Cén chaoi a gcosnaíonn Google mo phríobháideachas agus a gcoinníonn sé mo chuid faisnéise slán?

Tuigimid go bhfuil slándáil agus príobháideachas tábhachtach duit – agus tá siad tábhachtach dúinne chomh maith. Is tosaíocht dúinne é slándáil láidir a sholáthar agus cinnteacht a thabhairt duit go bhfuil d'fhaisnéis sábháilte agus inrochtana nuair atá gá agat léi.

Bímid ag obair i gcónaí chun slándáil láidir a chinntiú, chun do phríobháideachas a chosaint agus chun Google a dhéanamh níos éifeachtaí agus éifeachtúla duitse. Caithimid na céadta milliún dollar gach bliain ar shlándáil agus fostaímid saineolaithe atá aitheanta ar fud an domhain sa tslándáil sonraí chun d'fhaisnéis a choinneáil slán. Thógamar uirlisí slándála agus príobháideachais atá éasca a úsáid chomh maith leis sin amhail Google Dashboard, Fíorú 2 Chéim agus socruithe fógraí oiriúnaithe atá ar fáil i Mo Lárionad Fógraí. Mar sin de, agus an fhaisnéis a chomhroinneann tú ar Google i gceist, is tusa atá i gceannas.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi shábháilteacht agus slándáil ar líne, lena n-áirítear conas tú féin agus do theaghlach a chosaint ar líne, ag Google Safety Center.

Tuilleadh faisnéise faoin gcaoi a gcoinnímid d'fhaisnéis phearsanta príobháideach agus sábháilte – agus an chaoi a gcuirimid thú i gceannas.

Cén fáth a mbaineann mo chuntas le reiligiún éigin?

Ceanglaítear do chuntas le réigiún (nó críoch) sna Téarmaí Seirbhíse ionas gur féidir linn roinnt rudaí a chinneadh:

  1. An cleamhnaí a chuireann na seirbhísí ar fáil, a phróiseálann d'fhaisnéis agus atá freagrach as na dlíthe príobháideachais is infheidhme a chomhlíonadh. Go ginearálta, tairgeann Google seirbhísí dá thomhaltóirí trí cheachtar de dhá chuideachta:
    1. Google Ireland Limited, má tá tú lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (tíortha an AE mar aon leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) nó san Eilvéis
    2. Google LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, don chuid eile den domhan
  2. An leagan de na téarmaí a rialaíonn ár gcaidreamh; is féidir leis a bheith éagsúil ag brath ar dhlíthe áitiúla
  3. Cur i bhfeidhm na saincheanglas réigiúnach do sheirbhísí Google san áit a bhfuil cónaí ort

An réigiún a bhaineann le do chuntas a chinneadh

Nuair a chruthaíonn tú cuntas nua, ceanglaímid do chuntas le réigiún bunaithe ar an áit ar chruthaigh tú do Chuntas Google. Do chuntais atá bliain d'aois ar a laghad, úsáidimid an ceantar óna bhfaigheann tú rochtain ar sheirbhísí Google de ghnáth — den chuid is mó, an áit ar chaith tú formhór do chuid ama le bliain anuas.

De ghnáth ní bhíonn tionchar ag taisteal a dhéantar go minic ar an réigiún a bhaineann le do chuntas. Má bhogann tú go réigiún nua, d'fhéadfadh sé go mbeidh thart ar bhliain ann sula nuashonrófar an réigiún lena mbainfear thú.

Mura bhfuil an réigiún atá ceangailte le do chuntas ag teacht le chéile le do réigiún cónaithe, b'fhéidir go bhfuil difríocht idir do réigiún oibre agus cónaithe, go bhfuil Líonra Príobháideach Fíorúil (VPN) suiteáilte agat chun do sheoladh IP a cheilt, nó go bhfuil cónaí ort gar do theorainn chríochach. Mura n-aontaíonn tú leis an réigiún atá ceangailte le do chuntas, cuir isteach iarratas chun do réigiún a athrú.

Conas is féidir liom faisnéis fúm a bhaint de thorthaí cuardaigh Google?

Is léiriú iad torthaí cuardaigh Google ar an ábhar atá ar fáil go poiblí ar an nGréasán. Ní féidir le hinnill chuardaigh ábhar a bhaint go díreach de shuíomhanna gréasáin, mar sin ní bhainfí an t-ábhar den Ghréasán dá mbainfí torthaí cuardaigh de Google. Más mian leat rud éigin a bhaint den Ghréasán, ba chóir duit dul i dteagmháil le stiúrthóir gréasáin an tsuímh ar a bhfuil an t-ábhar postáilte agus iarraidh air nó uirthi athrú a dhéanamh. Nuair a bheidh an t-ábhar bainte agus Google tar éis an nuashonrú a thabhairt faoi deara, ní bheidh an fhaisnéis le feiceáil i dtorthaí cuardaigh Google a thuilleadh. Má tá iarratas bainte práinneach agat, is féidir leat cuairt a thabhairt ar ár leathanach cabhrach chomh maith chun tuilleadh faisnéise a fháil.

An seoltar mo théarmaí cuardaigh chuig suíomhanna gréasáin nuair a chliceálaim ar thorthaí Cuardaigh Google?

De ghnáth, ní sheoltar. Nuair a chliceálann tú ar thoradh cuardaigh i gCuardach Google, seolann do bhrabhsálaí gréasáin faisnéis áirithe chuig an leathanach gréasáin cinn scríbe. D'fhéadfadh do théarmaí cuardaigh a bheith le feiceáil i seoladh Idirlín, nó URL, an leathanaigh torthaí cuardaigh, ach tá Cuardach Google ceaptha cosc a chur ar bhrabhsálaithe an URL sin a sheoladh chuig an leathanach cinn scríbe mar URL Tagróra. Soláthraímid sonraí faoi théarmaí cuardaigh trí Google Trends agus Google Search Console, ach nuair a sholáthraímid, déanaimid téarmaí a chomhiomlánú ionas nach gcomhroinnimid ach ceisteanna arna n-eisiúint ag úsáideoirí iomadúla.

Osclaítear i gcluaisín nua é(osclaítear fonóta)
Aipeanna Google
Príomh-roghchlár