Creataí dlí le haghaidh aistrithe sonraí
Éifeachtach ar: 16 Meán Fómhair 2024 | Leaganacha a cuireadh i gcartlann
Tá freastalaithe againn timpeall an domhain agus d'fhéadfaí d'fhaisnéis a phróiseáil ar fhreastalaithe atá lonnaithe taobh amuigh den tír ina bhfuil cónaí ort. Athraíonn dlíthe cosanta sonraí ó thír go tír, agus níos mó cosanta á tabhairt ag cuid acu ná tíortha eile. Beag beann ar an áit a phróiseáiltear d'fhaisnéis, cuirimid na cosaintí céanna atá mínithe sa Pholasaí Príobháideachais i bhfeidhm. Comhlíonaimid creataí dlí áirithe a bhaineann le haistriú sonraí chomh maith, amhail na creataí a mhínítear thíos.
Cinntí leordhóthanachta
Chinn an Coimisiún Eorpach go gcosnaíonn tíortha áirithe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) faisnéis phearsanta go leordhóthanach, rud a chiallaíonn gur féidir sonraí a aistriú ón Aontas Eorpach (AE), ón Iorua, ón Íoslainn agus ó Lichtinstéin chuig na tíortha sin. Ghlac an RA agus an Eilvéis le meicníochtaí leordhóthanachta comhchosúla. Braithimid ar na meicníochtaí leordhóthanachta seo a leanas:
- Cinntí leordhóthanachta an Choimisiúin Eorpaigh
- Rialacháin leordhóthanachta RA
- Cinntí leordhóthanachta Eilvéiseacha
Creataí Príobháideachais Sonraí AE-SAM agus na hEilvéise-SAM
Mar a dtugtar cur síos air inár ndeimhniú Creata Príobháideachais Sonraí, cloímid leis na Creataí Príobháideachais Sonraí (DPF) AE-SAM agus Eilvéiseacha-SAM agus le Síneadh RA do DPF AE-SAM (UK Extension to the EU-U.S. DPF) a leag Roinn Tráchtála SAM amach maidir le bailiú, úsáid agus coinneáil faisnéis phearsanta ó LEE, ón Eilvéis agus ó RA, faoi seach. Tá sé deimhnithe ag Google LLC (agus ag a fhochuideachtaí faoi lánúinéireacht in SAM ach amháin má fhágtar ar lár iad go soiléir) go gcloíonn sé le Prionsabail na DPF. Tá Google freagrach fós as aon chuid de d'fhaisnéis phearsanta a chomhroinntear faoin bPrionsabal i dTaca le Sonraí a Aistriú ar Aghaidh go tríú páirtithe ar mhaithe le próiseáil sheachtrach ar ár son, mar a dtugtar cur síos air sa rannán "D'fhaisnéis a chomhroinnt" dár bPolasaí Príobháideachais. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na DPF agus chun deimhniúchán Google a fheiceáil, tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin DPF.
Má tá fiosrúchán agat maidir lenár gcleachtais phríobháideachais i dtaca lenár ndeimhniúchán DPF, molaimid duit teagmháil a dhéanamh linn. Tá Google faoi réir ag na cumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe atá ag Coimisiún Trádála Cónaidhme SAM (US Federal Trade Commission). Is féidir leat gearán a chur ar aghaidh chuig d'údarás áitiúil cosanta sonraí agus oibreoimid leo chun d'imní a réiteach. I gcásanna áirithe, soláthraíonn an DPF an ceart chun eadráin cheangailteach a ghairm chun gearáin a réiteach nach réiteofaí ar aon mhodh eile, mar a mhínítear in Aguisín I le Prionsabail an DPF.
Clásail chonarthacha chaighdeánacha
Is éard is clásail chonarthacha chaighdeánacha (SCCanna) ann ná gealltanais i scríbhinn idir páirtithe ar féidir iad a úsáid mar fhoras le haghaidh aistrithe sonraí ó LEE chuig tríú tíortha trí choimircí iomchuí cosanta sonraí a sholáthar. Tá na SCCanna faofa ag an gCoimisiún Eorpach agus ní féidir leis na páirtithe a bhíonn á n-úsáid iad a mhodhnú. (Is féidir leat na SCCanna a glacadh ag an Coimisiún Eorpach a fheiceáil anseo, anseo agus anseo.) Ceadaíodh clásail den sórt sin freisin chun sonraí a aistriú chuig tíortha lasmuigh den Ríocht Aontaithe agus den Eilvéis. Táimid ag brath ar SCCanna le haghaidh ár n-aistrithe sonraí nuair is gá agus i gcásanna nach gcumhdaítear na haistrithe sin le cinneadh leordhóthanachta. Más mian leat cóip de na SCCanna a fháil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn.
Is féidir le Google SCCanna a ionchorprú freisin i gconarthaí le custaiméirí a sheirbhísí gnó, lena n-áirítear Google Workspace, Google Cloud Platform, Google Ads agus fógraí eile agus táirgí tomhas eile. Faigh tuilleadh faisnéise ag privacy.google.com/businesses.