuid ríthábhachtach de thiomantas Google do phríobháideachas é chomh maith.

Trí shonraí anaithnidithe a anailísiú, is féidir linn táirgí agus gnéithe atá slán agus luachmhar a thógáil, amhail uathchríochnú ar théarma cuardaigh a cuireadh isteach, agus is féidir linn bagairtí slándála a bhrath níos fearr, amhail fioscaireacht agus suíomhanna bogearraí mailíseacha, é sin ar fad agus aitheantais úsáideoirí á gcosaint againn. Is féidir linn sonraí anaithnidithe a chomhroinnt go seachtrach go sábháilte chomh maith, rud a fhágann iad úsáideach do dhaoine eile gan príobháideachas ár n-úsáideoirí a chur i mbaol.

Dhá cheann de na teicnící a úsáidimid le do shonraí a chosaint

Na sonraí a ghinearálú

Tá eilimintí sonraí áirithe ann ar féidir iad a nascadh níos éasca le daoine aonair áirithe. Úsáidimid ginearálú chun sciar sonraí a bhaint nó luach coitianta a chur ina áit chun na daoine aonair sin a chosaint. Mar shampla, féadfaimid ginearálú a úsáid chun míreanna de gach cód ceantair nó uimhir ghutháin a ionadú leis an seicheamh uimhreacha céanna.

Ceadaíonn ginearálú dúinn k-anaithnideacht (k-anonymity) a bhaint amach, is é sin téarma tionscalchaighdeánach a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar theicníc chun aitheantas de dhaoine aonair a fholú i ngrúpa daoine cosúla. San fhocal "k-anaithnideacht", léiríonn "k" an mhéid atá ag grúpa éigin. Má tá na hairíonna céanna ag "k-1" de dhaoine aonair ar a laghad agus ag aon duine aonair sa tacar sonraí, ciallaíonn sé sin go bhfuil k-anaithnideacht don tacar sonraí sin bainte amach againn. Mar shampla, samhlaigh tacar sonraí áirithe inarb ionann k agus 50 agus inar cód poist é an t-airí. Má fhéachaimid ar aon duine laistigh den tacar sonraí sin, aimseoimid i gcónaí 49 duine eile a bhfuil an cód poist céanna acu. Mar sin de, ní bheimis in ann aon duine amháin a aithint óna c(h)ód poist amháin.

Má tá an luach céanna d'aitreabúid íogair ag gach duine i dtacar sonraí, b'fhéidir go nochtfaidh faisnéis íogair go díreach tríd an eolas go bhfuil na daoine aonair sin mar chuid den tacar sonraí atá i gceist. Chun an riosca sin a mhaolú, féadfaimid úsáid a bhaint as l-éagsúlacht (l-diversity), is é sin téarma tionscalchaighdeánach a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar leibhéal éigin éagsúlachta sna luachanna íogaire. Mar shampla, samhlaigh gur chuardaigh grúpa daoine an t-ábhar íogair céanna maidir le sláinte (m.sh. comharthaí an fhliú) go léir ag an am céanna. Má fhéachaimid ar an tacar sonraí sin, ní bheimid in ann a chinneadh cé a rinne cuardach ar an ábhar, a bhuí le k-anaithnideacht (k-anonymity). Mar sin féin, d'fhéadfadh imní príobháideachais a bheith ann fós ós rud é go bhfuil aitreabúid íogair (i.e. topaic an iarratais) á comhroinnt ag gach duine. Ciallaíonn l-éagsúlacht nár chuardaigh "fliú" iad an t-aon chineál cuardaigh a bheadh sa tacar sonraí anaithnidithe iad. Ina áit sin, d'fhéadfaí cuardaigh eile a chur san áireamh in éineacht leis na cuardaigh "fliú" chun tuilleadh cosanta a thabhairt do phríobháideachas an úsáideora.

Fuaim a chur le sonraí

Is ionann príobháideachas difreálach (ar téarma tionscalchaighdeánach é freisin) agus teicníc chun torann matamaiticiúil a chur le sonraí. Le príobháideachas difreálach, is deacair a fháil amach an bhfuil aon duine aonair mar chuid de thacar sonraí nó nach bhfuil toisc go mbeidh i gcónaí an chuma chéanna go bunúsach ar aschur algartam ar leith, is cuma cé acu an bhfuil faisnéis aon duine aonair san áireamh nó fágtha ar lár. Mar shampla, samhlaigh go mbeimis ag tomhas na treochta foriomláine i gcuardaigh "fliú" ar fud réigiún geografach. Chun príobháideachas difreálach a bhaint amach, chuirimis torann leis an tacar sonraí. Ciallaíonn sé sin gurbh fhéidir linn líon na ndaoine, a mbeadh cuardach "fliú" a dhéanamh acu i gcomharsanacht ar leith, a chur leis an tacar sonraí nó a dhealú uaidh, ach ní dhéanfadh sé sin difear dár dtomhas ar an treocht ar fud an réigiúin gheografaigh ní ba leithne. Is tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin go bhféadfaí níos lú tairbhe a bhaint as tacar sonraí dá gcuirfí torann leis.

Ní hé an t-anaithnidiú ach ceann amháin de na próisis a úsáidimid chun ár dtiomantas do phríobháideachas an úsáideora a chothabháil. I measc na bpróiseas eile tá rialuithe dochta ar rochtain sonraí úsáideora, polasaithe chun ceangal tacair sonraí a d'fhéadfadh úsáideoirí a shainaithint a rialú agus a theorannú, agus athbhreithniú láraithe ar straitéisí anaithnidithe agus rialachais sonraí chun leibhéal comhsheasmhach cosanta a chinntiú ar fud Google go léir.

Osclaítear i gcluaisín nua é(osclaítear fonóta)
Aipeanna Google
Príomh-roghchlár