Cé hiad comhpháirtithe Google?
Oibríonn Google le gnólachtaí agus le heagraíochtaí ar bhealaí éagsúla. Tagraímid do na gnólachtaí agus eagraíochtaí sin mar "chomhpháirtithe". Mar shampla, oibríonn breis agus 2 mhilliún suíomh gréasáin agus aip nach suíomhanna gréasáin ná aipeanna Google iad i gcomhpháirtíocht le Google chun fógraí a thaispeáint. Foilsíonn na milliúin comhpháirtithe forbróra a gcuid aipeanna ar Google Play. Cabhraíonn comhpháirtithe eile le Google lenár seirbhísí a dhéanamh slán; is féidir le faisnéis maidir le bagairtí slándála cabhrú linn fógra a thabhairt duit má cheapaimid gur cuireadh do chuntas i mbaol (tráth ar féidir linn cabhrú leat gníomhartha a dhéanamh chun do chuntas a chosaint).
Tabhair faoi deara go n-oibrímid freisin le gnólachtaí iontaofa mar "phróiseálaithe sonraí" seachas mar chomhpháirtithe, rud a chiallaíonn go bpróiseálann siad faisnéis ar ár son chun tacú lenár seirbhísí, agus é sin bunaithe ar ár dtreoracha agus i gcomhréir lenár bPolasaí Príobháideachais agus bearta cuí eile rúndachta agus slándála. Tá tuilleadh faisnéise ag Polasaí Príobháideachais Google faoin gcaoi a n-úsáidimid próiseálaithe sonraí.
Ní chomhroinnimid faisnéis a aithníonn thú go pearsanta, amhail d'ainm nó do sheoladh ríomhphoist, lenár gcomhpháirtithe fógraíochta ach amháin má iarrann tú orainn í a chomhroinnt. Mar shampla, má fheiceann tú fógra do shiopa bláthanna in aice láimhe agus má roghnaíonn tú an cnaipe "tapáil chun glaoch", nascfaimid do ghlao agus is féidir linn d'uimhir theileafóin a chomhroinnt leis an siopa bláthanna.
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin bhfaisnéis a bhailíonn Google, lena n-áirítear ó chomhpháirtithe, sa Pholasaí Príobháideachais.